Tá Fidel Castro ar dhuine de na laochra móra agam ó bhí mé i mo stócach. Tá sin amhlaidh ó léigh mé History Will Absolve Me, an leagan Béarla den óráid a thug sé sa gcúirt nuair a triáileadh é faoi bheairic Moncada a ionsaí.
B’fhéidir nach mbíonn Fidel chomh gníomhach i rialú a thíre anois agus a bhíodh, ach bí cinnte dearfa nach dtiocfadh athrú meoin ar na Meiriceánaigh faoin gcaidreamh a bheas acu leis an oileán feasta murach misneach Fidel, a bhuanseasmhacht agus a dhochloíteacht.
D’fhéach siad lena mharú go minic agus d’úsáid siad chuile chleas sa leabhar lena chur de dhroim seoil ach bhí ar Obama a admháil sa deireadh gur theip go hiomlán orthu.
Tá cuimhní geala agam ar chuairt coicíse a thug mé féin agus daoine eile ar Chúba roinnt blianta ó shin. Lá an-te a bhí ann ar theacht ón aerfort dúinn agus bhí muid spalptha leis an tart.
Chuaigh muid isteach i dteach óil gur ordaigh muid deochanna beorach. Chaith muid siar iad agus d’ordaigh an rud céanna aríst. Tugadh dhúinn iad ach nuair a d’iarr muid an tríú “round” eitíodh muid.
Chaithfeadh sé go raibh Éireannaigh anseo romhainn agus gur tharraing siad droch-cháil ar an gcine, a dúirt muid linn féin agus muid ag deifriú anonn go dtí teach tábhairne eile.
Ach ba é an cás céanna arís é – ní bhfaigheadh muid ach an dá dheoch.
Tá míniú air, a dúirt fear meabhrach a bhí inár measc – bac trádála na Meiriceánach.
Maidir le deoch traidisiúnta an oileáin, rum, bhí sé le fáil as éadan – ag an té a bheadh in ann é a iompar, mar a déarfadh Máirtín Jaimsie.
Ar an eite chlé tríd is tríd a bhí an grúpa againn a bhí ann cés móite d’fhear amháin a bhí ina shagart paróiste i mBleá Cliath, J Anthony Gaughan.
Míníodh dhúinn go gcaithfeadh muid na seomraí a roinnt san óstán. Shílfeá nach fonn rómhór a bhí ar an gcuid eile acu a dhul isteach leis an sagart beannaithe ach ní raibh locht ar bith agamsa air.
Sa lá atá inniu ann bheadh leisce ort a admháil gur tharla sé ach sin scéal eile.
Scríbhneoir ab ea an tAthair Gaughan agus bhí cuid mhór den domhan siúlta aige. Bhí amhras aige ar Fidel Castro agus ar an gcóras Cumannach.
Bhínse ag spochadh air scaití. “Chonaic mé Castro inniu,” a dúirt sé liom lá.
Shíl mise gur ar chearnóg na cathrach a chonaic sé é agus bhí mé thar a bheith diomúch nach bhfaca mé féin é. Ach níorbh ea ach ar an teilifís.
“ ‘Bhfuil a fhios agat go bhfuil sé i bhfad níos airde ná a cheap mé a bheadh sé?” a dúirt sé.
“ ‘Bhfuil tú cinnte nár chuir siad ar sheastán eicínt é le déanamh cinnte go mbreathnódh sé ard?”, arsa mise.
“Níor chuimhnigh mé ar sin,” ar seisean go neamhurchóideach.
Lá eile dúirt mé leis go raibh mé ag léamh leabhair faoin gcaoi a raibh Meiriceá ag treorú cúrsaí i Meiriceá Láir agus sa Mhuir Chairib.
“Propaganda atá sa leabhar sin,” a dúirt sé. Mheabhraigh mé dhó go ndearna an eagraíocht Trócaire urraíocht ar an leabhar.
“Bíonn amhras agam ar chuid de na rudaí a bhíonn ar bun acu sin freisin,” ar seisean.
Is iomaí cúis a leis an athrú seo atá tagtha ar na Meiriceánaigh faoi Chúba anois.
An chúis is mó ar fad gur theip go tubaisteach ar an bpolasaí a bhí acu le leathchéad bliain.
Bhí baint bheag ag an bPápa Proinsias leis an scéal. Tabhair faoi deara gur tionóladh ceann de na cruinnithe taidhleoireachta sa Vatacáin.
Tá baint mhór ag na Sínigh leis sa méid is go bhfuil caidreamh nua idir an tSín agus Meiriceá anois freisin.
Bhí cruinniú tábhachtach idir ceannaire na Síne, Xi Jinping, agus Fidel Castro i Havana i mí Iúil seo caite.
Ach thar rud ar bith eile, tuigeann na Meiriceánaigh go bhfuil siad ag cailleadh a ngreim ar fud Mheiriceá Theas ar fad agus gur toradh ar shoiscéal Fidel Castro cuid mhaith de sin.
Rialtais den eite chlé atá i bformhór thíortha Mheiriceá Theas anois. Chuir siad eagraíocht dá gcuid féin ar bun anuraidh, an CELAC. I Havana a bhí a gcomhdháil acu. Ní raibh Meiriceá ná Ceanada i láthair ar ndóigh.
Tá an dá thír sin san eagraíocht ar a dtugtar The Summit of the Americas agus tá a gcomhdháil le bheith acusan i mí an Aibreáin seo chugainn.
Bhí Meiriceá ag iarraidh Cúba a choinneáil, as ach dúirt cuid de na tíortha eile mura mbeadh Cúba ann nach mbeadh siadsan ann.
B’éigean do Mheiriceá géilleadh.
Ní luaithe a bhí an fógra déanta ag Obama faoin athrú stairiúil atá ar chúrsaí anois ná d’fhógair FARC sos comhraic sa Cholóim. Cén áit a raibh na comhráití síochána sin, meastú? Cén áit eile ach i Havana?
Tá ceangal idir na rudaí seo ar fad agus tá Fidel Castro beo beathach inniu agus é ag gáirí leis féin.
Ach oiread le Joe Hill ní bhfaighfidh sé bás go deo.
Vitaly
Mise Rúiseach, agus sin an rud a chuireann iontas nach beag orm go deo agus mise in Éirinn. Thugas faoi ndeara gur meas ag na hÉireannaigh ar na ceannairí polaitíochta ó fud fad an domhain atá glan in adhaigh Mheiriceá. Dúradh liom in Éirinn go minic gur meas atá acu ar Uachtarán na Rúise. Is cuma gur glan ar mire le fada an lá is ea é, agus gurb é atá ag céasadh a thír féin le breis is 15 bliain anuas (gan tracht ar na himeachtaí deireannacha). Frith-Mheiriceánachas, sin rud is tábhachtaí don pholaiteoir chun meas na nÉireannach a bhaint amach, mar is léir dom. Rud eile nach dtuigim in Éirinn ná frith-Iosraelachas, agus tacaioch fhorleachan na sceimhlitheoireachta Palaistineacha i measc na gnáthdhaoine, ach sin scéal eile.
Maidir le Cuba agus SAM: ceapaim gur bua Mheiriceánach is ea é, idirbheartaiochtaí a thosnú agus smachtbhannaí a chur ar ceal. Tiocfaidh airgead, earraí agus turasoirí eachtrannacha go dtí an oileán, agus leis sin tiocfaidh deireadh leis an “soisialachas” agus “cumannachas”. Ní léir dom áfach cén fáth a bhí muintir an oileáin ag fulaingt gearrtha ón domhan mór le linn breis is 60 bliain fada, agus cén bhrí a bhí leis sin.