Tada idir na foirne agus Naomh Anna ag iarraidh clann Murtagh is Naomh Faithleach a shárú

Imreoidh Naomh Anna, Leitir Móir in aghaidh churaidh Ros Comáin, Naomh Faithleach, i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Chonnacht tráthnóna

Tada idir na foirne agus Naomh Anna ag iarraidh clann Murtagh is Naomh Faithleach a shárú

Naomh Anna, Leitir Móir v Naomh Faithleach – Staid an Phiarsaigh, 1.30pm

D’fhág cásanna Covid-19 sa dá champa gur cuireadh ar athlá cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile Chonnacht. Tá foirne Naomh Anna, Leitir Móir agus Naomh Faithleach tagtha chucu féin arís agus súil ann nach mbeidh lorg an víris le feiceáil ar iomaíocht an lae inniu.

Dúirt bainisteoir Naomh Anna, Ciarán Óg Ó Flatharta, i rith na seachtaine go mbeadh a chuid imreoirí uilig ar ais don chluiche ceannais agus beidh siad uilig ag teastáil más le fir Chonamara an ceann is fearr a fháil ar fhoireann láidir Ros Comáin.

Cumann beag tuaithe é Naomh Faithleach ach tá scata peileadóirí maithe tagtha chun cinn ann le blianta beaga anuas. Beidh aithne mhaith ag lucht na peile ar an mbeirt deartháireacha sna tosaithe, Ciarán agus Diarmuid Murtagh. Is minic geansaí Ros Comáin caite acu seo agus bhí Diarmuid ar dhuine de na tosaithe ab fhearr i gCraobh Idirmheánach Ros Comáin i mbliana.

Ní ar an mbeirt sin amháin a chaithfidh Naomh Anna súil a choinneáil. D’imir deartháir eile, Brian, d’fhoireann shinsir Ros Comáin freisin agus imreoir cumasach é David Rooney i lár na páirce, fear a bhfuil 0-14 scóráilte aige sna seacht gcluiche a bhí ag Naomh Faithleach sa bhfeachtas craoibhe go dtí seo.

‘Bhí a gcairde Tigh Darby ach bhí na leaids amuigh ag traenáil’ – Nollaig chiúin ag Naomh Anna roimh an gcluiche mór

Tá cosantóirí tréana ag an bhfoireann freisin. Tá ainmn in airde ar Mikey Cox, Adrian Murtagh agus Darren Nerney as a dtaispeántas i gCraobh Ros Comáin. Níor ghéill an fhoireann ach ceithre chúl i sé chluiche sa gcomórtas sin, níos lú ná aon fhoireann eile.

Beidh na cosantóirí sin faoi bhrú i Staid an Phiarsaigh tráthnóna mar níl aon amhras ach go bhfuil bua na gcúl ag fir Naomh Anna. Tá 17 cúl scóráilte acu go dtí seo in ocht gcluiche.

Ní taobh le duine ná beirt atá an fhoireann leis na scóranna sin a aimsiú ach an oiread agus cúil scóráilte ag naonúr ar fad, idir thosaithe, imreoirí lár páirce agus cosantóirí. Tá trí cinn an duine scóráilte ag an lántosach Aonghus Ó Fátharta agus Maitias Eoin Bairéad, a chuireann an-bhrí sa bhfoireann sa trian láir. Ba é Éamonn Ó Loingsigh laoch na foirne i gcluiche leathcheannais Chonnacht in aghaidh Ghaeil Mhaigh Eo agus tá dhá chúl aimsithe aige, mar atá ag Warren Seoige, Dylan Seoige agus captaen na foirne, Ciarán Bairéad. Cúl an duine atá scóráilte ag Iarla Ó Curraoin, Evan Ó Flatharta agus Oisín Mac Donnacha.

Ag iarraidh na cúil a choinneáil amach a bhíonn Seán Andy Ó Ceallaigh agus seans maith gur ag marcáil duine de mhuintir Murtagh a bheidh sé tráthnóna. Tá cabhair mhaith faighte aige i rith an fheachtais ó Cholm agus Eoin Mac Donnacha, a bhíonn chaon taobh de sa líne lánchúil.

Agus an cluiche seo á imirt i Staid an Phiarsiagh i lár mhí Eanáir, is fánach an seans gur cluiche breá oscailte a bheidh ann ach tá taithí mhaith ag an dá fhoireann ar choimhlintí géara crua a bhuachan.

Bhí am breise ag teastáil ó Naomh Faithleach chun cluiche ceannais an chontae agus cluiche leathcheannais an chúige a bhuachan. Am breise a thug deis do Naomh Anna Gaeil Mhaigh Eo a shárú i mbabhtaí leathcheannais Chonnacht freisin agus bhí an t-am istigh nuair a scóráil Warren Seoige cúilín an bhua i gcluiche ceannais na Gaillimhe in aghaidh an Dúin Mhóir.

Breathnaíonn sé nach bhfuil tada idir na foirne. Má éiríonn le Naomh Anna tionchar mhuintir Murtagh a mhaolú, beidh cuid mhór den obair déanta acu ach ní bheidh ann ach an tús.

Fág freagra ar 'Tada idir na foirne agus Naomh Anna ag iarraidh clann Murtagh is Naomh Faithleach a shárú'