Taispeántas iontach ó Riz Ahmed i saothar teanntásach

Cé go bhfuil aistear fada achrannach chun an scáileáin curtha de ag The Sound of Metal b’fhiú fanacht air

Taispeántas iontach ó Riz Ahmed i saothar teanntásach

The Sound of Metal
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Darius Marder
Cliar: Riz Ahmed, Olivia Cooke, Paul Raci, Lauren Ridloff

Tá aistear fada achrannach chuig an scáileán curtha de ag saothar seo. Breis agus deich mbliana ó shin chuaigh Derek Ciafrance i mbun oibre ar an dráma faisnéise Metalhead ach ní raibh ag éirí leis é a thabhairt ar an bport. Ar deireadh d’iarr sé ar a chara, agus a chomhscríbhneoir ar The Place Beyond the Pines (2012), Darius Marder, an tionscnamh a thógaint ar láimh.

Thosaigh sé siúd ón tús agus ar deireadh thiar thall tá The Sound of Metal tagtha os ár gcomhair. B’fhiú fanacht air. Tá sé ainmniúchán Oscar faighte ag an saothar teanntásach seo a bhfuil ábhar machnaimh go leor ann.

Ceoltóir miotal trom é Ruben (Ahmed) atá i mbanna ceoil lena pháirtí Lou (Cooke). Iad ag imeacht ó áit go háit ina veain champála ag déanamh gigeanna. Cuirtear abhaile orainn go caolchúiseach go bhfuilid beirt gafa trí chruatan an tsaoil. Faighimid amach ina dhiaidh sin gurbh andúileach drugaí é féin blianta roimhe sin agus go raibh fadhbanna meabhairshláinte ag Lou.

Tháinig siad beirt i gcabhair ar a chéile. An chuma orthu go bhfuilid sásta anois, áfach, agus sásamh á bhaint acu as an saol is as comhluadar a chéile.

Lá de na laethanta cailleann Ruben cuid mhaith dá éisteacht de gheit. Cuirtear an t-iontas, an sceimhle agus an mearbhall abhaile orainn go paiteanta. Deir an dochtúir leis nach bhfuil mórán éisteachta fágtha aige agus ná déanfaidh aon ní difríocht ach ionphlandú cochla, rud atá an-chostasach.

 

Téann Ahmed a fhad le teach tearmainn atá ag freastal ar dhaoine atá buailte ag an mbodhaire agus an andúil. Is anseo, le cabhair an tsaoi Joe (Raci), a théann sé i dtaithí ar an saol nua. Bíonn ar Lou slán a rá leis mar nach bhfuil cead aici a bheith sa teach. Táimid in amhras go ndéanfaidh an scaradh agus an bhodhaire a gcaidreamh a athrú ó bhonn.

Ceann de bhuanna an scannáin seo ná go n-éiríonn leis léiriú a dhéanamh ar shaol an phobail bhodhair. Is ón bpobal sin a thagann sciar suntasach den chliar agus tá teanga chomharthaíochta ar a thoil ag Raci óir go raibh a bheirt tuismitheoirí bodhar. Cuirtear abhaile orainn arís is arís eile gur athrú saoil atá sa bhodhaire seachas míchumas. Ní nach ionadh tá Ahmed go hiomlán trína chéile ach de réir a chéile tosnaíonn sé ag glacadh leis an saol nua seo.

Braitheann an scannán seo go hiomlán nach mór ar thaispeántas Ahmed, aisteoir a thug taispeántas breá uaidh in The Night Of (2016). De réir scéil rinne sé é féin a thumadh go hiomlán sa ról. Bhain sé líofacht amach sa teanga chomharthaíochta agus d’fhoghlaim sé conas ceol a bhaint as na drumaí. É sin ar fad agus dath fionn curtha ina chuid gruaige aige.

Tá luach a shaothair le feiscint sa taispeántas cumhachtach seo ina bhfuil an fhearúlacht, an ghoilliúnacht, an sceimhle agus an dóchas fite fuaite le chéile.

Níl críoch shona nó míshona againn ach Ahmed fós ag teacht i gcleachtadh ar an saol nua seo. Scannán tábhachtach, cumhachtach le taispeántas iontach ó Ahmed.

Fág freagra ar 'Taispeántas iontach ó Riz Ahmed i saothar teanntásach'