Fiosrúchán ar siúl in athuair i gConamara faoi bhean atá ar iarraidh le 30 bliain

Tá fiosrúchán tosaithe in athuair i gcás Bhairbre Bhreathnach a d’imigh gan tásc gan tuairisc i gCarna i gConamara cothrom an ama seo 30 bliain ó shin

31/10/2012 Gardai on duty Outside Government Buildings. Pictured are Gardai outside Government Buildings and the Department of the Taoiseach on a rainy Wednesday. Garda are stationed outside the office every day. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tríocha bliain ó shin a chonacthas Bairbre Bhreathnach den uair dheiridh ina teach cónaithe i gCarna i gConamara. Bhí clann óg uirthi féin agus a fear céile agus bhí cónaí orthu i mbaile Roisín na Mainiach thart ar cheithre chiliméadar ó Charna. Bhí cóisir sa teach acu i mí Meithimh na bliana 1985 ag a raibh cairde agus daoine muinteartha léi. De réir na dtuairiscí, lean an chóisir amach deireanach san oíche. Screen Shot 2015-06-16 at 00.18.49

Tá sé deimhnithe go raibh Bairbre Bhreathnach, a bhí 33 bliain d’aois ag an am, sa teach an oíche sin agus go raibh sí ag caint leis na daoine a tháinig isteach. Chuala na daoine a bhí i láthair ag an gcóisir nach bhfacthas ó oíche na cóisire í agus nach raibh tásc ná tuairisc uirthi ó shin. Cuireadh fios ar na Gardaí an 29 Meitheamh 1985, á rá leo go raibh Bairbre Bhreathnach, a bhí 33 bliain an t-am sin, ar iarraidh.

Níl fios an ndearnadh mórán cuardaigh sa cheantar nó cén bealach go díreach a ndeachaigh na Gardaí i mbun an fhiosrúcháin. Ba iad Gardaí Charna ba ghaire don áit agus ag stáisiún cheantar an Chlocháin agus ag an gceannfort ansin a bheadh an stiúradh.

Ní raibh aon toradh críochnúil ar an bhfiosrúchán sin tríocha bliain ó shin agus ní fhacthas Bairbre Bhreathnach riamh ina dhiaidh sin.

Tá muintir na háite agus na daoine sin a bhí ag an gcóisir sa teach i Meitheamh 1985 á gceistiú in athuair ag na Gardaí. Ní raibh Gardaí an Chlocháin sásta aon eolas breise a thabhairt ar an bhfiosrúchán nua seo nuair a labhair Tuairisc.ie leo agus ní fios an bhfuil aon fhianaise nua tagtha chun cinn ó shin.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur ardaíodh cás Bhairbre Bhreathnach ag cruinniú i mBaile Átha Cliath níos túisce i mbliana ag a raibh plé ar chásanna inar imigh daoine gan tásc ná tuairisc.

Dúradh le Tuairisc.ie gur ábhar “briseadh croí” do ghaolta Bhairbre Bhreathnach nach bhfuarthas eolas riamh fúithi in imeacht 30 bliain agus go bhfuil caint mórthimpeall cheantar Charna i gcónaí uirthi féin agus a cinniúint. “Níl a fhios ag daoine an beo nó marbh atá Bairbre agus ba mhór an sólás é do mo mhuintir agus do gach uile dhuine sa cheantar dá bhfaighfí eolas fúithi anois,” a dúirt duine nár mhaith leis go luafaí a ainm.

Ní fios cén fhad a mhairfidh fiosrúchán na nGardaí nó cé acu an dtabharfar nó nach dtabharfar isteach seirbhísí eile de chuid an Gharda Síochána.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar siúl in athuair i gConamara faoi bhean atá ar iarraidh le 30 bliain'