Toghchán Údarás na Gaeltachta socraithe do shamhradh 2024

Tá sé deimhnithe ag Aire na Gaeltachta go bhfuil sé mar sprioc ag an Rialtas toghchán an Údaráis a reáchtáil an lá céanna le toghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana seo chugainn

Toghchán Údarás na Gaeltachta socraithe do shamhradh 2024

Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go bhfuil sé i gceist toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta a reáchtáil an lá céanna le toghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana seo chugainn.

Tá sé beartaithe na toghcháin do na comhairlí áitiúla agus do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil mí Bealtaine 2024 agus deir an tAire Turasóireachta; Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go bhfuil sé i gceist toghchán an Údaráis a reáchtáil an lá céanna, chomh fada is go mbíonn an reachtaíocht atá ag teastáil d’fhilleadh an toghcháin i bhfeidhm.

Cuireadh deireadh le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

D’fhógair an t-iarAire Stáit Gaeltachta, Jack Chambers, mí na Nollag seo caite go raibh sé beartaithe go mbeadh an reachtaíocht chuí achtaithe chun an toghchán a thabhairt ar ais roimh dheireadh 2025. Ach tá sé deimhnithe anois ag an Aire Martin gurb í sprioc an Rialtais ná go mbeadh an reachtaíocht réidh chun an toghchán a reáchtáil roimh lár an tsamhraidh 2024.

Níl sé deimhnithe go fóill cén uair a bheidh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha á reáchtáil ach meastar gur mí na Bealtaine a bheidh i gceist. Caithfear an toghchán do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil thar thréimhse ceithre lá idir an 7 Aibreán agus an 10 Iúil.

I bhfreagra ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire Catherine Martin “go reáchtálfaí toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta go comhuaineach le toghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana 2024” ach “an reachtaíocht chuí a bheith achtaithe”.

Tá tús á chur an tseachtain seo chugainn ag Coiste Oireachtais na Gaeilge leis an scrúdú réamhreachtaíochta atá le déanamh ar an mBille do thoghchán an Údaráis. Dúirt Aengus Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar an gcoiste sin, cheana go bhfuil sé mar sprioc aigesean go mbeadh an reachtaíocht rite roimh dheireadh na bliana.

Meastar go gcosnóidh an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta thart ar €600,000 ar fad.

Bord 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Tá deimhnithe ag Aire na Gaeltachta go mbeidh an liúntas céanna á fháil ag na baill tofa agus na baill roghnaithe.

Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Caithfidh Gaeilge ar a thoil/ar a toil a bheith ag gach comhalta boird agus beidh ar gach iarrthóir toghcháin caighdeán B2 ar a laghad a bheith acu sa Ghaeilge sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha.

Aire na Gaeltachta a roghnóidh Cathaoirleach an Bhoird. Roimhe seo, baill roghnaithe a cheaptaí mar Chathaoirleach ach beidh baill tofa anois in ann a bheith sa ról sin.

Ní bheidh cead ag aon duine atá ina chomhairleoir contae, Teachta Dála, Seanadóir nó Feisire Eorpach a bheith ina bhall den Bhord.

Nuair a ceapadh Bord reatha an Údaráis ag tús na bliana seo, dúradh gur tréimhse nach faide ná dhá bhliain a mhairfidh téarma na gcomhaltaí de thoradh filleadh na dtoghchán.

Tá cúig cinn d’fholúntas ar an mBord reatha fós le líonadh ach bhain éiginnteacht agus neamhréir leis an bpróiseas chun na baill a cheapadh.

Fág freagra ar 'Toghchán Údarás na Gaeltachta socraithe do shamhradh 2024'