‘Thar a bheith míshásúil’ – mná tí na Gaeltachta ag fanacht ar íocaíocht

De réir eolais atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta, d’fhéadfadh go bhfuil breis is leath de na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh a bheith ag fanacht lena gcuid airgid go fóill

‘Thar a bheith míshásúil’ – mná tí na Gaeltachta ag fanacht ar íocaíocht

Deir iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé “thar a bheith míshásúil” go bhfuil cuid mhaith de na mná agus fir tí chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeilge fós ag fanacht ar íocaíocht.

Dar le heolas atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta, d’fhéadfadh go bhfuil breis is leath de na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí a bheith ag fanacht lena gcuid airgid go fóill.

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, a d’fhiosraigh an scéal le hAire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan, nach bhfuil an mhoill leis na híocaíochtaí ach ag cur leis an bhfadhb atá ann maidir le heaspa mná agus fir tí.

“Tá sé thar a bheith míshásúil,” a dúirt sé le Tuairisc. “Tá sé ag éirí deireanach sa séasúr agus shílfeá go mbeidís íoctha.”

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios go bhfuil measúnú déanta ar 60% de na héilimh ar íocaíochtaí atá faighte ag Roinn na Gaeltachta ó na coláistí Gaeilge. Thug sé le fios go raibh 70% de na héilimh mheasúnaithe sin íoctha cheana féin ach, idir na héilimh mheasúnaithe nach bhfuil íoctha agus na héilimh eile nach bhfuil measúnú déanta orthu go fóill, d’fhéadfadh go mbeadh dhá thrian de na hiarratas ó na coláistí Gaeilge fós le híoc.

Dúirt an tAire Stáit nach bhfuil figiúirí ar fáil maidir le líon na dteaghlach atá i gceist ná an tsuim airgid atá fós le híoc ar fáil don Roinn ag an tráth seo.

Dúirt sé freisin go bhfuil an ráta a n-íoctar leis na teaghlaigh ag brath ar nithe éagsúla “ar a n-áirítear éilimh bhailí a bheith faighte go pras ó na coláistí féin”.

Deir Éamon Ó Cuív le Tuairisc nár luaigh an tAire Stáit aon mhoill a bheith leis na hiarratas ó na coláistí agus nach raibh aon leithscéal ag an stát gan an scéal a réiteach chomh tapa agus is féidir.

“Tá sé seo ag cur leis an bhfadhb maidir leis na mná tí. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh seirbhís chuí á fáil ag na mná tí ó thaobh íocaíochta de agus shílfeá, ar a mhéad, go mbeadh íocaíocht faighte acu taobh istigh de mhí ó dheireadh chuile chúrsa,” arsa Ó Cuív.

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeilge le blianta beaga anuas agus roinnt tacaíochtaí breise fógartha ag Airí na Gaeltachta agus iad ag iarraidh tuilleadh teaghlach a mhealladh chun scoláirí a choinneáil.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan go raibh breis acmhainní foirne curtha isteach i Rannóg na gColáistí Samhraidh sa Roinn “ar mhaithe le moill a sheachaint” agus go raibh súil ann go mbeadh na héilimh uile próiseáilte go luath.

Fág freagra ar '‘Thar a bheith míshásúil’ – mná tí na Gaeltachta ag fanacht ar íocaíocht'

  • Lurgan

    Tá earnáil na gcoláiste Gaeilge Gaeltacha ina phraiseach agus tá le fada, fada an lá.
    Bunú bord stiúrtha deonach ar a mbeadh inchur comhionann ag na príómhpháirtithe: Tuismitheoirí / Bainsitíócht / Lóistín / Foireann / Roinn Oideachaais (Is tógra Oideachais é) / Cúram leanaí an t-aon tslí an earnáil seo a fhorbairt ar bun inmharantach.
    Ní haon éileamh nua é seo, ach is cinnte gur ar chluasa bodhra a thitfidh sé aríst.