Caithfear tagairt don aiséirí iontach, an taispeántas glórmhar a chonaic muid ó fhoireann na hÉireann i dTwickenham Dé Sathairn seo caite, fiú mura bhfuil cluichí Sé Náisiún againn an deireadh seachtaine seo. Roimh an gcluiche sin, bhí barúil mhaith agam go mbeadh plean ag Andy Farrell chun an tsean-namhaid a cheansú ach bhí amhras orm faoi chumas na foirne é a chur i bhfeidhm.
Bhuel, thug na himreoirí freagra, ní hamháin ormsa ach ar dhomhan an rugbaí trí chéile a bhí ag úsáid an aimsir chaite agus cur síos á dhéanamh ar ré órga rugbaí na tíre seo. Ní raibh ádh dá laghad ag baint le bua na hÉireann, a mhalairt go deimhin. Ón gcéad nóiméad, thug siad an cath chuig an bhfreasúra, phlúch siad iad sna tosaithe agus bhí cúlaithe na hÉireann ró-aclaí agus rósciliúil do Shasana, foireann a thit as a chéile agus iad ag géilleadh cúig úd. Dóthain ráite, jab déanta agus scíth mhaith tuillte ag ár gcuid imreoirí cróga.
In ainneoin sos beag sa gcomórtas Sé Náisiún, ní bheidh aon easpa rugbaí ar na scáileáin an deireadh seachtaine seo. Beidh clár iomlán cluichí Bhabhta 12 den URC á n-imirt. De bhrí go bhfuil an oiread sin imreoirí ar dualgas idirnáisiúnta faoi láthair, is tástáil ar dhoimhneacht an phainéil atá sa mbabhta áirithe seo den chomórtas.
Breathnaigh ar chluiche na hoíche anocht idir Cúige Laighean, foireann atá sa dara háit ar thábla an URC, agus ceithre phointe óna bharr, agus Caerdydd, foireann atá sa gcúigiú háit. Tá naonúr imreoirí déag as Cúige Laighean ar phainéal na hÉireann faoi láthair nach mbeidh ar fáil do Leo Cullen don chluiche seo, gan trácht ar chúpla imreoir atá gortaithe. Tá seachtar as Caerdydd ar phainéal na Breataine Bige faoi láthair freisin.
Mar a dúirt mé is tástáil ar na himreoirí tríú nó ceathrú rogha atá sa gcoimhlint seo. Is fiú a mheabhrú mar sin gur thug Cullen seans d’ocht n-imreoir déag agus dhá scór ó thús an tséasúir seo. Is dá bharr sin atá mise ag tuar bua as baile dóibh anocht, ach táim ag cur fainic leis an tuar sin.
Amárach, beidh sáriomaíocht i nGaillimh idir Cúige Chonnacht atá sa dara háit déag agus Glaschú atá ar bharr an tábla. Dá mbeadh fáil ag na foirne ar a gcéad rogha imreoirí, bheinn ag tuar bua do na cuairteoirí. Ach ní mar sin atá. Tá cúigear déag as Glaschú ar dualgas idirnáisiúnta i gcomparáid leis an gceathrar a bhí in easnamh ar Chúige Chonnacht, sular thug Andy Farrell, cúpla imreoir ar ais dóibh. Is cinnte gur buntáiste ar leith é sin d’fhoireann an bhaile. An mbeidh siad in ann é a thapú? Teastaíonn pointí go géar.
Ochtar ó Chúige Mumhan a bhí ar phainéal Farrell, an líon céanna imreoirí atá in easnamh ar Zebra, an freasúra amárach, ach an oiread le Connachta lig Farrell cúpla imreoir ar ais. Is deacair tada eile seachas bua do Chúige Mumhan, foireann atá sa séú háit ar an tábla, a thuar.
Cuimhnigh gur ar íochtar an tábla atá Zebra agus gan ach dhá bhua cláraithe acu go dtí seo. Is iad na Muimhnigh rogha na coitiantachta go cinnte, is acu atá buntáiste an bhaile ach b’fhearr dóibh a bheith cúramach.
As baile sa mBreatain Bheag a bheas Cúige Uladh, foireann atá sa gceathrú háit agus iad ag tabhairt dúshlán na nOspreys atá sa naoú áit. Seachtar imreoirí as Cúige Uladh atá le Andy Farrell ach tá ochtar ó na hOspreys ar dualgas idirnáisiúnta. Ach an oiread leis na Muimhnigh, caithfidh Cúige Uladh a bheith cúramach agus botúin a sheachaint.
Fág freagra ar 'Tástáil ar neart na bpainéal ag na cúigí'