Tiobraid Árann agus Gaillimh ag téarnamh, an Clár i dtrioblóid

Ní róshásta é Brian Lohan lena fhoireann go dtí seo i mbliana agus buille uafásach dóibh laoch mór na bliana seo caite Shane O’Donnell a bheith gortaithe don séasúr

Tiobraid Árann agus Gaillimh ag téarnamh, an Clár i dtrioblóid

Tá mí an Mhárta agus an aimsir luaineach a ghabhann léi linn. Caithfidh go bhfuil sé deacair traenáil na hoícheanta gaofara fuara fliucha seo, gan bheith ag caint faoi dhrochbhail an dromchla i gcuid mhaith de na páirceanna imeartha. Dar ndóigh chuir an aimsir isteach ar an gcluiche idir Luimneach agus Cill Chainnigh, a cuireadh ar athlá dá bharr.

Ach bhí caighdeán na hiomána ard go dtí seo mar sin féin. Bhí sampla eile de sin againn Dé Sathairn seo caite agus an caighdeán ard imeartha feicthe againn arís ó iománaithe Thiobraid Árann a bhí go maith ó thús deireadh i gcoinne Chorcaí. Bhí sé thar a bheith tábhachtach do Liam Cahill agus a imreoirí, a bhfuil briseadh acu an deireadh seachtaine seo, go mbeidís ar a laghad iomaíoch ach d’éirigh níos fearr ná sin leo. Caithfidh go bhfuil Cahill an-sásta leis na leaideanna nua atá tugtha isteach aige.

Bhí Oisín O’Donoghue, Sam O’Farrell agus Darragh McCarthy ina gceannairí den scoth ag foireann faoi 20 an chontae anuraidh. Thug McCarthy, atá fós ina dhéagóir, an-taispeántas agus deich gcúilín aige, cúig cinn ón imirt, chun cur leis an 2-22 atá aige ó thosach an fheachtais sraithe. Bhí Joe Caesar go maith ina chéad chluiche agus é tugtha isteach den chéad uair riamh go dtí grád na sinsear. Feicfimid arís é.

Tá a dhintiúir  léirithe freisin ag an lánchúlaí nua Eoghan Connolly sna ceithre chluiche atá imeartha aige agus é breá ábalta don leibhéal seo. Rinne an lánchúlaí sa chúinne Robert Doyle éacht, i ndiaidh tosú lag, chun na geimhle a chur ar Jack O’Connor. Ba thosaí é Doyle go dtí gur bhronn Cahill geansaí uimhir a dó air. Tá scata imreoirí eile ar bheagán taithí acu ach tá na Tiobraid Árannaigh ag dul sa treo ceart,  go dtí seo ar aon nós. Tá seans réasúnta acu anois cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach acu.

Tá Corcaigh sa bhaile anocht agus Cill Chainnigh ar cuairt Cois Laoi. Bhí Corcaigh  an-mhaith do thréimhsí i gcoinne Thiobraid Árann ach thit an tóin astu sa cheathrú dheireanach. Bhí cuid mhaith imreoirí a bheadh ar an gcéad chúigear déag de ghnáth in easnamh orthu ach fós ní dóigh liom go raibh Pat Ryan agus lucht an chúlseomra róshásta leis an taispeántas trí chéile ón scór imreoirí a chuaigh chun páirce.

Fear eile nach bhfuil róshásta go dtí seo i mbliana ná Brian Lohan, bainisteoir an Chláir. Buille uafásach dóibh laoch mór na bliana seo caite Shane O’Donnell a bheith gortaithe don séasúr. Chailleadar arís sa bhaile an Domhnach seo caite i gcoinne Loch Garman agus tá sé ionann is cinnte go mbeidh siad ag imirt i Roinn 1b don chéad séasúr eile. Is mór an míbhuntáiste é  sin d’aon fhoireann a bheadh ar thóir na príomhdhuaise san iomáint.

Ní bhfaighidh siad tada éasca amárach agus iad ag taisteal trasna na teorann chuig Páirc na nGael. Cé go raibh siad d’uireasa scata mór imreoirí tábhachtacha, bhí Luimneach an-mhaith i gcoinne Thiobraid Árann sa chluiche deireanach. Bunaithe ar an méid atá feicthe againn go dtí seo is cosúil go bhfuil siadsan mar rogha do na coirn go léir i mbliana. Beidh ionadh orm mura mbuafaidh siad amárach.

Tá an Ghaillimh as baile i Loch Garman um thráthnóna. Thosaigh Lee Chin a chéad chluiche do na Carmannaigh an Domhnach seo caite agus bhuaigh siad a gcéad phointí sraithe. Ní haon chomhtharlú é sin. Tugann Chin an-cheannaireacht dóibh agus beidh sin ag teastáil arís anocht. Tá na Gaillmhigh ag feabhsú gach cluiche a imríonn siad agus bheadh ionadh orm mura n-éireodh leo na pointí sraithe a fháil anocht.

I roinn 1B tá cluiche mór ag Port Láirge i bPáirc an Bhreathnaigh agus Áth Cliath ar ag teacht ar cuairt. Ní bheidh aon rud éasca ná bog anseo nó ní bheidh aon rud éasca sa chluiche idir Uíbh Fhailí agus an Iarmhí .

Comhghairdeas le hiománaithe sinsir Dhún na nGall a bhuaigh ar Chiarraí an Domhnach seo caite. Éacht ceart.

Fág freagra ar 'Tiobraid Árann agus Gaillimh ag téarnamh, an Clár i dtrioblóid'

  • Carraig

    Cluichí breátha crua iomána agus peile feicthe againn sa tSraith go nuige seo.
    Agus ní gan dua a thugann na himreoirí fuil a gcroí uathu sna coimhlintí géara gaile seo.
    Déanaimíd dearmad air sin go minic.
    Léigh mé alt le Dan Morrisey (Luimneach) inar mhaígh sé nach bhfaigheann imreoirí a gcantam ceart íocaíochta ó CLG as an méid ama, taistil, traenála agus iarrachta a chuireann siad isteach agus go mbíonn siad thíos leis ag deireadh na bliana ó thaobh airgid de (suas le Eu5000!).
    Mhaígh sé nár imigh aon ardú ar a gcuid liúntaisí le cúig bliana anuas.
    Is mór an trua é sin óir ba cheart na himreoirí a chúiteamh go maith as na sárthaispeántais a thugann siad dúinn bliain i ndiaidh bliana.