Toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá buaite ag Joe Biden

Agus Donald Trump fós ag maíomh calaoise agus ag insint bréaga faoi bhailíocht an toghcháin, tá iarrthóir na nDaonlathach roghnaithe ag muintir Mheiriceá mar a 46ú Uachtarán

Toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá buaite ag Joe Biden

Tá toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá buaite ag Joe Biden.

Cé go bhfuil Donald Trump fós ag maíomh calaoise agus ag insint bréaga faoi bhailíocht an toghcháin, is é iarrthóir na nDaonlathach atá roghnaithe ag muintir Mheiriceá mar a 46ú Uachtarán.

Bua in Pennsylvania, mar a mbíonn 20 vóta coláiste toghcháin ar fáil, a chinntigh go raibh an 270 vóta ag Biden a theastaíonn chun an uachtaránacht a bhuachan.

Agus an comhaireamh ag dul ar aghaidh go mall, bhí Joe Biden ag bogadh chun cinn in Georgia agus Pennsylvania agus is nuair a fógraíodh go raibh an beart déanta in Pennsylvania aige a fógraíodh an bua dó.

Fágann bua Biden go bhfuil bean, Kamala Harris, tofa ina leasuachtarán den chéad uair riamh i Meiriceá agus chomh maith leis sin tá Harris ar an gcéad duine den chine dubh a bhain an oifig sin amach.

Is é Biden an chéad iarrthóir ar éirigh leis an bua a fháil ar Uachtarán le breis is 28 bliain, bua a fhágann gurb é Trump an chéad uachtarán nár éirigh leis an dara téarma a bhaint amach ó fuair Bill Clinton an ceann is fearr ar George H. W. Bush i 1992.

Tráth a bhfuil Donald Trump fós ag maíomh gur bhuaigh sé an toghchán agus gur sciobadh uaidh an uachtaránacht, dhírigh Biden ar an athmhuintearas ina chéad óráid mar uachtarán tofa.

“Agus an feachtas thart, tá sé in am an fhearg agus an reitric gharbh a chur taobh thiar dínn agus teacht le chéile mar náisiún,” arsa Biden.

Dúirt sé go mbeadh sé ina Uachtarán don uile dhuine, is cuma cé acu ar vótáil siad ar a shon nó nár dhein.

Dúirt Kamala Harris go raibh cuid mhór le déanamh aici féin agus an tUachtarán nua.

Tá Joe Biden i gceartlár shaol na polaitíochta i Meiriceá le leathchéad bliain. Bhí ina sheanadóir agus ina leasuachtarán agus tá buaic an Tí Bháin bainte amach aige ar a thríú hiarracht ar an bpost.

Tá iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh, atá 77 bliain d’aois, ar an Uachtarán is sine riamh a toghadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Thug Biden iarracht ar ainmniúchán a pháirtí cheana i 1988 agus in 2008.

D’éirigh sé as an rás i 1988 nuair a cuireadh ina leith go ndearna sé bradaíl ar línte as óráid a thug Neil Kinnock, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine. Ba bheag tacaíocht a fuair sé i bhfeachtas 2008 agus tharraing sé as an rás go luath.

Roghnaíodh ina dhiaidh sin é mar chomhiarrthóir leis an Uachtarán Obama.

‘Laoch sona Mheiriceá’ a thug Obama air.

De bhunadh na hÉireann é Biden ó thaobh a athar is a mháthar.

As contae Lú a d’fhág a shin-seanathair in 1850 agus ba é Joe Biden an chéad Chaitliceach a bhí ina Leas-Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Thug sé cuairt ar a  dhaoine muinteartha i mBéal an Átha i gcontae Mhaigh Eo in 2016.

Is iad na buanna is mó atá aige ó thaobh na polaitíochta go bhfuil cúlra lucht oibre nó ‘bóna gorm’ aige, go bhfuil taithí aige ar ghnóthaí eachtracha agus gur údar spéise do dhaoine scéal a bheatha.

D’fhág an tubaiste lorg trom air – an chéad bhean a bhí pósta aige, maraíodh í féin agus a n-iníon i dtimpiste bhóthair agus mharaigh an ailse mac leis.

Sa mbliain 1972, chuaigh a bhean Nellia agus a dtriúr páistí amach ag déanamh siopadóireacht na Nollag. Maraíodh a bhean agus Naomi, cailín beag bliain d’aois sa timpiste. Gortaíodh an bheirt mhac sa timpiste sin agus ar Joe a bhí a gcúram feasta.

Chas Joe Biden agus Jill Jacobs ar a chéile cúpla bliain ina dhiaidh sin agus phós siad i 1977.

Ní raibh a mhac Beau ach 46 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé de bharr ailse inchinne. Bhí Beau gníomhach i gcúrsaí polaitíochta chomh maith.

An 20 Samhain 1943 a rugadh Joseph Robinette Biden Jnr i mbaile mór Scranton in Pennsylvania, atá suite i gceantar lucht oibre i gcrios na meirge. Dream a bhí bródúil as a ndúchas Gaelach Caitliceach a bhí ina mhuintir a raibh ceathrar clainne orthu agus ba é Joe an té ba shine.

D’aistrigh a mhuintir go Delaware nuair a bhí Joe 10 mbliana d’aois agus ba ansin a thug Biden faoin bpolaitíocht.

Díoltóir carranna a bhí ina athair ach bhí cúrsaí sa tionscal sin go dona sna 1950idí agus bhog an teaghlach go Delaware.

Is minic a luann Biden an cúlra lucht oibre sin agus é ag maíomh as a dháimh le gnáthmhuintir Mheiriceá agus is cinnte gur chabhraigh an lucht oibre leis an Teach Bán a bhaint amach, go háirithe i stáit amhail Michigan, Wisconsin agus Pennsylvania.

An duine mar chách sin a bhíonn neamhbhalbh ina chuid cainte scaití agus a sciorrann a chuid focal air scaití eile a mheallann daoine áirithe.

Agus é ag caint ar a óige, luann sé comhairle a athar “Deireadh m’athair i gcónaí, ‘Champ, nuair a leagtar thú, seas ar do chosa arís’.”

In Ollscoil Delaware agus in Ollscoil Syracuse a rinne Biden staidéar ar an dlí agus is minic leis a bheith ag déanamh mórtais nár fhreastail sé féin ar aon ollscoil Ivy League.

Bhí an-drochstad ina chuid cainte agus é ina bhuachaill óg, fadhb a thuill an leasainm ‘Dash’ dó.

Deir Biden gurb é an chaoi a bhfuair sé an ceann is fearr ar an stad sin filíocht WB Yeats a aithris os comhair scátháin agus deir sé go gcuireann sé comhairle ar dhaoine óga a bhfuil an fhadhb chéanna acu.

Toghadh go dtí an Seanad Biden i 1972 do Delaware agus gan é ach 29 bliain d’aois. Bhí sé ina Sheanadóir ansin go ceann 36 bliain nuair a rinneadh Leas-Uachtarán de le Obama ó 2009 go dtí 2017.

Agus é ag caitheamh a hata sa bhfeachtas Uachtaránachta seo bliain go leith ó shin, thug sé faoi Trump:

“Táimid ag troid ar son anam an náisiúin seo, agus má atoghtar Trump athrófar nádúr an náisiúin – cé muid fhéin – go bunúsach agus go deo agus ní fhéadfaidh mise seasamh i leataobh ag breathnú air sin ag tarlú.”

An seanadóir as California Kamala Harris a roghnaigh Biden le seasamh ar an ticéad ina theannta. De shliocht imirceach í Harris freisin. As Iamáice a tháinig a hathair agus as an India a tháinig a máthair.

Is í Kamala Harris an chéad bhean den chine dubh agus an chéad duine de bhunadh na hÁise a bhí ina hiarrthóir ag ceann de na príomhpháirtithe sna Stáit Aontaithe.

Níl Harris ach 56 bliain d’aois, breis is scór bliain níos óige ná an t-uachtarán tofa.

Fág freagra ar 'Toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá buaite ag Joe Biden'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá beirt í gCeannais anois, atá go mhór ar son an Ghinmhilleadh.
    Go Bhfóire DIA ar an Ghin san Bhroinne.
    Tá deiridh an domhan búailte linn.

  • An Buachaill Mór

    Fan go fóillín. Níl Biden ainmnithe go hoifigiúil ag an gColáiste Tochánaíochta.
    Ba chóir an sonra sin a beith luaite san alt.
    Agus cá bhfios nach mbeidh casadh nó dhó eile sa sceál roimh dheireadh?