‘Táimid i gcontúirt mhór’ – srianta breise do Bhaile Átha Cliath fógartha ag an Taoiseach

Mura ndéantar beart cinnte go práinneach, tá gach seans ann go mbeidh Baile Átha Cliath ar ais san áit a raibh sé nuair ba mheasa an ghéarchéim, a deir an Taoiseach Micheál Martin

‘Táimid i gcontúirt mhór’ – srianta breise do Bhaile Átha Cliath fógartha ag an Taoiseach

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go mbeidh Leibhéal 3 den phlean Covid-19 á chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath ó mheán oíche anocht.

Sa bhreis air sin beidh cosc ar ithe taobh istigh i mbialann. Tiocfaidh na srianta i bhfeidhm ag meán oíche agus mairfidh siad go ceann trí seachtaine.

Agus na srianta nua á bhfógairt aige, dúirt an Taoiseach go raibh an Covid-19 ag dul i neart ar fud na hEorpa agus greim chomh teann anois aige agus a bhí aige san earrach. Dúirt sé go gcaithfí gníomhú i dtaobh chás Bhaile Átha Cliath láithreach.

“Táimid i gcontúirt mhór anseo sa bpríomhchathair d’ainneoin a míle dícheall a bheith déanta ag daoine le roinnt seachtainí. Mura ndéanfaimid beart cinnte go práinneach, tá gach seans ann go mbeidh Baile Átha Cliath ar ais san áit a rabhamar nuair ba mheasa an ghéarchéim seo,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé gur thuig sé do dhaoine a bhí míshásta faoi na srianta nua ach nach raibh aon rogha eile ann.

“Chomh maith le bheith i mo Thaoiseach, is athair mé, céile, deartháir, fear spóirt, fear ar maith leis pionta le mo chairde … Tá a fhios agam go maith cé chomh tuirsiúil, chomh mearaithe agus chomh huaigneach atá an phaindéim seo dár bpobal…”

“Tuigimse go maith a mhíshásta agus atá dhaoine agus tuigim gur fada linn ar fad go mbeidh an phaindéim seo curtha dínn agat. Ach caithfimid cuimhneamh gur aicíd mharfach í seo i gcónaí agus caithfimid gníomhú.”

Dúirt an Taoiseach gurb é an pobal a chosaint an dualgas is mó agus is tábhachtaí atá air féin agus ar an Rialtas.

“Cuireann an víreas seo daoine chun báis. Maraíonn sé daoine óga chomh maith cé gur measa a bhuaileann sé daoine aosta. Daoine nach gcuireann sé den saol, bíonn a lán acu breoite agus míchumasaithe ar feadh míonna,” ar sé.

Dúirt Martin go raibh comhairle “an-soiléir” faighte ag an Rialtas go gcuideoidh na srianta seo le scaipeadh an ghalair a mhaolú.

Fágann an cinneadh go mbeidh srianta breise i mBaile Átha Cliath ar chúrsaí taistil, ar bhéilí a ithe faoi dhíon i dtithe bia, ar bhainiseacha agus ar shochraidí.

Is de bharr an t-ardú atá tagtha ar líon na gcásanna sa bpríomhchathair le cúpla seachtain a cuireadh na srianta breise seo i bhfeidhm.

Deimhníodh os cionn 1,500 cás nua den choróinvíreas i mBaile Átha Cliath le coicís, sin beagnach 55% de na cásanna ar fad sa tír sa dá sheachtain sin.

Ó mheán oíche anocht ní bheidh cead oscailte ag bialanna agus tithe ósta a chuireann béilí ar fáil mura mbeidh ar a gcumas an bia a chur ar fáil amuigh faoi aer nó le tabhairt leo ag custaiméirí.

Ní bheidh cead ag tithe óil nach gcuireann bia ar fáil oscailt in aon chor, cé go mbeidh an cead sin ag tithe óil dá leithéid sa gcuid eile den tír ón Luan beag seo, an 21 Meán Fómhair.

Ní bheidh cead taisteal go Baile Átha Cliath ach ar mhaithe le hobair nó oideachas agus tá iarrtha ar dhaoine oibriú ón mbaile más féidir leo in aon chor nó mura bhfuil sé fíor-riachtanach dul chuig an ionad oibre.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile a raibh Covid-19 orthu tar éis bháis de dheasca an ghalair agus go bhfuil 253 cás eile deimhnithe.

Bhain 116 den 253 cás nua inniu le Baile Átha Cliath, nó 46%, agus bhí roinnt mhaith cásanna i gcontaetha Gaeltachta chomh maith.

Fág freagra ar '‘Táimid i gcontúirt mhór’ – srianta breise do Bhaile Átha Cliath fógartha ag an Taoiseach'

  • Des O Murchu

    FF i gcontuirt mor!

  • Des O Murchu

    Is brea le FF gnothi torthuil a dhuna! Masla ar Le Meass a thosaigh iad at dtus etc!

  • An Teanga Bheo

    Brón is buairt sa saol seo agus srianta orainn uilig !