‘Tabhair buntáiste do mhic léinn a dhéanann cúrsa Gaeilge breise mar chuid dá gcéim’

Pléadh ag cruinniú i dTeach Laighean inné moltaí a dúradh a chuideodh le sprioc an stáit tuilleadh Gaeilgeoirí a earcú

‘Tabhair buntáiste do mhic léinn a dhéanann cúrsa Gaeilge breise mar chuid dá gcéim’

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné gur chóir do mhic léinn ollscoile creidiúintí breise dá gcéimeanna a fháil má thugann siad faoi theastas Gaeilge.

Mhaígh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Naoise Ó Cearúil go meallfadh a leithéid de ghníomh tuilleadh daoine chun an teanga a fhoghlaim ag an tríú leibhéal agus go gcabhródh sé cur le líon na gcainteoirí Gaeilge agus leis an sprioc reachtúil tuilleadh Gaeilgeoirí a earcú chun na hearnála poiblí a bhaint amach.

Dúirt Conradh na Gaeilge ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inné gur chóir go mbeadh ranganna ina bhféadfaí teastas a bhaint amach sa Ghaeilge ar fáil saor in aisce do gach uile mhac léinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal.

Mhol an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil, áfach, go mbeadh cúrsa TEG ceangailte leis an gcéim.

“Dá mbeadh tú ag déanamh dlí, mar shampla, agus dá ndéanfá cúrsa B2 nó B1 i TEG, go bhféadfá cúig chreidiúint a fháil i dtreo an chúrsa sin agus go gcabhródh sé leat onóracha a fháil i do chéim,” a dúirt sé.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur smaoineamh maith a bhí i moladh an Teachta Dála gus mhol sé dó teagmháil a dhéanamh le Roinn na Gaeltachta chun go mbeadh sé mar chuid den chéad phlean gníomhaíochta atá á ullmhú mar chuid den Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge.

Bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus Comhairle na nÓg i dTeach Laighean chun plé a dhéanamh faoi chúrsaí oideachais.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh 5% de mhic léinn na hÉireann ag déanamh ar a laghad cuid dá gcéim trí Ghaeilge faoin mbliain 2045.

Thagair Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta leis an gConradh, d’fhigiúirí a léirigh nach raibh 0.68% de mhic léinn ag déanamh cúrsa tríú leibhéal nó cuid de chúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge faoi láthair. “Bíodh sé mar sprioc againn é sin a mhéadú go 5% sna 20 bliain romhainn,” a dúirt sí.

Chaithfí cur go mór le líon na mac léinn a dhéanann cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge chun go mbainfí sprioc earcaíochta Gaeilge an Stáit amach, a dúradh.

“Tuigeann sibh féin go maith go bhfuil sé mar sprioc ag an Stát gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030. Ach cad as a dtiocfaidh na hearcaigh seo mura ndéanfar freastal ar a riachtanais agus iad ar scoil agus ag an tríú leibhéal?

“Tá an t-oideachas lán-Ghaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne in áit thar a bheith leochaileach. Níl ach 8% de dhaltaí bunscoile sna 26 contae ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Ag an iar-bhunleibhéal, níl ach 3.8% acu ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, agus is measa i bhfad an scéal ag an tríú leibhéal.”

Mhol Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn do na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair go mbunófaí in Éirinn macasamhail Coleg Cymraeg Cenedlaethol, gníomhaireacht náisiúnta chun cúrsaí sa Bhreatnais agus acmhainní don Bhreatnais a fhorbairt don tríú leibhéal.

Dúradh go raibh a dhá oiread níos mó mac léinn anois ag tabhairt faoi chéim a raibh cuid di i mBreatnais ná mar a bhí sular bunaíodh an Coleg Cymraeg Cenedlaethol in 2011.

Dúradh go mbeadh a leithéid de ghníomhaireacht in ann tabhairt faoi thaighde faoi céard iad na cúrsaí tríú leibhéal is mó is gá a chur ar fáil i nGaeilge agus freisin céard iad na cúrsaí ba mhó spéis ag daoine óga.

Dúirt Róisín Ní Chinnéide go dtitfeadh an córas atá ann do theagasc na Gaeilge as a chéile ar fad mura dtabharfaí aghaidh ar chás na teanga ag an tríú leibhéal.

“I measc na mílte a bhí ag léirsiú an deireadh seachtaine seo [ag an mórshiúl Cearta i mBaile Átha Cliath], bhí daltaí bunscoile, meánscoile, agus mic léinn tríú leibhéal. Bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus léachtóirí ann.

“Tá teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal ag croílár éiceachóras na teanga, agus mura ndéanfar na fadhbanna a leigheas, cuirfear an córas ar fad i mbaol.”

Dúirt Ní Chinnéide go raibh “lúb ar lár “ó thaobh na Gaeilge de ag gach leibhéal den chóras oideachais. Bhí córas na ndíolúintí ag an iar-bhunleibhéal “iomlán as smacht” agus “leithcheal” á dhéanamh ar “breis is 55,000 dalta” nach raibh ag foghlaim na Gaeilge dá bharr.

Chaithfí, a dúirt sí, aghaidh a thabhairt ar an gcóras “ina iomláine” le dul i ngleic leis “an soláthar suarach” ag an tríú leibhéal.

“Tá géarghá le Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Luath-Oideachas go dtí an Tríú Leibhéal a fhorbairt láithreach bonn, agus an córas ar fad a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach,” arsa Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.

Ba cheart, a dúirt sí, ranganna faoin bhfráma Eorpach a chur ar fáil saor in aisce don uile mhac léinn.

“Má theastaíonn uainn sochaí atá in ann feidhmiú trí Ghaeilge a bhaint amach, agus go mbeidh seirbhísí as Gaeilge ar fáil don tsochaí sin, ba cheart ranganna TEG saor in aisce a bheith ar fáil do mhic léinn uile na n-institiúidí tríú leibhéal.”

Dúirt Pádraig Mac Brádaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn, go raibh “neamhréir iomlán” idir céatadán na mac léinn a bhfuil cúrsaí tríú leibhéal á ndéanamh trí Ghaeilge acu agus sprioc earcaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Ar an iomlán, is i mbosca beag bídeach a mhaireann an Ghaeilge sa saol acadúil, ní mar mheán cumarsáide, fiú, ach mar ábhar léi féin nach bhfuil ceangailte le rud ar bith eile.

“Is fíor gur féidir staidéar a dhéanamh uirthi le hábhar eile, ach is trí Bhéarla a bhíonn an t- ábhar eile i gcónaí. Fágann sé sin go bhfuil iallach ar mhic léinn arb as an nGaeltacht dóibh, a d’fhreastail ar scoil trí Ghaeilge ar feadh a saoil ar fad agus a tógadh le Gaeilge, gach rud a dhéanamh trí Bhéarla agus iad ar an ollscoil.

“Tá de nós ag an Stát a bheith ag brath an iomarca ar obair dheonach na nGael le gach rud a chur ar fáil dúinn féin leis na pinginí suaracha a thugtar dúinn, ach ní féidir le Cumann Gaelach ar bith cúrsa dlí nó innealtóireachta trí Ghaeilge a chur ar fáil.”

Fág freagra ar '‘Tabhair buntáiste do mhic léinn a dhéanann cúrsa Gaeilge breise mar chuid dá gcéim’'

  • Pól Ó Braoin

    Alt den scoth, a Phádraic, ach ní féidir le móramh mór polaiteoirí na tíre seo é a léamh ná níl siad ag iarraidh é a léamh ach an oiread, gan caint ar na smaointe atá ann a chur ar bord i long an rialtais. Is trua é ach is fíor nach n-éistfidh móramh an bhéarla linn go deo na ndeor, muis…
    Mar sin féin alt an-suimiúil atá ann.