Tairiscintí á lorg do dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge

Dhá chlár oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí atá i gceist: cúrsa B.Ed lánaimseartha ceithre bliana trí mheán na Gaeilge d’ábhar múinteoirí bunscoile agus cúrsa iarchéime páirtaimseartha M.Ed, nó Dioplóma, do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iarbhunscoile

Tairiscintí á lorg do dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge

Tá tairiscintí á lorg do dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge. 

Bhí cuid mhaith éiginnteachta ann roimhe seo faoi na cúrsaí nua oiliúna do mhúinteoirí, cúrsaí atá geallta sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022, ach tá tús curtha anois ag Oifig um Sholáthar Rialtais leis an bpróiseas iomaíochta tairisceana do dhearadh agus do sholáthar na gcúrsaí nua.

Tá na cúrsaí á mbunú chun cur leis an soláthar múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile atá in ann oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Dhá chlár oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí atá i gceist: cúrsa B.Ed lánaimseartha ceithre bliana trí mheán na Gaeilge d’ábhar múinteoirí bunscoile agus cúrsa iarchéime páirtaimseartha M.Ed, nó Dioplóma, do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iarbhunscoile.

Mairfidh an conradh don chúrsa B.Ed ocht mbliana agus beidh seans ann go gcuirfí síneadh ama leis i ndiaidh na tréimhse sin. Conradh ceithre bliana atá i gceist le soláthar an chúrsa nua M.Ed, agus ní chuirfear síneadh ama leis i ndiaidh na tréimhse sin.

Is é an 26 Eanáir an sprioc d’iarratais ar an dá chonradh.

Níl aon chúrsa ann ó dheas faoi láthair a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil d’ábhar bunmhúinteoirí agus níl ach clár amháin a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile, an Mháistreacht Ghairmiúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cáileoidh 34 múinteoir iarbhunscoile ón gcúrsa sin don scoilbhliain 2017/18.

Tugadh geallúint sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go mbunófaí Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (OTM) trí mheán na Gaeilge le cur leis an soláthar bunmhúinteoirí a mbeadh oiliúint orthu le déileáil leis na riachtanais ar leith a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge. Dúradh sa pholasaí go mbeadh áit ar chúrsa nua do 30 múinteoir in aghaidh na bliana ó 2018/19, ach is beag dóchas atá anois ann go dtarlóidh an méid sin ó tharla gur anois atá tairiscintí á lorg.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton i dtús an tsamhraidh go rabhthas ag súil na tairiscintí don Chlár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí a lorg “an samhradh seo” agus go gcuirfí tús leis an gclár nua oiliúna in 2018/2019 nó in 2019/2020.

Sa chás nach gcuirfí tús leis an gclár nua oiliúna go dtí 2019/2020, ní bheadh múinteoirí cáilithe ón gcúrsa nua ceithre bliana go dtí 2024.

D’fhágfadh sé sin nach mbeadh múinteoir ón gclár oiliúna ar fáil do gach scoil Ghaeltachta sa tír go dtí an bhliain 2027. Tá 140 bunscoil sa Ghaeltacht oifigiúil i láthair na huaire agus 30 múinteoir sa bhliain a sholáthrófaí ón gclár nua oiliúna.

Tá imní léirithe ag Gaeloideachas agus eagraíochtaí eile faoin easpa soláthar múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge.

Féachfar mar sin féin ar fhógra na gconarthaí nua mar chéim chun tosaigh i dtaobh chur i bhfeidhm an pholasaí nua oideachais don Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Tairiscintí á lorg do dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge'