‘Thug sé guth do chlann na nGael agus rinne sé an Ghaeilge sexyáilte’ – slán fágtha le Rónán Mac Aodha Bhuí i nGaoth Dobhair

Fágadh slán i nGaoth Dobhair inniu leis an gcraoltóir Gaeltachta cáiliúil ceannródaíoch Rónán Mac Aodha Bhuí, ‘guth na nGael’

‘Thug sé guth do chlann na nGael agus rinne sé an Ghaeilge sexyáilte’ – slán fágtha le Rónán Mac Aodha Bhuí i nGaoth Dobhair

Tháinig na sluaite ó chian agus ó chóngar go dtí Gaoth Dobhair inniu chun slán a fhágáil le Rónán Mac Aodha Bhuí, an craoltóir cáiliúil a bhí ina laoch mór ag Gaeil ar fud na tíre agus na cruinne.

Ag Aifreann sochraide a raibh an gol agus an gáire i dteannta a chéile ann, dúirt an príomhcheiliúraí, an tAthair Brian Ó Fearraigh, go raibh slán á fhágáil le cara buan, “ár ndeartháir Rónán Mac Aodha Bhuí”.

“Tá muid ag fágáil slán le cara. Le cara buan. Cara dílis de chuid na nGael, a raibh dáimh agus ceangal fiánta aige le daoine. Bhí bua iontach ag Rónán agus é ábalta comhrá a dhéanamh le hidir leanbh agus liath, le huasal agus íseal.”

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh gur mór an oidhreacht a d’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí le huacht againn.

“A leithéid de lorg atá fágtha aige, chan amháin ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta ach ar shaol na tíre agus na cruinne. Shéid sé anáil agus spiorad úr na beatha, lán beocht agus brí i ngluaiseacht na Gaeilge.

“Mhúscail sé suim, mhúscail sé mórtas ceantair, mhúscail sé mórtas teanga agus tíre agus meas úr i measc chlann na nGael, inár ndúchas agus inár n-oidhreacht. Bhí briathar agus beart ag teacht le chéile go deireadh ina shaol agus ina bheatha.”

Maidin gheal fómhair i nDoirí Beag bhí canúintí na Gaeltachta go léir le cloisteáil roimh an aifreann, léiriú ar an urraim a bhí ag pobal na teanga go léir do Rónán Mac Aodha Bhuí. I láthair chomh maith bhí an Ceannfort Tadhg Cuthbert, aide-de-camp Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, a dúirt an tseachtain seo gur “laoch i measc na nGael” ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí.

Bhí gardaí onóra lasmuigh de Theach Pobail Dhoirí Beaga ag daltaí scoile an cheantair agus ag comhghleacaithe Rónáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fear mór ceoil a bhí ann agus bhí go leor ceoltóirí i láthair chun seinm agus amhrán dó, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Ó Maonaigh, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Máire Ní Choilm.

Tugadh go dtí an altóir ceirnín de chuid Clannad mar shiombail den ghrá a bhí ag Rónán don cheol agus bhí micreafón RnaG i measc na mbronntanas chomh maith.

Le linn Aifrinn a raibh iarracht chuí den easurraim ba dhual leis an gcraoltóir ildánach ag baint leis, chuir a raibh i láthair ‘dorn san aer do na Gaeil’ agus dúirt an príomhcheiliúraí cúpla babhta go raibh súil aige nach dtiocfadh litir ghearáin chuige ón easpag.


Dúirt an tAthair Ó Fearraigh gur “ag scaipeadh soiscéal na Gaeilge” agus “ag déanamh an Ghaeilge sexyáilte, mar a dúirt sé féin” a bhíodh Rónán Mac Aodha Bhuí.

“Anois, sin focal nár shíl mé go mbeinn ag baint úsáid as choíche ar an altóir anseo,” a dúirt Brian Ó Fearraigh, ráiteas a spreag gáire mór óna raibh i láthair.

Ag tagairt dó don chlár is mó a shamhlaítear leis an gcraoltóir, Rónán Beo, dúirt sé gur lá crua a bhí ann do chách ach go mairfeadh saothar Rónáin.

“Rónán beo. Rónán beo, Rónán marbh – agus níl sin furasta ar dhóigh ar bith.

“Is boichte go deo clann agus cairde na nGael mar gheall ar bhás Rónáin. Ach sin ráite, chan bréag ar bith ach oiread, is saibhre go cinnte achan uile dhuine againn mar gheall ar a bheatha.”

Dúirt an tAthair Ó Ferraigh gur thug Rónán Mac Aodha Bhuí aghaidh ar a thinneas “le crógacht agus le misneach”, an misneach céanna a thug sé do gach duine, a dúirt sé.

“Sin an meon a bhí aige agus an claonadh a bhí ann. Mhisnigh sé muid uile go léir ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile leis an ábaltacht iontach sin a bhí ann. Is cinnte gur las sé bladhaire inár gcroíthe istigh a dhófaidh go fuinniúil, a dhófaidh le fonn agus le féile go ceann fada go leor eile inár gcuimhne.”

“Bhí Rónán mar a bheadh solas lonrach ag soilsiú inár saol agus inár mbeatha. Chuidigh sé le go leor daoine ar go leor bealaí. Thug sé guth agus ardán don oiread sin daoine ar an oiread sin bealaí.

“Tugaimis buíochas do Dhia inniu as Rónán Mac Aodha Bhuí a thabhairt dúinn. As é a bheith againn inár saol.”

Garda onóra déanta ag daltaí ó Phobailscoil Ghaoth Dobhair. Pic: Méabh Ní Thuathaláin

Rinne sagart paróiste Ghaoth Dobhair cur síos ar na tréithe go léir a d’fhág go raibh Rónán Mac Aodha Bhuí ar dhuine de mhórGhaeil a linne.

“Is iomaí focal moltach a labhraíodh faoi Rónán le cúpla lá anuas…ó Uachtarán na tíre anuas, tá an oiread sin ráite gur doiligh cur leis. Fear uasal, fear cineálta, fear ionraic, fear léannta, fear síochánta, éirimiúil a raibh pearsantacht ar leith aige chomh maith le hardphrionsabail agus a sheas leis na prionsabail chéanna sin i rith a shaoil.

“Ba ghuth na nGael é Rónán agus thug sé guth do chlann na nGael. Thug sé ár gcroíthe ina bheatha agus bhris sé ár gcroíthe ina bhás.”

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh gur “fear céile cineálta, lách, muirneach” a bhí i Rónán do Bhernie agus “daidí grámhar, spraíúil, spórtúil, dochreidte d’Fhionnuala”.

“Gaeilgeoir agus Gael go smior” a bhí ann, a dúirt sé.

Le ‘Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair’ a rinneadh Rónán Mac Aodha Bhuí a thionlacan as an séipéal go dtí Reilig Mhachaire Gathláin.

Fág freagra ar '‘Thug sé guth do chlann na nGael agus rinne sé an Ghaeilge sexyáilte’ – slán fágtha le Rónán Mac Aodha Bhuí i nGaoth Dobhair'