‘Teach na mBocht’ chugainn arís agus gan aon chur ina choinne ag Fine Gael nó Fianna Fáil

Níl airgead ann le dóthain foirne a earcú sna hospidéil, le scoileanna a chur ar fáil ná tithe sóisialta a thógáil, ach tá Fianna Fáil ag iarraidh €50,000 a chur i bpócaí an tógálaí

‘Teach na mBocht’ chugainn arís agus gan aon chur ina choinne ag Fine Gael nó Fianna Fáil

Táthar ag leanúint ar aghaidh leis na cluichí polaitiúla abhus agus gan náire ar bith orthu. Tá páirtí sinsearach an rialtais, Fine Gael, ag iarraidh beag a dhéanamh de ghéarchéim na tithíochta, agus tá páirtí ‘sóisearach’ an rialtais, Fianna Fáil, ag cur i gcéill gur freasúra iad atá sásta dúshlán an rialtais a thabhairt.

Gan dabht is í an ghéarchéim is práinní sa stát ná fadhb na tithíochta. De réir mar atá na figiúirí i dtaobh easpa dídine, líon na ndaoine a chailleann a dtithe cónaithe is eile, ag dul in airde is ea is soiléire go bhfuil polasaí an Rialtais ag teip. Níl aon réiteach ar an bhfadhb sna polasaithe atá acu, polasaithe atá ag brath go hiomlán ar an margadh príobháideach, ach, mar sin féin, tá an rialtas ag cloí leo agus ag diúltú a n-intinn a athrú.

Tá rún mímhuiníne curtha síos ag Sinn Féin (faoi dheireadh) san Aire Eoghan Murphy agus ina chuid polasaithe mar gheall ar an teip shoiléir seo. Ach tá Fianna Fáil ag diúltú tacú leis an rún. Is cosúil nach bhfuil siad sásta tacú le rud ar bith ó Shinn Féin toisc an ghráin a bheith ag ceannaire an pháirtí, Micheál Martin, orthu.

Ach, ag an am céanna, teastaíonn ó Fhianna Fáil nach bhfeicfí gur ar thaobh an Rialtais atá siad iad maidir leis an bhfadhb seo. An freagra? Moladh ó Darragh O’Brien gur chóir deontas €50,000 a thabhairt dóibh siúd atá ag ceannach tithe den chéad uair, deontas, dar le Fianna Fáil, a laghdódh costas an tí sin €50,000.

Ar ndóigh, ní mar sin a tharlaíonn.  Tuigeann eacnamaithe go maith go dtéann praghsanna in airde má bhíonn níos mó airgid ar fáil. Dá dtiocfadh plean Fhianna Fáil i bhfeidhm rachadh praghsanna tí in airde is ní bhfaigheadh aon dream buntáiste ar bith as ach na tógálaithe is na hinfheisteoirí.

Ón státchiste a thiocfadh an deontas €50,000 sin, ón gcáin a íocann an pobal, airgead ba chóir a úsáid le tithe sóisialta a thógáil.

Agus is fiú a thabhairt faoi deara nach bhfuil tagairt ar bith sa gcáipéis a chuir Darragh O’Brien amach don tithíocht shóisialta.

Tá Fine Gael is Fianna Fáil ar aon intinn mar sin gur chóir ár muinín a chur san earnáil phríobháideach. Níl siad sásta an cnap mór airgid atá riachtanach a chur isteach i dtithíocht phoiblí.

Sea, níl airgead ann le dóthain foirne a earcú sna hospidéil, le scoileanna a chur ar fáil ná tithe sóisialta a thógáil, ach tá €50,000 ar fáil le cur i bpócaí an tógálaí.

Ba i muinín clár tógála tithe sóisialta a chuaigh Fianna Fáil sna daichidí agus sna blianta ina dhiaidh sin nuair a réitíodh an ghéarchéim tithíochta a bhí ann an t-am sin.

Agus toisc gur thóg an stát tithe, le ligean amach ar cíos den chuid is mó agus le ceannach ina dhiaidh sin, chuir sin brú dáiríre ar thógálaithe a gcuid praghsanna a ísliú.

Inniu, is é an polasaí céanna nach mór atá ag teastáil, ach go mbeadh na tithe nua seo, cuid mhaith díobh, b’fhéidir, taobh amuigh de na bailte móra agus iad ceangailte le córas iompair agus fostaíocht nua.

Tá ag teip ar an earnáil phríobháideach: caithfidh an earnáil phoiblí an jab a dhéanamh.

Is céard fúthu siúd atá ina gcónaí in árais ar cíos san earnáil phríobháideach faoi láthair?

Níl aon chinnteacht ná seasmhacht ná cearta ag na daoine sin, ach ba chóir go mbeadh.  Ba chóir nach mbeadh cead ag creach-chistí tionónta seilbhe a chur amach ar mhaithe le seilbh ghlan a fháil ar thigh.

Le fáil réidh le scannal na heaspa dídine, tá plean tógála ag teastáil faoi phráinn, in ionad daoine gan dídean a bhrú isteach sna ‘moil’.

Cineál óstáin nó tithe lóistín atá sna moil, deirtear, ach níl siad oiriúnach do theaghlaigh le cónaí iontu.  Cuireann siad Tithe na mBocht i gcuimhne dom, mar a bhíodh againn fadó. Nil sé ceart ná inmhaite.

Tá tithíocht cheart ag teastáil ó dhaoine, agus tá gach duine i dteideal tithíocht cheart a bheith aige nó aici.

Tuigim go dtagann an dearcadh sin salach ar rialacha is cleachtas an Aontais Eorpaigh agus tuigim na suimeanna móra airgid a bheidh ag teastáil mar iasacht mar gheall ar an gComhaontú Fioscach.

Tuigim go dtagann an dearcadh sin salach ar na rialacha a deir go gcaithfidh an stát dul i gcomórtas leis an earnáil phríobháideach agus ar an dearcadh nár chóir srian a chur ar chreach-chistí sa chóras eacnamaíochta.

Ach cé acu is tábhachtaí?  Freastal ar riachtanais tithíochta an phobail, nó a bheith dílis don Aontas Eorpach is do lucht brabúis na hearnála príobháidí?

B’fhéidir gur sa cheist sin atá míniú le fáil ar leisce Fhianna Fáil polasaí tithíochta ceart a mholadh.  Ní hamháin nach dteastaíonn uathu comhoibriú le Sinn Féin, ach ní theastaíonn uathu ach an oiread dul i ngleic le hadhradh an tsaor-mhargaidh atá mar bhunchloch ag an Aontas Eorpach féin.

Fág freagra ar '‘Teach na mBocht’ chugainn arís agus gan aon chur ina choinne ag Fine Gael nó Fianna Fáil'