Téarma príosúin naoi mbliana gearrtha ar fhear as Conamara as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar chailín

Chomh maith leis an téarma príosúin, ordaíodh don fhear €38,000 a íoc mar chúiteamh leis an té a d'ionsaigh sé agus lena máthair

Téarma príosúin naoi mbliana gearrtha ar fhear as Conamara as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar chailín

Tá téarma príosúin naoi mbliana gearrtha ar fhear as Gaeltacht Chonamara as éigniú a dhéanamh ar chailín óg.

Chomh maith leis an téarma príosúin, ordaíodh do Sheán Kinneavy (74) €38,000 a íoc mar chúiteamh leis an té a d’ionsaigh sé agus lena máthair.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh Seán Kinneavy, ón mBóthar Buí, An Cheathrú Rua i gConamara i 47 cúis ionsaithe gnéis agus in dhá chúis éignithe le hearraí.

Tharla na coireanna seo ar dhátaí éagsúla idir mí Eanáir 2013 agus Meitheamh 2018 ag láithreacha éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i gContae na Gaillimhe.

Bhí Kinneavy idir 62 agus 67 bliain d’aois ag an am agus an té a ionsaíodh idir 10 mbliana agus 15. Níl aon ghlacadh ag Kinneavy le breith an ghiúiré agus áitíonn sé go bhfuil sé neamhchiontach.

Dúirt an té a ionsaíodh go dteastaíonn uaithi go n-ainmneofaí an té a ciontaíodh ach nach n-ainmneofaí ise.

Dúradh sa gcúirt go raibh aithne mhaith ag muintir an chailín óig ar Kinneavy agus gur mhinic é ar cuairt ar a dteach i mBaile Átha Cliath. Dúirt an té a ionsaíodh leis na Gardaí gur dóigh léi go ndearna Kinneavy mí-úsáid uirthi gach aon uair a dtagadh sé ar cuairt, thart ar uair sa mhí.

Tharla an mhí-úsáid freisin i dteach Kinneavy i gcontae na Gaillimhe i rith an tsamhraidh sa mbliain 2017 nuair a bhí an cailín óg ag fanacht sa teach agus d’éignigh sé ansin í faoi dhó le bréagáin ghnéis.

Sa mbliain 2020 a tháinig an mhí-úsáid chun solais nuair a tháinig a máthair ar nóta a scríobh an cailín agus í san ospidéal faoi chúram sláinte intinne.

Agus é ag fógairt na breithe inniu, thagair an Breitheamh do rudaí a chuir le holc an cháis seo, an feall ar iontaoibh agus an tionchar a bhí ag an mí-úsáid ar an gcailín, a bhí ina “leanbh leochaileach” ag an am.

Dúirt sé go ndearnadh na “cionta éignithe” tar éis “tamall fada de choireanna rialta”. Dúirt an Breitheamh gur “coireanna uafásacha leanúnacha” a bhí iontu a rinne duine fásta ar leanbh a raibh ról iontaoibhe aige ina leith.

Dúirt an Breitheamh gur tugadh sa gcuntas mar mhaolú aois Kinneavy agus gan aon smál a bheith ar a ainm go dtí seo.

Dúirt an Breitheamh Keane go bhfaca an chúirt na seacht dteistiméireacht a cuireadh faoina bráid ar son Kinneavy, ach “gur beag tionchar a bhíonn acu i gcúinsí an cháis seo”.

Chuir an Breitheamh naoi mbliana príosúin ar Kinneavy sna coireanna éignithe agus ocht mbliana a rithfidh i gcomhthráth sna hionsaithe gnéis. Cuireadh siar dáta tosaithe na pianbhreithe sin go dtí mí na Samhna seo caite an uair ar cuireadh Kinneavy faoi choinneáil ar dtús.

D’ordaigh sé go mbeadh Kinneavy faoi mhaoirseacht ar feadh dhá bhliain ach a saorfaí as an bpríosún é.

Luath sa mbliain 2021 a cheistigh sainbhaill den Gharda Síochána an cailín den chéad uair.

Mí Meithimh ina dhiaidh sin a ceistíodh Kinneavy ar dtús ach níor frítheadh aon fhianaise an uair sin. Níor cúisíodh Kinneavy riamh roimhe sin.

Léigh Abhcóide an ionchúisimh, Jane Murphy, ráiteas tionchair íospartaigh inar dúradh nach bhféadfaí an tionchar a bhí ag ionsaithe Kinneavy “a thomhas” agus dúirt sí gur “loiteadh” a hóige.

Dúirt sí go raibh “iontaoibh iomlán” ag a teaghlach as Seán Kinneavy ach go ndearna sé “léirscrios” ar a saol.

D’iarr an tAbhcóide Conor Devally, ar son an chosanta, go gcuirfeadh an chúirt sa gcuntas sláinte a chliaint, roinnt oibre a rinne sé agus an bhaint a bhí aige le tograí carthanachta agus pobail.

Dúirt Devally nach nglacann a chliant le cinneadh an ghiúiré ach dúirt sé go raibh súil aige go ndéanfadh an t-íospartach “forás maith” ina saol.

Fág freagra ar 'Téarma príosúin naoi mbliana gearrtha ar fhear as Conamara as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar chailín'