Tomás Ó Sé, na ‘hurling snobs’ agus fadhbanna na peile

Níl forbairt déanta ar scileanna na liathróide móire mar atá ar chluiche an tsliotair agus is ar éigean atá aon scileanna nua tagtha isteach sa pheil mar atá san iománaíocht

Tomás Ó Sé, na ‘hurling snobs’ agus fadhbanna na peile

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Cúpla seachtain ó shin tharraing Tomás Ó Sé anuas nath cainte nach raibh cloiste agam le tamall, ach atá feicthe agam níos minice ná aon uair amháin ó shin. Agus é ag cur síos ar an raic a tharraing bainisteoir peile Chill Dara Cian O’Neill a dhiúltaigh a fhoireann a bhogadh as an Droichead Nua ar ordú ó Choiste Socruithe na gCluichí a bhí sé.

Ba í an teoiric a bhí ag Tomás go mb’fhéidir gur eachtra dá leithéid a theastaigh ag an am le beagán beochta, fuinnimh agus teasa a chur faoi Chraobhchomórtas Sinsearach Peile na hÉireann a bhí ag an tráth sin ag drannadh leis na ‘Super 8s’.

‘All I seem to be hearing is hurling snobs rattling on about God’s game,’  a deir fear Ard an Bhóthair agus é ag guí go dtiocfadh an cluiche a chleacht sé féin slán as an tuile dea-iománaíochta a bhí feicthe le sé seachtaine roimhe i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean. 

Ní gan chúis a bhí imní air.  Ar comhscór a chríochnaigh trí cinn de na cluichí iomána a bhí imeartha i gCúige Mumhan go dtí sin agus gan dhá bhuille den sliotar idir na foirne nuair a chríochnaigh ceithre cinn eile acu. Bhí Tiobraid Árann as an iomaíocht faoin 10 Meitheamh agus Luimneach agus an Clár suite fúthu ag tábla na brídeoige arís.

Ní baileach go raibh Cúige Laighean chomh spleodrach céanna, cé go mba chúilín amháin nó dhó a bhí idir na foirne i gceithre cinn de na 10 gcluiche.

Cúpla lá tar sular scríobh Tomás Ó Sé na focail údaí ba ar comhscór a chríochnaigh Cluiche Ceannais Laighean agus bhí a leathbhádóir i gCúige Mumhan ar cheann de na cinn is fearr a facthas  ansiúd – seans ag Corcaigh agus an Clár an chraobh a bhreith leo gur tháinig séideadh na feadóige.

Ba dheacair ag craobhacha peile cúige a dhul i gcomórtas leo siúd, ní áirím babhtaí de na comórtais cháilithe nach gcroitheann iad féin nó go dtagtar i bhfoisceacht cluiche nó dhó den deireadh.

Ní as féin a bhí Tomás. Ní taobh le huair amháin a chuala mé ráite é agus mé ar mo bhealach amach as an scoth de chluiche fuinseoige gur dheacair spéis a chur sa bpeil choise ina dhiaidh.

’Sí lomchlár na fírinne go mbíonn sé deacair i gcónaí ag an bpeil dúshlán na hiománaíochta a thabhairt mar thaispeántas – de réir a nádúir ní bheidh an imirt chomh scafánta céanna, ní thiocfaidh na scóranna chomh minic,  ná as ionaid a bhíonn chomh fada amach ó na postaí.

Ach is fíor freisin nach bhfuil forbairt déanta ar scileanna na liathróide móire mar atá ar chluiche an tsliotair agus gur ar éigean atá aon scileanna nua tagtha isteach ann mar atá san iománaíocht.

Sa dara clár den tsraith iontach teilifíse sin The Game atá á craoladh ag RTÉ faoi láthair díríodh an tseachtain seo ar laochra iománaíochta  ó na 1940idí go dtí na 1980idí – Ring, Mackey, Keher, John agus Jimmy Doyle, Jimmy Barry Murphy agus a leithéidí.

Ach mheasfainn go gcuirfeadh cuid de na scileanna atá tagtha isteach san imirt ó shin fiú ionadh orthu siúd – an pas den talamh buailte faoi lán nirt isteach i nglac  céile comhraic nach bhfuil 20 méadar ó bhaile; an ghabháil san aer; an poc amach, na cúilíní a scóráiltear go rialta ó bhuillí taobhlíne agus ó áiteanna amach faoin bpáirc atá idir 70 – 90 méadar ón sprioc.

Tagann sé rite liom liosta fada scileanna nua a chur le chéile don pheil cé is moite den chaoi a bhfuil tionchar ag an gcic amach ar an imirt anois nach raibh amhlaidh cheana. Gan dabht tá na himreoirí sa dá chluiche i bhfad, i bhfad níos aclaí ná a bhíodh a leithéidí sa tréimhse ar a bhfuil The Game dírithe ach, ó thaobh forbairt scileanna tá an pheil tite chun deiridh.

Fós, nuair a chuaigh mé ar thóir figiúirí a chuirfeadh le mo leagan amach is amhlaidh a baineadh siar asam agus mé ag féachaint ar thorthaí na gCraobhacha Cúige in 2001, nuair a bhí an imirt i bhfad níos oscailte, agus á gcur i gcomparáid le torthaí na bliana 2018 (idir lúibíní).

2001 Connachta  : 16-122 (11-185). 2001 Mumhain : 13-122 (7-155). 2001 Ulaidh: 14-180 (14-234). 2001 Laighin : 14-259 (23-310).

Ainneoin an diúltachais atá á chur i leith pheil an Tuaiscirt feicfidh tú as sin gur scóráladh oiread céanna cúl sa gCúige i gCraobh na bliana seo agus a scóráladh in 2001 agus os cionn 50 cúilín breise. Go fiú má bhaineann tú iomlán Átha Cliath i mbliana as scór na gcontaetha eile i gCúige Laighean ba mhó scóranna a facthas inti ná in 2001 agus is beag is fiú a bhfuil d’athrú i gConnachta ná i gCúige Mumhan.

Thabharfadh sin le fios nach easpa scórála is cúis leis an imní atá orthu siúd a cheapann an snas a bheith ag imeacht a bheag nó a mhór de chluiche na peile agus cruthaíonn gur ar a dtarlaíonn roimh an scór ba chóir a bheith ag díriú.

Tagann íomhá de Thomás Ó Sé chun cuimhne, é ag pramsáil suas faoin bpáirc agus é dírithe ar chúilín a scóráil. Bhainfeadh na ‘snobs’ oiread céanna sásaimh as sin agus a bhaineann siad as torann na fuinseoige.

PS. Ní raibh cath an Droichid Nua ach fógartha nuair a d’airigh mé fear géarchúiseach ag rá i dteach an óil gur chuala sé ar an raidió go raibh litir tagtha ón Vatacáin an mhaidin sin ag cur in iúl gurbh é an polasaí céanna a bhí anois  ag an bPápa – ‘Newbridge or Nowhere’!

Fág freagra ar 'Tomás Ó Sé, na ‘hurling snobs’ agus fadhbanna na peile'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá sé ráite riamh gur Ciarraí an áit “where caid is God”!

  • Carraig

    Ní athruithe chun feabhais ar fad iad san iomáint; an díocas amaideach atá ann i gcónaí an sliotar a thabhairt chun láimhe de shíor, fiú ar imeall na cearnóige bige, nuair a dhéanfadh aon tarraingt mharfach amháin an gnó. Imíonn deiseanna ar chúil amú go minic mar gheall ar an níochán intinne seo sa traenáil: ‘A’ an sliotar a thabhairt chuig ‘B’ agus eisean chuig ‘C’ (taicticí) nuair ab fhusa do ‘A’ í a thabhairt (de láimh de ghnáth) chuig ‘C’ an chéad lá. Nó, Dia ár sábháil, í a bhualadh chuig ‘D’ féin féin atá istigh sa chearnóg as féin agus seans glórmhar aige ar chúl… Meon agus múnla an tsacair/na peile faoi deara sin. Cá bhfuil an atarraingt san aer imithe? An mó cúl iontach a cuireadh anallód a bhuíochas don scil shuaithní éachtach sin? An chlibirt atá ina smál lofa ar chluiche an lae inniu ní cheadófaí a leithéid roimhe seo; tharraingeofaí slais (dlisteanach) ar an sliotar a chuirfeadh scaipeadh na mionéan ar gach n-aon. Fág an bealach! Rud eile dhe; Is sliotar eile ar fad atá ann inniu (déanta sa tSín) rud a fhágann gur fusa scór a aimsiú ón mbuille sleasa etc. Ní thráchtaim ar an lupadaíl lapadáil eile sin Thomáis Uí Shé.