‘They Can Live in the Desert but Nowhere Else…’ – léargas iontach ar chinedhiothú na hAirméine

Más mian leis an nglúin atá suas anois ár na hArméine a thuiscint i gceart b’fhiú dóibh leabhar nua Ronald Grigor Suny a léamh

Ronald Grigor Suny

Ronald Grigor Suny

They Can Live in the Desert but Nowhere Else: A History of the Armenian Genocide

(Princeton agus Oxford, 2015: pp.490. £24.95).

Agus na téamaí acadúla is mó a tháinig chun tosaigh le blianta beaga anuas á rangnú, ní foláir béim a chur ar an bhfiosrú oilte atá ar siúl go forleathan ar an bhforéigean mar ghné bhunúsach den bhfichiú aois.

D’fhéadfaí saothar Paul Preston chogadh cathartha na Spáinne a lua, go háirithe The Spanish Holocaust: Inquisition and Extermination in Twentieth-Century Spain lena thátal feargach fé chliseadh na heite clé: “During the years of the dictatorship, the defeated in Spain had no public right to historical memory, living as they did in a kind of internal exile.”

Nó cur síos Tony Judt ina leabhar Postwar ar mhímhacántacht údaráis na hOstaire tar éis 1945 maidir le freagracht lárnach na tíre sin sa tionscnamh Naitsíoch. Fiú fé 1990, cheap 43% den tír go raibh “idir dhuáilcí agus suáilcí” ag baint leis an dtionscnamh sin. (“But no-one expected very much from the Austrians,” dar le Judt).

Seo chugainn anois staidéar tábhachtach nua ar scriosadh Chríostaithe na hAirméine le linn an Chéad Chogadh Domhanda de dheascaibh polasaithe rialtas Muslamach na Tuirce.

Díbríodh na Críostaithe óna gceantar dúchasach ar thraenacha nó cuireadh ar shiúlóidí uafásacha iad gan bia ná uisce. Fé dheireadh an chogaidh, bhí milliún acu básaithe. Ábhar fíorchonspóideach is ea an uileloscadh seo fós i bpolaitíocht na Tuirce ós rud é nach nglacann rialtais na tíre sin gur maraíodh na Críostaithe d’aon ghnó de dheascaibh naimhdeas eithneach agus diagachta.

Ós a choinne sin, bíonn ‘leithscéalta’ ag náisiúnaithe Tuirceacha faoi easpa dílseachta don Chríostaithe na hAirméine don stát Tuirceach le linn cogaidh, faoin spiadóireacht Rúiseach, agus faoi na torthaí “tragóideacha” a lean iarrachtaí macánta mionlach achrannach a smachtú.

Tugann Ronald Grigor Suny míniú slachtmhar ilghnéitheach ar an ábhar seo. Más mian leis an nglúin atá suas anois an t-ár sin a thuiscint i gceart, ba chóir dóibh cuimhneamh ar chúinsí éagsúla, go háirithe naimhdeas polaitiúil na Young Turks, ceannairí impire na nOttoman, agus an mothú ina measc go raibh na Críostaithe ag obair fé rún leis na Rúisigh chun stát neamhspleách dóibh féin a bhunú. (Is léir do Suny go raibh formhór na gCríostaithe dílis don impire, áfach).

Is é an cur chuige síceolaíochta seo an ghné is suimiúla den leabhar seo mar aon leis an gcíoradh a dhéantar ar thionchar na Gearmáine ar an scéal. Nuair a rinneadh achainí ar sheansailéir na Gearmáine Bethmann-Hollweg cur ina luí ar a chomhghuaillí Ottomanach stop a chur le díbirt na gCríostaithe, dhiúltaigh sé: “Our only aim is to keep Turkey on our side until the end of the war, no matter whether as a result Armenians do perish or not. If the war continues much longer we will need the Turks even more.”

Ceapann an dlíodóir cáiliúil Sasanach Geoffrey Roberston gur ghríosaigh polasaithe marfacha na Gearmáine san Afraic daoine le cur leis an ár san Airméin, agus go raibh cuid den mhilleán as an scrios ar an nGearmáin chomh maith. Agus é ag labhairt mar gheall ar iompar na Gearmáine i Namibia i 1904, go háirithe díbirt agus marú muintir Herero ar seánadh uisce orthu, mhaígh Roberston sa Hague le déanaí gur ceacht don Tuirc a bhí ann. “It was Germans who suggested that Armenians be relocated”. (https://www.youtube.com/watch?v=0a9gAfLncAI)

B’fhéidir go gcuimhneodh léitheoirí Éireannacha ar aistí James Connolly tar éis leabhar Suny a léamh, agus an t-adhradh soineanta a rinne sé ar impireacht na Gearmáine.  Ina aiste The German or the British Empire?, scríobh an Conghaileach i 1916 “the German Empire is a homogeneous Empire of self-governing peoples; the British Empire is a heterogeneous collection in which a very small number of self-governing communities connive at the subjugation, by force, of a vast number of despotically ruled subject populations.”

Ní léir dúinn ar scríobh sé aon fhocal mar gheall ar an Herero nó Críostaithe bochta cráite na Tuirce.

Fág freagra ar '‘They Can Live in the Desert but Nowhere Else…’ – léargas iontach ar chinedhiothú na hAirméine'