Níl léiriú níos fearr ná cogadh Trump sa mheánoirthear ar an gcaoi a bhfuil sé tar éis cumhacht agus tionchar idirnáisiúnta SAM a lagú. Ghlac breis agus 40 tír páirt sa chéad chogadh i gcoinne na hIaráice i 1990-1991. Le linn an dara cogadh i gcoinne na hIaráice in 2003 throid trúpaí ón Bhreatain, ón Astráil agus ón bPolainn in éineacht le fórsaí Mheiriceá agus thug na scórtha tíortha eile tacaíocht mhíleata nó lóistíochta.
Thacaigh trúpaí ó bhreis agus 40 tír leis na Meiriceánaigh san Afganastáin, na Danmhargaigh ina measc, cé gur beag maitheas a rinne sé dóibh nuair a chaith Trump a shúile craosacha ar an nGraonlainn. Agus anois? Fágaimis Iosrael as an áireamh mar ní ag freagairt glaoch Mheiriceá a bhí Iosrael, ach a mhalairt. Go bunúsach ní raibh éinne sásta Trump a leanúint isteach i gcaolas an bhaoil.
Dar ndóigh ní haon ionadh é seo tar éis do Trump, go dtí le déanaí, a bheith ag bagairt an lámh láidir a úsáid chun an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg, ball de NATO, nó tar éis dó tús a chur leis an gcogadh seo atá uafásach do gheilleagair na hEorpa gan dul i gcomhairle leis an Eoraip agus i gcoinne thoil na hEorpa, nó go bhfuil sé ag cur brú ar an Úcráin géilleadh don Rúis, nó gur thosaigh sé cogadh trádála leis an Eoraip, nó go mbíonn sé fhéin agus JD Vance ag síormhaslú na hEorpa agus ag bréagadóireacht fúithi.
Níor chabhraigh sé ach an oiread gur dócha go raibh an rud a bhí á éileamh ag Trump ar na hEorpaigh dodhéanta – Caolas Hormuz a athoscailt leis an lámh láidir. Thosaigh an Rúis an cogadh i gcoinne na hÚcráine amach leis an tríú cabhlach is mó ar domhan.
Thosaigh an Úcráin é le long chogaidh amháin a chuir siad go tóin poill ionas nach bhfaigheadh na Rúisigh greim uirthi. Ach féach gur scrios na hÚcránaigh 26 long Rúiseacha, le dróin mhara neamhchostasacha den chuid is mó, gur theith an chuid eile de chabhlach na Rúise agus go bhfuil siad tar éis fanacht amach as an gcogadh ó shin. Ní raibh cúis ar bith a cheapadh nach bhféadfadh na hIaránaigh an rud céanna a dhéanamh i gCaolas Hormuz.
Dar ndóigh seachas a aithint gurb é a iompar fhéin atá tar éis tionchar agus cumhacht pholaitiúil Mheiriceá a scriosadh, is é freagra Trump ar an gcailliúint cumhachta seo ná cos a chur i dtaca agus géarú ar an iompar a chruthaigh an fhadhb ar an gcéad dul síos. In áit na caidrimh agus na comhghuaillíochtaí atá scriosta a dheisiú, is amhlaidh go bhfuil sé ag caint faoi tharraingt amach as NATO. Mar sin leanfaidh cumhacht agus tionchar Mheiriceá ag meath don chuid eile de théarma uachtaránachta Trump.
Beidh baol mór anseo don chuid eile againn, áfach. Beidh Meiriceá ar an chumhacht mhíleata is láidre ar domhan ar feadh tamall maith eile. Beidh an cathú ar Trump agus orthu siúd a thiocfaidh ina dhiaidh an chumhacht mhíleata sin a úsáid chun cailliúint na cumhachta eacnamúla agus polaitiúla a chúiteamh.
Seo atá ar siúl ag Putin san Úcráin, agus é ag iarraidh a léiriú gur mórchumhacht í an Rúis arís. Agus an baol mór eile dúinne san Eoraip ná forlámhas teicneolaíochta Mheiriceá, agus an iliomad slí go bhféadadh rialtas naimhdeach i Washington an forlámhas sin a úsáid inár gcoinne.
Tá sé admhaithe ag feidhmeannach sinsearach de chuid Microsoft os comhair coiste Seanaid sa Fhrainc nach féidir leo barántas a thabhairt nach dtabharfadh siad sonraí a gcuid úsáideoirí san Eoraip do rialtas Mheiriceá dá n-ordófaí dóibh sin a dhéanamh.
Sin an fáth go bhfuil stát Schleiswig-Holstein sa Ghearmáin tar éis fáil réidh go hiomlán le Microsoft Office agus go bhfuil siad ag úsáid feidhmchláir foinse oscailte, agus sin an fáth go bhfuil an Fhrainc ag glacadh céimeanna sa treo céanna. Ní bheidh sé éasca, go háirithe sa tír seo, ach luath nó mall beidh ar an Eoraip flaitheas digiteach a bhaint amach mar ní féidir linn ár muinín a chur inár nUncail Sam níos mó.
Fág freagra ar 'Tionchar Mheiriceá ag laghdú ach tá Trump ag cur a chos i dtaca'