Tochailt á déanamh i gCarna mar chuid de chuardach mná atá ar iarraidh ó 1985

Tá inneall tochailte agus gadhair tugtha ag na Gardaí go dtí an láthair agus Biúró Teicniúil an Gharda Síochána ag cabhrú leis an gcuardach

31/10/2012 Gardai on duty Outside Government Buildings. Pictured are Gardai outside Government Buildings and the Department of the Taoiseach on a rainy Wednesday. Garda are stationed outside the office every day. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland
Screen-Shot-2015-06-16-at-00.18.49
Bairbre Bhreathnach

Tá tailte Roisín na Mainiach i gCarna, Conamara, á gcuardach ag na Gardaí faoi láthair mar chuid de chuardach mná, Bairbre Bhreathnach, atá ar iarraidh ó 1985. Tá inneall tochailte agus gadhair tugtha leo acu chun cabhrú leo an cuardach a dhéanamh.

Tuairiscíodh go raibh Bairbre Bhreathnach ar iarraidh ar an 29 Meitheamh 1985. Ba ar an 22 Meitheamh 1985, áfach, a facthas go deireanach í, ag a ceathair a chlog ar maidin. 33 bliain d’aois a bhí sí ag an am.

Rinneadh athscrúdú ar a cás i mí Eanáir 2015 mar chuid d’athbhreithniú cásanna daoine atá ar iarraidh i gcontae na Gaillimhe. Tá Oifigeach Sinearach Imscrúdaithe ceaptha agus seomra teagmhas bunaithe ó shin.

Cuireadh beagnach trí scór duine faoi agallamh go dtí seo mar chuid den athbhreithniú agus gnéithe éagsúla dá cás á scrúdú ag na Gardaí.

Tá Biúró Teicniúil an Gharda Síochána ag cabhrú leis an gcuardach i Roisín na Mainiach agus tá iarrtha ag na Gardaí ar aon duine a mbeadh eolas aige faoin gcás glaoch ar Stáisiún na nGardaí ar an gClochán i gConamara ag 095 22500, nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ag 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Tochailt á déanamh i gCarna mar chuid de chuardach mná atá ar iarraidh ó 1985'