Tacaíocht an Rialtais de dhíth chun earnáil léiriúcháin na Gaeilge a chur san iomaíocht go hidirnáisiúnta – SPI

I measc na moltaí a rinne Léiritheoirí Scáileán na hÉireann le Coiste Gaeilge an Oireachtais, éilíodh go dtabharfaí buntáiste cánach do chomhlachtaí chun léiriúcháin a dhéanamh sna ceantair réigiúnacha

Tacaíocht an Rialtais de dhíth chun earnáil léiriúcháin na Gaeilge a chur san iomaíocht go hidirnáisiúnta – SPI

Tá léiritheoirí teilifíse agus scannánaíochta Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas breis tacaíochta a chur ar fáil chun borradh a chur faoin earnáil i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair réigiúnacha eile ar fud na tíre.

Tá Léiritheoirí Scáileán na hÉireann (SPI), a dhéanann ionadaíocht ar fhormhór na léiritheoirí Gaeilge, ag iarraidh go dtabharfaí “tús áite” don Ghaeilge i straitéisí atá á gcur i bhfeidhm cheana féin ag an Rialtas sna tionscail chruthaitheacha agus go bhforbrófaí plean amach anseo a bheadh dírithe go sonrach ar thacaíocht a thabhairt don earnáil Ghaeilge amháin.

I measc na moltaí a rinne SPI agus iad os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, éilíodh go dtabharfaí buntáiste cánach do chomhlachtaí chun léiriúcháin a dhéanamh sna ceantair réigiúnacha agus go gcuirfí le chéile “straitéis tallainne” d’earnáil léiriúcháin na Gaeilge chun daoine nua a mhealladh chuici.

Mar chuid dá cur i láthair, thagair Susan Kirby, Príomhfheidhmeannach SPI, don ‘Bhorradh Réigiúnach’, beart rialtais a thug buntáiste cánach do chomhlachtaí léiriúcháin léiriú a dhéanamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Corcaigh, áiteanna ina mbíonn go leor den obair sin lonnaithe.

Dúirt Kirby gur thacaigh an beart sin le léiriúcháin ar fud na tíre agus go raibh Gaillimh, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo i measc na n-áiteanna is mó a bhain leas as. Luaigh Kirby go sonrach an tsraith North Sea Connection, a taifeadadh i gConamara agus a craoladh ar RTÉ.

Bíonn costais níos mó ag baint le hábhar a léiriú sna ceantair réigiúnacha, a dúirt Kirby, ach cé go raibh ag éirí leis an mbeart, tá an creidmheas cánach laghdaithe ó 5% go dtí 3% le cúpla bliain anuas.

“Tá sé ag ísliú gach bliain ach níl na costais ag ísliú,” a dúirt sí.

Tá SPI ag moladh go dtabharfaí an creidmheas cánach ar ais go dtí ar a laghad 5% go dtí 2024 chun an borradh a chonacthas faoin earnáil ar fud na tíre le tamall a choinneáil ag imeacht.

“Chonaiceamar na green shoots agus na féidearthachtaí a bhí ann ach anois tá siad ag laghdú agus ag imeacht,” a mhaígh Kirby.

Chomh maith le Kirby, bhí Irial Mac Murchú, Príomhfheidhmeannach Nemeton, agus Gavin Halpin, Stiúrthóir Bainistíochta Paper Owl Films, i láthair ag an gcruinniú I dTeach Laighean inné agus dúirt an triúr go raibh straitéis nua de dhíth chun daoine a mhealladh isteach in earnáil léiriúcháin na Gaeilge má bhí an earnáil le dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta.

Chomh maith le haisteoirí, scríbhneoirí, léiritheoirí agus eile, dúirt Mac Murchú go raibh daoine le scileanna bainistíochta agus gnó ag teastáil chun go mbeadh an earnáil in ann bláthú chomh mór agus a d’fhéadfadh sí.

Dúirt sé gur minic go mbíonn orthu siúd a raibh comhlachtaí léiriúcháin Ghaeilge acu feidhmiú mar dhlíodóirí, mar lucht acmhainní daonna agus eile toisc acmhainní teoranta a bheith acu.

“Ní féidir a bheith ag déanamh cláracha agus ag fás na hearnála ag an am céanna,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Murchú gur gá daoine nua a thabhairt isteach san earnáil chun “fuil nua” ó thaobh na “cruthaitheachta” a mhealladh ach gur theastaigh freisin daoine chun díriú ar an bhforbairt straitéiseach.

Chuir SPI fáilte roimh an maoiniú breise a bhí faighte ag TG4 le blianta beaga anuas agus an scéal go raibh Cúla4 le bunú mar chainéal ann féin.

Dúirt Gavin Halpin go gcruthódh an cainéal nua deiseanna do chomhlachtaí léiriúcháin Ghaeilge ach go gcaithfí tacaíocht a chur ar fáil dóibh chun a chinntiú go mbeadh sé ar a gcumas lántairbhe a bhaint as na deiseanna sin.

“Go háirithe le cainéal úr TG4, Cúla4, atá go hiomlán dírithe ar dhaoine óga, tá níos mó cláracha de dhíth orthu, tá níos mó comhlachtaí léiriúcháin de dhíth orthu. Tá na féidearthachtaí gnó ann ach mura bhfuil an córas gnó sin ar fáil do na comhlachtaí, ní bhainfear ceann scríbe amach.

“Tá muid ag barr an dréimire leis an méid tallainne atá san earnáil. Chun an chéad chéim eile a thógáil, tá straitéis agus tallann de dhíth, cinnte.”

Fág freagra ar 'Tacaíocht an Rialtais de dhíth chun earnáil léiriúcháin na Gaeilge a chur san iomaíocht go hidirnáisiúnta – SPI'