Taispeántas cumasach ó Will Smith mar athair bhanríonacha na leadóige 

Bíonn rudaí ábhairín rómhilis ar uairibh ach léiriú taitneamhach ar óige Serena agus Venus Williams atá i ‘King Richard’  

Taispeántas cumasach ó Will Smith mar athair bhanríonacha na leadóige 

King Richard
Stiúrthóir: Renaldo Marcus Green
Cliar: Will Smith, Aunjanue Ellis, Saniyya Sidney, Demi Singleton, Jon Bernthal, Tony Goldwyn

Rick Macci: I think you just might have the next Michael Jordan. 

Richard Williams: Oh no, brother, I gots me the next two.

Is go fáidhiúil, mórchúiseach a dhéanann Richard Williams (Smith) an paiste cainte le cóitseálaí a iníonacha Venus agus Serena Williams. Tá an bheirt bhan chumasacha seo sa Táin ó thaobh na leadóige; sí tuairim na coitiantachta gurb í Serena an t-imreoir ab fhearr riamh agus nach bhfuil a deirfiúr atá níos sine ná í ach coiscéim coiligh ina diaidh. Cad é curiarrachtaí atá sáraithe acu agus clocha míle atá sroichte acu i gcaitheamh na mblianta.

Ní hiad na príomhcharachtair sa scannán; go deimhin níl Serena (Singleton) chomh lárnach is a cheapfá. Díríonn an scéal ar bhlianta a n-óige díreach sular dhein a gcumas leadóige iad a raideadh i lár an aonaigh, an tionchar a bhí ag a n-athair orthu agus a ngairm. Creideann Williams go fraoch i gcumas leadóige a iníonacha agus tá sé diongbháilte, stobarnáilte, uaillmhianach faoina gcuid traenála. 

Uaireanta taibhsítear dúinn go bhfuil sé leath as a mheabhair agus uaireanta eile táimid in amhras gur saoi é nach bhfuil a shárú le fáil. Plean 78 leathanach déanta amach aige do shaol imeartha na gcailíní sarar rugadh iad fiú amháin. 

Cuirtear abhaile orainn ag deireadh an scannáin gur tharla an méid a tuaradh. Ní chíortar in aon chor, áfach, an raibh an meon seo ródhian, ar cuireadh an iomarca brú ar na cailíní agus an raibh aon rogha acu maidir leis an saol a bhí leagtha amach dóibh. 

Tá na deirfiúracha Williams sa mheitheal léiritheoirí agus dar liom go bhfágann rannpháirtíocht den saghas sin lorg nach beag ar an “scéal fíor”. Mheasas go raibh rudaí ábhairín rómhilis ar uairibh agus ní cuntas idir chraiceann agus chnámha atá againn anseo. Scéal thairis é go raibh cúigear clainne ag Williams cheana féin lena chéad bhean chéile. 

Bíodh siúd mar atá bainimid súp as an síscéal is iad ag imeacht ón mbeagán go dtí an mórán. Tá siad ag broc le saibhreas, éirí in airde, uaillmhian agus ciníochas lucht na leadóige, ar den chine geal a bhformhór mór acu. A mbéal ar leathadh acu nuair a chíonn siad teaghlach Williams chuig a dtearmann pribhléide.  “Níl aon taithí acu a bheith ag féachaint ar dhaoine dathúla cosúil linne,” a deir Richard go seanbhlastúil, magúil. 

Is carachtair chaithiseacha, ghealgháireacha iad Serena agus Venus (Sidney) sa scannán seo agus déanann na haisteoirí óga léiriú ábalta orthu. Téann Williams go smior sa charachtar ar leith atá idir lámha aige. 

Déantar léiriú cumasach, réalaíoch ar na cluichí agus beidh tú ar cipíní ag deireadh an scannáin nuair atá aghaidh á tabhairt ag Venus, nach raibh ach ceithre bliana déag ag an am, ar Arantxa Sánchez Vicario, an dara himreoir is fearr ar domhan. 

Scannán taitneamhach ach táimid in amhras nach bhfuil an scéal idir chraiceann agus chnámha faighte againn. 

Fág freagra ar 'Taispeántas cumasach ó Will Smith mar athair bhanríonacha na leadóige '