TÁILLÍ UISCE: Íocadh an truaillitheoir ach ní in Éirinn. Mo náire sinn…

B’fhéidir go bhfuil bealach éalaithe faighte ag polaiteoirí faoi dheireadh ó aighneas fadálach na dtáillí uisce, ach cé a íocfaidh an téiléireacht?

TÁILLÍ UISCE: Íocadh an truaillitheoir ach ní in Éirinn. Mo náire sinn…

Foilsíodh tuairisc an Chomhchoiste Oireachtais um Maoiniú ar Sheirbhísí Uisce Tí sa Todhchaí inné.  Má ghlactar leis na moltaí sa tuairisc úd trí reachtaíocht a achtú sa Dáil, an gciallaíonn sé sin go bhfuil bealach éalaithe faighte ag na polaiteoirí faoi dheireadh ó aighneas fadálach na dtáillí uisce?    

Is dócha go gciallaíonn –sa ghearrthréimhse, pé scéal é.  Bainfear an nimh as lear mór de na cúiseanna gearáin a ghoill ar fheachtasóirí in aghaidh na dtáillí uisce, leithéid AAA/Solidarity agus Can’t Pay, Won’t Pay ach go háirithe.

Is faoi úinéireacht agus bhainistiú poiblí a fhanfaidh ár gcóras uisce amach anseo, agus an stádas sin le bheidh daingnithe sa mBunreacht. Cuirfear deireadh leis an bpróiseas méadraithe náisiúnta tí seachas i bhfoirgnimh nua agus ní eiseofar billí uisce tí a thuilleadh, seachas chucu siúd a úsáidfidh “an iomarca” uisce. 

Tá an téarma ‘ró-úsáid uisce’ fós le sainiú, agus tabharfar deis do dhaoine a gcás a dhéanamh ar son díolúine.  Agus má d’íoc tú do tháillí uisce tí, beidh aisíocaíochtaí de shórt éigin i ndán duit, am éigin, cé nach fiú a bheith ag éirí mífhoighneach faoin scéal.

An bhfuil chuile dhuine sásta, mar sin?  Níl, ná baol air.  Measann Paul Murphy agus Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig gur capall na Traí é an coincheap doiléir sin ‘ró-úsáid’.  Níor aimsigh tuairisc an tSainchoiste um Sheirbhísí Uisce Poiblí Tí a foilsíodh roimh Nollaig aon fhianaise, dar leo, go bhfuil ró-úsáid uisce ar bun i measc theaghlaigh na hÉireann – ach admhaíonn údair na tuairisce nach féidir a bheith cinnte faoi sin ceal méadair a beith curtha isteach i ngach teach. Rud nach dtarlóidh anois. 

Dar le Solidarity, tá an rialtas ag iarraidh bob a bhualadh orainn, agus tacaíocht acu ó Fhianna Fáil, páirtí, a deir siad, a athraíonn a bport faoin gceist seo go leanúnach agus nach dtiocfadh leat focal a chreidiúint uathu dá bharr.   Tá sé mar aidhm ag FF/FG, dar leo, táillí a thabhairt ar ais faoi choim, ‘tríd an gcúldoras’, sna blianta amach romhainn. Áitiú nach féidir a bhréagnú faoi láthair, ar ndóigh. 

Ar an taobh eile den scéal, cuirfidh an comhréiteach seo ‘tinneas cinn fioscach’ orthu siúd sa rialtas a mbeidh sé mar chúram orthu an cháinaisnéis a chur le chéile agus a aontú.  Gan a leordhóthain teacht isteach ag Uisce Éireann ó tháillí, beidh iachall ar an stát fiachais agus riachtanais infheistíochta na heagraíochta sin a léirmhíniú mar chuid den chlár comhardaithe náisiúnta – rud nach bhfuil amhlaidh i gcás BSL mar shampla, comhlacht a thuilleann maoiniú ar na margaí idirnáisiúnta neamhspleách ar an stát.  Sin le rá go dtiocfaidh an €13 billiún infheistíochta atá riachtanach do UÉ as pócaí an ghnáthcháiníocóra – an tobar maoinithe céanna ar a bhfuil gach uile sheirbhís stáit eile ag tarraingt as (cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais, na Gardaí srl.).

Cad faoin Eoraip? An sásóidh an beartas seo Coimisiún na hEorpa, nó an bhfuil fíneálacha móra i ndán dúinn as gan a bheith ag cloí go hiomlán le Treoir 2000/60/CE – ‘Creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce’ – treoir a ndearnadh dlí de chuid na tíre seo di sa mbliain 2003 mar S.I. No. 722/2003 – European Communities (Water Policy) Regulations 2003.    

Is dóigh liom gur féidir linn na fíneálacha a sheachaint – níl córas táillí tí méadraithe i bhfeidhm i ngach tír Eorpach agus bíonn dlíodóirí cumasacha ar fáil i gcónaí.  Ach an leor dúinn leithscéal a ghabháil arís eile maidir leis an timpeallacht?  An leor dúinn coinneáil orainn ag rá nach mbaineann na céimeanna caomhnaithe seo linne an iarraidh seo ach an oiread?  Nach fiú dúinn beart éigin a dhéanamh a léireodh go bhfuil súil a choinneáil againn ar an sconna agus ídiú an uisce?

Nó an bhfuil an ceart ag na Glasaigh agus Páirtí an Lucht Oibre nach bhfuilimid dáiríre mar phobal faoin bprionsabal ‘Íocadh an truaillitheoir’? Prionsabal é sin a d’eascair as réabhlóid na tionsclaíochta san 19ú haois déag, agus prionsabal é a fuair tacaíocht ó lucht tionscal féin ag an am.  Má dhéanann tú díobháil don timpeallacht, caithfidh tú é a chúiteamh.   Tháinig an prionsabal sin i réim go tréan ó na 1970idí ar aghaidh san Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD).  Tá sé luaite go sonrach sa Treoir agus i ndlí na tíre seo ó 2003. Leagtar freagrachtaí soiléire ar údaráis náisiúnta faoin reachtaíocht Eorpach maidir le costais uisce. Ní mór dóibh ‘a chinntiú go ndéantar costas seirbhísí uisce a fháil ar ais ionas go mbainfear úsáid éifeachtach as acmhainní agus go n-íocann na truaillitheoirí’.     San Ionstraim Reachtúil Uimhir 722/2003 alt 11, tá an méid seo ann:

Cost Recovery  (1) The relevant local authorities shall (a) in accordance with Article 9 of the Directive, take account of the principle of recovery of the costs of water services including environmental and resource costs, having regard to the economic analysis carried out according to article 7, and in accordance in particular with the polluter pays principle.

Ach mura mbeidh méadair uisce éigeantach a thuilleadh, conas is féidir breith orthu siúd atá ‘ag cur uisce amú’?  Ní éireoidh leat ach breith ar chorrdhuine. ‘Mura féidir leat é a thomhas, ní féidir leat é a bhainistiú,’ mar a dúirt Peter Drucker fadó.   

Débhrí chuiditheach (Constructive ambiguity) a thabharfainn ar na moltaí áirithe seo.  Is é atá ar bun ná seachaint na ceiste uair amháin eile maidir le caomhnú an chomhshaoil. Sinne ag déanamh amach arís eile nach mbaineann na cúraimí seo linn – gur bhrúigh dream ón taobh amuigh (an Eoraip nó an Troika) orainn iad.   Cinnte, is ceart daonna é an t-uisce.  Ach tá dualgas daonna orainn chomh maith an timpeallacht a chaomhnú. Tá iarrtha orainn na cinntí tábhachtacha a bhaineann le luachanna daonna a chur ar athlá arís, agus muid i bhfolach arís ar chúl scéithe. 

Mo náire sinn.