Titfidh an sciar den lucht féachana atá ag TG4 go dtí thart ar 1% mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún as seo go ceann cúig bliana.
Deirtear i gcáipéis straitéise nua de chuid TG4 nár chóir “beag is fiú a dhéanamh de scála na ndúshlán atá le sárú” ag an stáisiún agus gurb é seo “tráth na cinniúna” dó.
De réir straitéis cúig bliana nua TG4, a seoladh inné, táthar ag súil leis an taoide a chasadh maidir leis an titim ar lucht féachana an stáisiúin, ach an maoiniú céanna a bheith ar fáil dóibh is a bhí roimh an ngéarchéim eacnamaíochta.
De réir na cáipéise nua is é “tráth na cinniúna’ é do TG4.
3.2% an meánsciar náisiúnta den lucht féachana a bhí ag TG4 in 2005, an bhliain is mó a raibh lucht féachana aige, ach 1.8% an meánsciar a bhí ag an stáisiún in 2017, rud a d’fhág ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn é.
De réir na straitéise nua, is é 2.2% an meánsciar den lucht féachana náisiúnta an sprioc atá ag lucht TG4 do 2022 agus súil acu a bheith ar an séú cainéal is mó lucht féachana sa tír faoin mbliain sin.
Tá ráite cheana ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont go bhfuil an baol ann go dtitfeadh TG4 isteach sa “digital jungle”, mar a thug sé ar na cainéil dhigiteacha ar fad a bhfuil sciar níos lú ná 1% den lucht féachana náisiúnta acu.
Níl sciar os cionn 1% den lucht féachana ach ag 10 gcainéal in Éirinn.
Chun stad a chur le síorthitim lucht féachana TG4, táthar ag iarraidh go méadófaí an maoiniú a fhaigheann an stáisiún ón státchiste ó €32.79 milliún go dtí €41.4 milliún faoi 2022.
Sa straitéis nua deirtear go bhfuil deis ag TG4 chun “ár mbeocht, ár dtionchar agus méid ár lucht féachana a athbhunú”.
Cuireann lucht an stáisiúin rompu sa straitéis nua “cláir níos tarraingtí agus níos siamsúla ar mian le daoine amharc orthu a chur ar fáil” agus an “treocht laghdaitheach” maidir lena lucht féachana “a chasadh thart”.
Deirtear chomh maith go bhfuil faoi TG4 cabhrú le cur chun cinn na Gaeilge agus áit a chinntiú don teanga i saol náisiúnta agus idirnáisiúnta na meán.
Tá sé i gceist chomh maith líon na bpost a mhaítear a dtacaíonn TG4 leo a mhéadú ó thart ar 770 post in 2017 go dtí 930 post in 2022.
Déanfar é seo, a deirtear, trína thuilleadh infheistíochta a dhéanamh san earnáil neamhspleách léiriúcháin, go háirithe i gceantair réigiúnacha.
Tá curtha rompu ag lucht an stáisiúin freisin ‘Tairseach Oideachais’ a bhunú mar acmhainn d’fhoghlaim na Gaeilge, Tairseach Nuachta agus Siamsaíochta a bhunú do phobal na Gaeilge agus Tairseach do Leanaí a fhorbairt chun “dearcadh dearfach a chothú i leith na Gaeilge”.
Ocht n-aidhm ar fad atá luaite i straitéis nua TG4 do na cúig bliana amach romhainn.
– lucht féachana a mhéadú trí ábhar níos fearr a sholáthar
– Tacú le forbairt na hearnála léiriúcháin
– deiseanna tráchtála TG4 a fhorbairt
– ‘Scileanna agus struchtúr’ TG4 a fhorbairt mar eagraíocht ‘iomaíoch bhríomhar’
– Bonneagar digiteach Gaeilge a chur ar fáil do sheirbhísí foghlama, faisnéise agus cultúir
– Forbairt a dhéanamh ar dháileadh ábhar TG4 ar ardáin éagsúla
– ‘Fónamh’ ar bhealach ‘níos fearr’ don lucht féachana Gaeilge agus tacú le pobal na Gaeilge
– Tacú leis an éagsúlacht chultúir i ‘sochaí athraitheach’ na hÉireann.
Beidh na spriocanna sin go léir ag brath ar a thuilleadh maoinithe a fháil don stáisiún, a deirtear.
“Mura bhfuil dóthain maoiniúcháin ann chun ár straitéis a chur i bhfeidhm, tiocfaidh laghdú go dtí figiúr atá gar do 1% – 1.2%, faoin mbliain 2022, ar sciar TG4 den lucht féachana náisiúnta.
“Bainfear go mór dár gcumas chun tacú leis an nGaeilge, chun lucht féachana a áirithiú amach anseo agus chun ábhar is díol spéise do dhaoine óga sa lucht féachana a chur ar fáil. “
Deirtear sa straitéis cúig bliana nua go ndearna an cúlú eacnamaíochta “damáiste mór” do TG4 agus do “gheilleagar cruthaitheach” na hÉireann.
“De bhreis air sin, tá domhandú agus iomaíocht tar éis tionchar mór a imirt ar mhargadh na meán in Éirinn. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de scála na ndúshlán atá le sárú ag TG4 anois. Mar chraoltóir teanga dúchasaí atá ag oibriú i margadh meán Béarla, bímid san iomaíocht le gníomhaithe náisiúnta agus domhanda i réimsí na meán agus na teicneolaíochta ar gníomhaithe iad a bhfuil buiséid mhóra acu chun ábhar a cheannach.”
Maítear gur fiú €2 do gheilleagar na hÉireann gach €1 a infheistítear i TG4.
Deirtear sa straitéis nua go bhfuil “difear mór” idir “caidreamh cainteoirí laethúla Gaeilge” le TG4 agus an caidreamh atá ag daoine nach labhraíonn Gaeilge gach lá leis an stáisiún.
“Cé go measann cainteoirí laethúla Gaeilge go bhfuil an Ghaeilge ina cuid dá bhféiniúlacht chultúir, tá freagracht ar TG4 an Ghaeilge a chur os comhair shaoránaigh uile na hÉireann ar bhealach bunúil, tarraingteach, siamsúil.”
Idir an dá linn, chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an allúntas breise €985,000 a d’fhógair an tAire Stáit Seán Kyne inné don stáisiún. Dúradh gur cuireadh an maoiniú breise sin ar fáil “le haghaidh tionscadail faoi leith a bhaineann le Bliain na Gaeilge agus tograí áirithe eile”.
Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 go rabhthas “thar a bheith buíoch” as an maoiniú breise.
Dúirt sé gur “tráth cinniúnach” é seo do TG4 agus “dúshláin mhóra” roimhe mar chraoltóir mionteanga atá in iomaíocht le mórmheáin chumarsáide an Bhéarla a bhfuil buiséid ollmhóra acu.
Dúirt Esslemont go bhfágfadh straitéis cúig bliana nua TG4 bonn níos daingne faoi phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann.
Dúirt sé gurbh fhiú go mór an infheistíocht bhreise atá á héileamh a dhéanamh i TG4.
“Agus sinn ag féachaint le leibhéal na gcistí a thabhairt ar ais mar a bhíodh roimh an gcúlú eacnamaíochta, tá na riachtanais chistíochta íseal i gcomparáid leis an toradh atáthar ag iarraidh a thabhairt i gcrích. Ardú 5% ar an meán in aghaidh na bliana ar an gcistíocht reatha a bheadh i gceist go ceann cúig bliana chomh maith le hardú beag ar chistí caipitil,” a dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.
Mártan Ó Náraigh
Clár ráiméiseach ag TG4. Little House on the Prairie, Weakest Link, France 24 agus eile. Ní gá an stáisiún. Cur amú airgid gan tairbhe ar bith don Ghaeilge.
Brian Ó Broin
Cad air a raibh daoine ag breathnú i 2005 nach bhfuil ar TG4 anois?
Cá bhfuil an lucht féachana sin imithe? Muna bhfuil siad ag déanamh créafóige anois?
Arbh fhéidir “pobal na Gaeilge” a nascadh níb’ fhearr leis na meáin Ghaeilge? Déanaim iontas dena laghad suime atá ag pobal na Gaeilge i TG4, RnaG, RnaL agus Raidió Fáilte, gan trácht ar na meáin léite.
Fidelma
Measaimse gur TG4 is fearr a fhreastalaíonn orm mar Éireannach beag beann ar chúrsaí teanga. Ní chuirim am amú le stáisiúin RTÉ.