Gradam Eorpach don téarmaíocht le bronnadh ar thaighdeoir Éireannach

D’éirigh le Dara de Poire, taighdeoir óg as Baile Átha Cliath ,an chéad áit a bhaint amach i gcomórtas a reáchtálann Cumann Téarmeolaíochta na hEorpa 

Gradam Eorpach don téarmaíocht le bronnadh ar thaighdeoir Éireannach

Bronnfar gradam ar thaighdeoir Éireannach in Innsbruck na hOstaire ag deireadh na bliana as an taighde atá déanta aige ar an téarmaíocht Ghaeilge in Éirinn. Rinne Dara de Poire, ó Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU, taighde ar mheon múinteoirí iarbhunscoile i leith nuathéarmaíocht na Gaeilge dá thráchtas PhD.

D’éirigh leis an taighdeoir óg as Baile Átha Cliath an chéad áit a bhaint amach i gcomórtas a reáchtálann Cumann Téarmeolaíochta na hEorpa – an Gradam Idirnáisiúnta d’Éacht Thar na Bearta i dTaighde agus i bhForbairt na Téarmeolaíochta.

Bhain taighde de Poire leis an dearcadh atá ag múinteoirí iarbhunscoile, i gcomhthéacs an tumoideachais, i leith nuathéarmaíocht na Gaeilge. Dhírigh sé ar mhúinteoirí Gaeilge agus múinteoirí ábhar eile i meánscoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, meánscoileanna Gaeltachta, agus aonaid Ghaeilge i scoileanna eile.

“Dhírigh mé orthu mar mhúinteoirí ar dtús agus ansin ar an tionchar a bhíonn acu féin ar na daltaí agus mar chainteoirí laethúla Gaeilge. Go dtí seo, ní dhearnadh aon taighde ar ghrúpa chomh mór seo le cúlraí éagsúla teanga, ba ag díriú ar chainteoirí dúchais den chuid is mó a bhí an taighde roimhe seo. Tá tuiscint níos iomláine anois againn,” a dúirt sé.

Is éard a bhí i gceist le “nuathéarmaíocht” i dtaighde de Poire ná téarmaí agus focail nua-aimseartha agus nuafhocail a cumadh le tamall de bhlianta anuas. Dúirt sé, mar shampla, gur tháinig go leor nuafhocal chun cinn le linn na paindéime Covid-19 agus daoine ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar choincheapa nua a bhí á nochtadh den chéad uair.

“Bhí mé féin ag plé le focail agus téarmaí atá ar fáil san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge nach raibh ar fáil sna foclóirí a foilsíodh roimhe sin – Foclóir de Bhaldraithe agus Foclóir Uí Dhónaill. Tá tréimhse seasca bliain i gceist ansin.

“Thug sé deis dom díriú ar chleachtais chainte na múinteoirí. Tá an códmhalartú mar chleachtas ann, tá diúltú do théarmaí áirithe i gceist, agus tá an nós abairt iomlán in áit téarma nua a úsáid ann.

“Anuas ar na cleachtais chainte, dhírigh mé ar na fearainn chainte ar leith – an scoil agus lasmuigh den scoil. Imríonn cúinsí sochtheangeolaíochta tionchar ar na cinntí a dhéantar faoi úsáid téarmaí,” a dúirt de Poire le Tuairisc.

Dúirt sé go dtagann an chuid is mó de théarmaíocht nua na Gaeilge “ón mbarr anuas” – is é sin le rá ó choistí oifigiúla atá ann le téarmaíocht a cheapadh seachas ón bpobal féin – agus go ndéantar an obair sin “gan an pobal a bheith san áireamh agus gan smaoineamh ar an gcleachtas nó an creideamh teanga” atá ag an bpobal. Mhaígh sé gur minic nach n-éiríonn go maith le pleanáil téarmaíochta den chineál sin.

“Tá an taighde teirmimheadrachta ann ach tá sé sin dírithe ar an teanga scríofa. Sa taighde a rinne mé féin, dhírigh mé ar an teanga labhartha, agus níor dhírigh mé ar théarmaí faoi leith ach ar an dearcadh atá ag múinteoirí i leith na nuathéarmaíochta go ginearálta,” a mhínigh de Poire.

Dúirt sé go bhfuil “dhá ról” ag múinteoirí iarbhunscoile mar “bhainisteoirí teanga i bhfearann an oideachais” agus mar “chainteoirí laethúla Gaeilge” agus gur bhain a chuid taighde féin leis an dá ról sin.

“An chéad rud a dhírigh mé air ná na téarmaí iad féin. Bhí roinnt rudaí ann nár thaitin leis na múinteoirí – litreacha ciotacha nach mbíonn le feiceáil sa Ghaeilge chomh minic sin mar shampla. Níor thaitin téarmaí a raibh ‘v’ iontu le cuid de na múinteoirí – ‘húvaráil’ nó ‘vardrús’.

“Ach rud a bhí suimiúil, thaitin téarmaí nua níos mó leo má bhí siad in úsáid go forleathan sa phobal – ‘meáin shóisialta’ agus ‘podchraoladh’. Níor thaitin traslitriú leo ach amháin má bhí na téarmaí in úsáid sa phobal,” a dúirt sé.

Dúirt de Poire nach maith leis an focal ‘inghlactha’ a úsáid agus é ag trácht ar chúrsaí téarmaíochta ach gur léir dó go raibh cúinsí éagsúla ann ina mbeadh na múinteoirí “níos toilteanaí” téarma ar leith a úsáid.

“Is iad na rudaí is tábhachtaí i dtaighde mar seo ná na rudaí a chreideann daoine faoin teanga, ach nach ndeir siad go hoscailte, a aimsiú agus a thuiscint. An chéad chéim ná léiriú a fháil ar na dearcthaí atá acu.

“Na rudaí atá faighte amach agamsa ó thaobh na dtéarmaí de ná go bhfuil tábhacht le cé chomh feiceálach is atá téarma roimh ré. Cabhraíonn sé sin leis an meon atá ag na múinteoirí ina leith. Thug siad samplaí de théarmaí nach bhféadfaí ‘nuathéarmaí’ a thabhairt orthu ach téarmaí nach bhfuil in úsáid chomh minic sin sa teanga,” a dúirt sé.

Thug sé sampla d’fhocail agus téarmaí atá ar fáil i bhFoclóir de Bhaldraithe le breis agus trí scór bliain ach nár thaitin le roinnt múinteoirí mar gheall ar a chosúla is a bhí siad leis an leagan Béarla den fhocal.

“Ní nuathéarmaí a bhí iontu ach ní raibh siad ar an eolas fúthu nó níor chuala siad chomh minic sin sa chaint iad agus mar sin bhí siad níos diúltaí ina leith. ‘Carbaihiodráit’ agus ‘paragraf’ mar shampla. Tá an dá fhocal sin i bhFoclóir de Bhaldraithe ach níor thaitin siad leo,” a dúirt de Poire.

Tá súil ag an taighdeoir óg go gcabhróidh torthaí an staidéir a rinne sé leis an gCoiste Téarmaíochta “tuiscint a bheith acu ar mheon an pobail” i leith na nuathéarmaíochta agus go mbeidh sé ina chúnamh acu agus iad i mbun cumadóireachta amach anseo. Dúirt sé freisin gur aithin na múinteoirí a ghlac páirt sa taighde go raibh “an post a bhí acu an-tábhachtach” i gcur chun cinn na téarmaíochta.

Bhí “réimse leathan” múinteoirí páirteach sa staidéar agus tugadh cuireadh do mhúinteoirí ar fud na hÉireann a dtuairimí a léiriú faoin nuathéarmaíocht. Ní hiad na múinteoirí Gaeilge amháin a bhí i gceist ach múinteoirí na n-ábhar eile i scoileanna a raibh na hábhair sin á múineadh i nGaeilge iontu. Dúirt de Poire gur “céim chun cinn mhór” a chuid taighde mar gheall nach mbíodh ar fáil ach “fianaise starrógach” faoi mheon sainghrúpa mar seo, a bhíonn ag labhairt na Gaeilge ar bhonn pearsanta agus ar bhonn gairmiúil, i leith na nuathéarmaíochta.

Bronnfar an gradam ar Dhara de Poire i mí na Samhna in Innsbruck na hOstaire. Bhí sé san iomaíocht le hiarrthóirí eile a rinne taighde faoin téarmeolaíocht i dtíortha eile ar fud na hEorpa, i réimse na mórtheangacha agus na mionteangacha araon.

“Tá áthas orm an gradam a fháil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na stiúrthóirí a bhí agam, an Dr Caoimhe Ní Lochlainn, an Dr Seán Mac Risteaird, agus an Dr Cóilín Ó Floinn, agus le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU a chuir maoiniú ar fáil,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Gradam Eorpach don téarmaíocht le bronnadh ar thaighdeoir Éireannach'

  • Nóirín Ní Chonghaile

    Comhghairdeachas a Dhara.

  • An Sléibhteoir

    An-suimiúil ar fad

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig! An mbeidh na torthaí taighde ar fáil ar an idirlíon amach anseo, seans? An-suimiúil uilig do dhuine ar bith a bhfuil suim i gcur le chéile agus i bhforbairt na teanga aige. Comhghairdeachas leat!