Taithí oibre san Aontas Eorpach ar fáil do dheichniúr Gaeilgeoirí

Mar chuid den scéim atá á reáchtáil ag Roinn na Gaeltachta, tabharfar deiseanna do chéimithe socrúcháin oibre a fháil sna haonaid Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Taithí oibre san Aontas Eorpach ar fáil do dheichniúr Gaeilgeoirí

Tá taithí oibre san Aontas Eorpach le cur ar fáil do dheichniúr céimithe agus scéim intéirneachta fógartha.

Mar chuid den scéim atá á reáchtáil ag Roinn na Gaeltachta, tabharfar deiseanna do chéimithe socrúcháin oibre a fháil sna haonaid Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh, i réimsí an aistriúcháin agus na profléitheoireachta.

Tugann an scéim, atá á reáchtáil ó 2018, deis do deichniúr dul i mbun taithí oibre san Aontas ar feadh deich mí ó mhí Dheireadh Fómhair seo chugainn.

Beidh ochtar de na céimithe ag cuidiú go príomha le haistriú reachtaíocht an Aontais Eorpaigh – an acquis communautaire – le linn an tsocrúcháin oibre. Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu.

Íocfar liúntas €2,000 in aghaidh na míosa leis na hintéirnigh ó thús deireadh na tréimhse oiliúna deich mí.

Agus é ag fógairt na scéime i mbliana, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh an-tóir ar an scéim ó cuireadh tús léi cúig bliana ó shin.

“Tugtar deis do dhaoine blaiseadh a fháil den saol oibre ar mhór-roinn na hEorpa, oiliúint den scoth a fháil ó na hinstitiúidí Eorpacha, agus cur lena gcuid scileanna ionas go mbeidh siad i riocht láidir sna comórtais earcaíochta amach anseo.

“Cheana féin tá roinnt mhaith de na hintéirnigh tar éis poist eile a fháil sna hinstitiúidí Eorpacha tar éis dóibh an socrúchán oibre seo a dhéanamh, agus tá an-dóchas agam go n-éireoidh chomh maith céanna le hintéirnigh na bliana seo,” a dúirt an tAire Stáit.

Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil anseo agus glacfar le hiarratais ar an ríomhphost ón gCéadaoin, 12 Aibreán 2023 go 12 meán lae Dé Luain, 8 Bealtaine 2022.

Fág freagra ar 'Taithí oibre san Aontas Eorpach ar fáil do dheichniúr Gaeilgeoirí'