Tá urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty i measc na bpolaiteoirí a bhfuil tacaíocht léirithe acu do phlean a éilíonn go ndéanfaí infheistíocht breis is €220 milliún i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi dheireadh 2029.
Scaip Conradh na Gaeilge a bplean infheistíochta nua, Plean Fáis 2024-2029, ar pholaiteoirí i mBaile Átha Cliath tráthnóna agus iad ag iarraidh ar na rialtais ó dheas agus ó thuaidh “cothrom na Féinne” a thabhairt do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Tá an Conradh ag maíomh go bhféadfaí breis is 9,000 post a chruthú in Éirinn dá dtacófaí leis na moltaí atá sa phlean.
I measc na moltaí is suntasaí atá sa phlean, tá an t- éileamh go ndéanfaí ardú ollmhór ar an airgead a chuirtear ar fáil do leithéidí Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4 sna blianta amach romhainn agus an Conradh ag iarraidh chomh maith go gcuirfí €50 milliún sa bhliain ar fháil do chiste infreastruchtúir Ghaeltachta a bheadh faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Tá an eagraíocht teanga ag lorg €37.5 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2024.

Agus é ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty gur “plean maith” atá i bplean an Chonartha agus go raibh na moltaí ann ag teacht cuid mhaith le moltaí a bheidh i mbuiséad malartach Shinn Féin a bheidh á fhoilsiú go luath.
Dúirt Doherty, a d’fhéadfadh a bheith ina Aire Airgeadais sa chéad rialtas eile má éiríonn go maith le Sinn Féin san olltoghchán, nach mbeadh caiteachas mór i gceist leis na moltaí i bplean an Chonartha a chur i bhfeidhm agus go gcaithfí sin a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.
“Seo plean maith, i mo thuairimse, plean cúig nó sé bliana atá ann agus ba chóir…go gcuirfeadh muid i bhfeidhm an plean seo. Ag deireadh an lae, ní airgead millteanach atá muid ag caint air. Nuair a bhíonn muid ag amharc ar Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, seo pinginí i gcomparáid leis sin.
“Tá muid ag caint ar €40 milliún sa bhreis achan bhliain ar feadh cúig nó sé bliana leis an phlean seo a chur i gcrích,” a dúirt an Teachta Doherty.
“B’fhéidir go mbeadh difríochtaí beaga [ag Sinn Féin] maidir le an ndéanfadh muid seo nó siúd ach, ag deireadh an lae, tá an cineál seo d’infheistíocht, ar a laghad, de dhíth sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.”
Ag labhairt ar Adhmhaidin, thacaigh na Seanadóirí Barry Ward ó Fhine Gael agus Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil leis na moltaí atá sa phlean, mar a thacaigh an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly.
Is í mórsprioc Chonradh na Gaeilge sa phlean infheistíochta ná go gcaithfí 0.4% de chaiteachas an stáit ó dheas agus 0.1% ó thuaidh ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta. De réir na bhfigiúirí sa phlean, ní chaitear ach idir 0.13% agus 0.17% ó dheas i láthair na huaire agus idir 0.02% agus 0.08% atá i gceist ó thuaidh.
Tá éileamh déanta freisin ar €50 milliún breise sa bhliain do TG4, a chuirfeadh an stáisiún ar comhchéim le S4C na Breataine Bige ó thaobh maoinithe de, éileamh atá déanta freisin ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont. Deir Conradh na Gaeilge go bhféadfadh an maoiniú seo suas le 1,900 post nua a chruthú.
Tá cur síos déanta sa phlean ar na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta le roinnt blianta anuas. Deirtear go bhfuil buiséad caipitil na heagraíochta laghdaithe 43% ó 2008, tráth a bhfuil buiséad an IDA ardaithe 66% agus méadú 30% tagtha ar bhuiséad Fhiontraíocht Éireann, dar leis an Chonradh.
Mar chuid den airgead breise atá á éileamh ag an gConradh don Údarás, tá €20 milliún breise sa bhliain do chistí caipitil.
I measc na n-éileamh eile a dhéantar ar airgead breise sa phlean, tá thart ar €16 milliún sa bhreis gach bliain á lorg don phleanáil teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht; €7.5 milliún chun Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais sa Ghaeltacht agus €1 milliún breise chun a leithéid a chur ar bun lasmuigh den Ghaeltacht; €9 milliún do scoláireachtaí go dtí na Coláistí Samhraidh Gaeilge agus €6 milliún chun tuilleadh líonta tí a mhealladh agus an deontas dóibh a ardú; €5 milliún do Chiste Caipitil le haghaidh lárionad Gaeilge ó dheas; agus €5 milliún sa bhliain chun cabhrú le daoine tithe a thógáil sa Ghaeltacht
Chomh maith leis an phlean infheistíochta a sheoladh inniu, reáchtáil Conradh na Gaeilge an t-imeacht SEAS23 agus iad ag casadh le Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó na páirtithe uile chun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé. I measc na n-ábhar a pléadh, bhí Buiséad 2024, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí oideachais.
Fág freagra ar 'Tacaíocht láidir tugtha ag Sinn Féin do phlean a éilíonn €220 milliún breise don Ghaeilge'