TOGHCHÁN 2020: McAuliffe chun Rock a leagadh i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: McAuliffe chun Rock a leagadh i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Na ceantair seo i dTuaisceart na Cathrach – Fionnghlas, Baile Munna, Fionnbhrú agus an ceantar i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Róisín Shortall (DS), Noel Rock (FG), Dessie Ellis (SF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 12.8 23
Fine Gael 12.5 8
Lucht Oibre 7.4 8
Sinn Féin 27 20
Glas 2.5 4
Nspl Chlé 32.4 21
Eile 5.3 16

Anailís: Is féidir glacadh leis go dtoghfar Dessie Ellis (SF) agus Róisín Shortall (SD) agus go mbeidh siad ag filleadh ar an 33ú Dáil ach níl an scéal ag breathnú go maith do Noel Rock (FG) Teachta Dála de chuid Fhine Gael sa 32ú Dáil. Seans maith go mbeidh Dessie Ellis ar bharr an chomhairimh agus vótaí le spáráil aige ach nuair nach bhfuil an dara hiarrthóir ag Sinn Féin sa toghchán seo, beidh sciar maith acu le fáil ag Conor Reddy (PBP). An mbeidh a dhóthain ann len é a choinneáil sa rás, an cheist. Beidh cuid mhaith aistriúcháin ag dul go dtí Róisín Shortall (SD), má theastaíonn siad uaithi agus b’fhéidir go dteastóidh len í a thabhairt slán.

Beidh troid mhaith le haghaidh an tríú suíochán idir an Comhairleoir Caroline Conroy (CG), an Comhairleoir Paul McAuliffe (FF) agus an Teachta Dála Noel Rock (FG).

Bhí 2,750 vóta ag John Lyons a sheas do Pháirtí an Lucht Oibre in 2016, ach níl sé ina iarrthóir an uair seo agus tá Andrew Montague (LO) ina áit . Nuair nár éirigh le Montague (LO) a shuíochán a choinneáil ar an gComhairle Cathrach sa Bhealtaine seo caite, níl mórán seans aige suíochán Dála a fháil.

Seo an dáilcheantar ina mbíodh Pat Carey (FF) ina Theachta Dála nó gur chaill sé a shuíochán in 2011 agus tá aiséirí áirithe déanta ag Fianna Fáil ann ó shin, rud a bhí le feiceáil sna toghcháin áitiúla nuair a fuair iarrthóirí ó Fhianna Fáil thart ar 23% den vóta. Seans nach ndearna sé aon dochar dá n-iarrthóir Paul McAuliffe (FF), gur ionsaigh Leo Varadkar é ag tús an fheachtais nuair a rinne an Taoiseach iarracht bhacach cuid den mhilleán a chur air mar mhéara faoin eachtra inar gortaíodh fear gan dídean ar thaobh na canála nuair a crochadh chun bealaigh an puball a raibh sé istigh ann.

Beidh vótaí aistrithe le fáil ag Noel Rock (FG) ó Andrew Montague (LO) ach drochsheans go mbeidh a dhóthain aige le dul chun cinn ar McAuliffe (FF).

Iarrthóir eile a d’fhéadfadh aistriúchán réasúnta maith a fháil ó fharasbarr Dessie Ellis (SF), is ea Conor Reddy (PsB) ach ní bheidh a dhóthain vótaí céadrogha aige le go ndéanfaidh siad mórán maitheasa dhó agus ní bheidh sé san iomaíocht ag an deireadh. Ag glacadh leis go mbeidh Róisín Shortall (SD) agus Dessie Ellis (SF) tofa faoin am a gcuirfear as an áireamh Reddy (PsB), ba cheart go mbeadh níos mó de bhuntáiste le fáil ag McAuliffe (FF) ná ag Rock (FG) as a vótaí aistrithe, cé go mbeidh go leor dá chuid vótaí nach n-aistreofar chuig duine ar bith.

Ní féidir an Comhairleoir Caroline Conroy (CG) a chur as an áireamh, cé nach dáilcheantar é seo a mbeadh súil ag na Glasaigh suíochán a fháil ann. Toghadh í do cheantar Bhaile Munna-Fionnghlas ar Chomhairle Cathrach Átha Cliath anuraidh le 985 vóta. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht don suíochán deireanach dá mbeadh sí chun cinn ar Noel Rock (FG). Ach is mó seans nach mbeidh agus go dtógfaidh Fianna Fáil an suíochán ó Fhine Gael.

Ag seasamh chomh maith tá na hiarrthóirí neamhspleácha Ian Croft (NS) agus Niall Fitzgerald (NS) agus Stephen Redmond don Pháirtí Náisiúnach.

Tuar: Róisín Shortall (DS), Dessie Ellis (SF) agus Paul McAuliffe (FF)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: McAuliffe chun Rock a leagadh i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh'

  • Fiachra Ó Laocha

    Ní hé an t-iar TD John Lyons an fear chéanna is atá mar bhall den Chomhairle i mBAC fé láthair.Ní dóigh liom go bhfuil Baile Bhlainséir sa dáilcheantair seo.Agus níor chóir go mbeadh aon figiúirí faoi fothoghchán san alt seo ós rud é nach raibh ceann ar siúl anseo ach i bhFionngall.Beif bua

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      A Fhiachra, a chara. Go raibh maith agat as san. Tá an t-alt leasuithe anois. Is amhlaidh gur chuireamar an tábla mícheart leis agus tá sin curtha ina cheart anois againn chomh maith.