‘Táim in ísle brí faoi bhás Navalny… tá an freasúra scriosta go hiomlán sa Rúis’

Labhair Tuairisc le Alexey Rashevskiy, Rúiseach atá ina chónaí in Éirinn, faoin ionradh ar an Úcráin agus faoina bhfuil i ndán dá thír dhúchais

‘Táim in ísle brí faoi bhás Navalny… tá an freasúra scriosta go hiomlán sa Rúis’

Aleksey ar cuairt ar a cheantar dúchais in Kamcathka in 2021

‘Bhí alltacht orm ar dtús agus thugas cúpla agallamh do na meáin agus dúirt mé an t-am sin nach raibh náire orm a bheith i mo Rúiseach ach measaim anois go raibh náire orm i ndáiríre.’ Alexey Rashevskiy, Rúiseach 42 bliain d’aois, atá ina chónaí in Éirinn ó 2008 atá ag caint. Rugadh Alexey in Kamchatka, leithinis iargúlta i gcianoirthear na Rúise. Ba Úcránach a athair agus ba Rúiseach a mháthair. Nuair a bhí sé thart fá 14 bhog an teaghlach go dtí na Cugais Thuaidh, gar don Mhuir Dhubh, agus is ansin atá a mháthair i gcónaí. Bhog sé go Moscó ina dhiaidh sin chun freastal ar an ollscoil agus tar éis tuairim is deich mbliana ansin bhog sé go hÉirinn in 2008. Tá a chomhlacht fhéin aige ag plé le forbairt bogearraí.

Creideann sé gurbh í an fhíorchúis gur tharla an mórionradh ‘ná go raibh an tacaíocht do Putin ag dul i léig nuair a thosaigh an cogadh ar dtús in 2014.’

Tháinig méadú mór ar thacaíocht Putin tar éis ghabháil na Crimé in 2014 agus creideann Alexey go raibh sé ag iarraidh an cleas céanna a imirt arís. ‘Measaim gurbh é an smaoineamh a bhí ann ná go dtógfadh sé cúpla lá agus go bhféadfadh sé rialtais puipéid a chur i gcumhacht i gCív agus nach mbeadh aon fhíorchogadh ann, go mb’fhéidir go marófaí cúpla duine nó cúpla céad duine agus ansin go mbeadh a thacaíocht imithe in airde arís.’

Tá an chuma ar an scéal, dar le Alexey, go bhfuil tacaíocht an airm agus an FSB (oidhre an KGB) ag Putin, ach ní chreideann sé go dtacaíonn formhór an phobail leis. ‘Formhór daoine déanann siad iarracht fanacht amach as an bpolaitíocht. Ní dóigh liom go bhfuil mórán daoine a bheadh toilteanach a mbeatha a chur i mbaol ar son regime Putin, seachas b’fhéidir daoine ar thuarastal maith sa phálás agus san FSB agus b’fhéidir san arm.’

Tá súil ag Alexey nach mbuafaidh an Rúis an cogadh ach ní dóigh leis gur féidir leis an Úcráin bua iomlán míleata a bhaint amach.

‘Abair fiú gur éirigh leo filleadh ar theorainneacha na hÚcráine, ní fheicim go stopfadh sin an cogadh mar bheadh an Rúis fós ag scaoileadh diúracán leis an Úcráin óna críocha fhéin.’

An t-aon bhealach go bhféadfaí buachan ar Putin, dar leis, ‘dá dteipfeadh go mór ag an Rúis agus go gcasfadh daoine san éilít i gcoinne Putin, amhail an FSB nó an t-arm.’

Ar chóir don Úcráin agus don iarthar mar sin iarracht a dhéanamh margadh a dhéanamh chun ligint do Putin cuid den Úcráin a choimeád ar mhaithe le geallúint a fháil nach n-ionsódh Putin an chuid eile den Úcráin agus go bhfanfadh an Úcráin amach as NATO? Tá dhá thaobh leis an scéal, dar leis. ‘Thaispeánfadh sé go bhfuil an cineál seo iompair inghlactha agus measaim go ndéanfadh sé iarracht a chumhacht a neartú agus ansin ionsaí a dhéanamh arís. Ach tá a lán daoine ag fáil bháis agus tá daoine a bhfuil gaolta acu ag troid i gcoinne na Rúise ar mhaithe lena muintir a fháil ar ais.’ San fhadtéarma, áfach, deir sé nach réiteach maith a bheadh anseo. ‘Beidh an domhan i riocht níos measa agus beidh sé ina choimhlint arís.’

Má fhaigheann an Rúis seilbh ar an Úcráin cad a tharlóidh do mhuintir na tíre?

‘Feiceann muid an méid atá ag tarlú anois sna críocha atá gafa ag an Rúis. Cuirtear muintir na háite, fir na háite go príomha, go dtí campaí ina ndéanann siad iarracht daoine a aithint a chaith seal san arm agus is féidir daoine a chur chun báis, mar shampla, má sheirbheáil siad in arm na hÚcráine 20 bliain ó shin, fiú murar throid siad riamh i gcoinne na Rúise.’ Creideann sé go ndéanfadh a lán daoine iarracht an tír a fhágáil agus nach mbeadh ach líon beag bídeach den phobal sásta. ‘Measaim go raibh céatadán níos mó Úcránach ar son na Rúise roimh an gcéad ionradh in 2014, b’fhéidir 40%.’

Creideann sé go bhfuil líon na ndaoine a thacaíonn leis an Rúis thart ar 1-3% anois.

‘An chuid eile de na daoine cuirfear faoi chois iad. A lán daoine níl ar a n-acmhainn fágáil agus fanfaidh siad agus glacfaidh siad le pé regime atá ann agus déarfaidh siad ‘OK, níl mé polaitiúil’, go háirithe b’fhéidir an ghlúin níos sine.’

Creideann sé go ndéanfaidh an ghlúin óg iarracht an tír a fhágáil nó go rachaidh siad chun troda arís. ‘Agus ní fheicim conas a bheidh críoch mhaith air sin.’

Deir sé gur stát ‘ar theip air’ a bhí sna críocha sa Donbas a bhí faoi smacht na Rúise tar éis 2014. ‘Is stát coiriúil ollmhór a bhí ann. Is dóigh liom go bhféadfadh an rud céanna tarlú don chuid eile den Úcráin.’ Deir sé áfach go raibh cúrsaí difriúil sa Chrimé agus go raibh ‘rialtas ann agus ní díreach buíonta de bhithiúnaigh i gceannas.’

Bhí alltacht agus an-bhrón ar Alexey faoi bhás Alexai Navalny ach ní raibh ionadh air.

‘Faraor maraíonn regime Putin na scórtha míle duine san Úcráin agus sa Rúis nó b’fhéidir gur gaire é do na céadta míle duine anois.’ Dar leis bhí an réimeas muiníneach nach ndéanfadh daoine ágóidíocht faoi bhás Navalny. ‘Bhí dóchas agam, go dtiocfadh sé slán agus go bhfeicfeadh muid deireadh le réimeas Putin, ach ag breathnú siar is dócha gur dóchas iomlán díchéillí a bhí ansin.’

Déanann sé tagairt don teachtaireacht a d’fhág Navalny, teachtaireacht a bhí le scaipeadh sa chás go maródh an regime é. Dúirt Navalny gur léiriú a bheadh ina mharú go raibh eagla ar réimeas Putin roimh chumhacht na ndaoine agus nár chóir dá lucht leanúna tabhairt suas. Ach ní dóigh leis go raibh an ceart ag Navalny.

‘Measaimse go bhfuil an freasúra scriosta go hiomlán san Rúis. Thug roinnt daoine bláthanna leo mar ómós do Navalny ach ní raibh aon agóidí ann, cuimhneacháin shíochánta a bhí ann, agus fiú na cuimhneacháin sin scrios na póilíní iad. Táim in ísle brí faoi. Níor thacaigh mé go gníomhach le Navalny. D’aontaigh mé le go leor dá thuairimí ach ní leo ar fad. Ach bhí meas agam air mar cheannaire an fhreasúra agus bheinn tar éis tacú leis dá mbeadh sé tar éis seasamh don uachtaránacht.’

Deir Alexey Rashevskiy gur uathlathas a bhí i rialtas na Rúise roimhe seo a bhíodh ‘ag cur dallamullóg ar dhaoine, ag insint a lán bréag dóibh ar an teilifís’ ach anois gur cur faoi chois amach is amach atá ann: ‘Anois tá eagla ar dhaoine aon rud a dhéanamh. Tá eagla orthu labhairt. Tá eagla orthu labhairt lena gcairde, uaireanta fiú lena muintir.’

Deir sé gur deacair do dhaoine san iarthar é sin a thuiscint ‘chomh héasca is atá sé duine a chur go príosún mar gheall ar rud éigin iomlán neafaiseach’. Sular thosaigh an cogadh mheas sé go raibh tiománaithe tacsaí na hÉireann ar an lucht tacaíochta is mó ag Putin.

‘Gach uair go bhfuair mé tacsaí d’fhiafraigh siad díom: ‘Ó an maith leat Putin?’ Agus déarfadh mé: ‘Ní maith liom.’ Agus déarfadh siad: ‘Cén fáth? Is fear iontach é!’

“Agus níl tuairim dá laghad acu gur cuireadh daoine i bpríosún fiú roimh an gcogadh seo de bharr, b’fhéidir rud éigin a scríobh siad ar Facebook, gnáth-theachtaireacht, díreach ag rá nach n-aontaíonn tú le rud éigin, agus is féidir leo pianbhreith cúig nó seacht mbliana a ghearradh ort.’

Cén fáth mar sin nach bhfuil eagla air féin labhairt amach? ‘Fuair m’athair bás i dtús an chogaidh agus dar ndóigh chuaigh mé abhaile chuig an tsochraid ach bhí sceimhle orm dul. Bhlocáil mé mo ghréasáin shóisialta ar fad ionas dá seiceálfadh an FSB nach mbeadh aon rian le haimsiú go héasca. Ach ansin thuig mé má dhéanann tú gúgláil orm go dtagann agallamh a rinne mé leis an Irish Times suas. Tá eagla orm ach tá sé tábhachtach an fhírinne a insint’.

An chuid is mó dá chairde ón Rúis tá siad i gcoinne an chogaidh agus tá an tír fágtha ag cuid acu. Tá roinnt cairde leis, nó iarchairde mar a deir sé féin, neodrach nó ag tacú leis an gcogadh agus ‘creideann siad an bholscaireacht ar fad agus an stuif faoi Naitsithe agus is rud osréalaíoch é.’

Fiú i measc a mhuintire féin tá easaontas ann. Tá a leasdeartháir leis go mór ar son Putin agus ní labhraíonn siad lena chéile a thuilleadh dá bharr.

Maidir leis an todhchaí, deir sé go bhfuil an chuma ar an scéal go n-éireoidh an cogadh ‘reoite’ ag pointe éigin.

‘Nuair a phléim todhchaí na Rúise le mo chairde deirim go gceapaim go leanfaidh rudaí ar aghaidh sa treo ina bhfuil siad ag dul, mura dtarlaíonn eachtra éigin nach féidir a thuar, agus deirim nach féidir liom aon rud dearfach a fheiceáil don Rúis agus ní dóigh liom gur tír í a mbeidh mé ag iarraidh cónaí inti an chuid eile de mo shaol agus measaim go mbeidh cúrsaí mar sin ar feadh cúpla glúin ar a laghad.’

Fág freagra ar '‘Táim in ísle brí faoi bhás Navalny… tá an freasúra scriosta go hiomlán sa Rúis’'