Bhí seachtain feighlíochta curtha in áirithe dúinn i mBordeaux, agus aire le tabhairt do Mhánas beag in árasán mo mhic agus a bhanchéile fad is a bheidís féin ar bhainis.
Shocraigh muid coicís a dhéanamh de agus, don dara seachtain, ba é mo dhúshlán teacht ar theach a mbeadh áit ann do dheichniúr — an tseanbheirt (muid féin) ár bpáistí (fásta), ár gcliamhaineacha, agus ár ngarpháistí (beirt bhuachaillí faoi bhun an dá bhliain d’aois). Cuireadh fainic orm: teach agus gairdín nach mbeadh rófhada ó thrá nó ó linn snámha.
An chéad iarracht: cuireadh rogha mhór tithe faoi mo bhráid. Cé nach rabhadar saor, ní rabhadar chomh costasach lena macasamhail in Éirinn, ach ós rud é gur Airbnb a bhí i gceist, bhraith mé nach raibh aon chinnteacht ag baint leis an rud ar fad: íoc anois agus bí ag súil go mbeidh an chathair mar a tuairisc! Faoiseamh a bhí orm nuair a shocraigh duine den chriú nár fheil na dátaí agus nuair a cuireadh an tsaoire ar athló.
Tháinig muid ar réiteach agus thugas faoi arís.
Ar booking.com a chuaigh mé ag tóraíocht an babhta seo agus, beagnach ar an gcéad iarraidh, leagas mo shúil ar theach sa bPérigord. Os cionn céad míle ó thrá is ó fharraige, ach is muileann uisce a bhí ann, seanteach cloiche ar bhruach abhann, sruthán faoi leaca an tí agus linn uisce lena thaobh. Sula gcuirfeadh míoltóg an amhrais fiacail ionam, bhí a spaéc curtha ag mo bhean sa scéal agus b’in sin.
Ar thraein a thaistil muid aniar as Bordeaux (agus muid ríshásta teas na cathrach a fhágáil inár ndiaidh), agus tar éis leathuair sa gcarr agus mo mhac Cian ar an roth stiúrtha (san Iodáil a d’fhoghlaim sé tiomáint — agus a shliocht sin air!), bhaineamar an teach amach.
Ní raibh aon díomá orainn. Teach fada cloiche ar an bhfiántas sa bPérigord, na buafa ag fógairt os ard ón linn ar thaobh an tí, na hearca beaga ag dreapadh ar bhallaí grianlasta, bord fada is cathaoireacha faoi chrann mór foscúil sa ngairdín ar a chúl. Chaitheas uaim na cuaráin agus d’imigh liom de rith sna cosa boinn.
Ba ghearr go raibh muid dár gcóiriú féin i dteach an mhuilleora, ag roghnú leapacha agus ag freastal ar pháistí. Bhailigh Suibhne brosna — ós é rí an bheárbaiciú é — agus chuaigh ag bruth san áit tine a bhí tógtha ar charnán cloch le bruach an tsrutha. Chodail deichniúr againn faoi chaolacha an tí an oíche sin, agus muid beaite bealaithe.
An mhaidin dár gcionn, bhí poll an mhuilinn ag fanacht linn. Lochán dorcha faoi screamh duilleog is fiaile, grinneall bog puitigh ann agus é chomh fuar le heas sléibhe. Chaitheamar muid féin go glórach gáiriteach ann agus d’éalaigh na buafa faoi bhruach! Shíneamar muid féin sa bhfionnuartas ar an bhféar ansin fad a bhí Sibéal, Mánas agus Conán ag slupáil is ag slapáil i linn bheag na bpáistí.
Maidineacha, sula dtagadh an teas mór, thugtaí cuairt ar bhailte beaga rídheasa an Dordogne agus, ar mhargaí na háite, ceannaíodh glasraí agus merguez — ár dtrí theaghlach ag sealaíocht ar a chéile sa gcisteanach tráthnóna. Bhí leathbhairille Casoulet tugtha léi as Toulouse ag Aifric — ní saoire go dtí é!
An t-aon mhairg a bhí orm ag fágáil na háite dúinn, gur teach do dháréag a bheadh uainn an bhliain seo chugainn, le cúnamh Dé, agus nach mbeadh áit sa muileann arís dúinn.
Fág freagra ar 'TAISTEAL: Deichniúr faoi dhíon i dteach fada cloiche sa Dordogne'