Seosaimhín Ní Bheaglaoich
Bíodh smacht ar thoradh na broinne agus beidh smacht ar fhigiúirí an daonra.
Sin é an ‘cur chuige’ a maítear a bheith ag Roinn Sláinte na Danmhairge siar amach sna seascaidí nuair a bhí coilíniú á dhéanamh acu ar phobal na Graonlainne, na hIonúitigh.
Ní raibh na Danmhargaigh sásta nuair a bhí an daonra Ionúiteach ag méadú agus dá réir ag cur breis costais orthu féin.
Cuireadh fearas frithghiniúna i mbroinn cailíní is mná óga gan bhuíochas dóibh ná cead óna dtuismitheoirí, a maítear.
Is le fíordhéanaí, in 2022, a tháinig an t-eolas seo chun solais nuair a craoladh an scéal ar phodchraoladh dar teideal Spiralkampagnen.
Mar thoradh air sin, d’aon ghuth shocraigh parlaimint na Graonlainne, an Inatsisartut, go n-iarrfaí ar an Danmhairg fiosrú neamhspleách a dhéanamh ar an gcleachtas frithghiniúna a bhí ar bun acu ós na seascaidí go dtí lár na seachtóidí, ar a laghad.
Ní hamháin gur choisc an fearas sin torthúlacht na broinne ach lean go leor deacrachtaí fadtéarmacha sláinte é dos na mná.
Slán mar a n-instear é, ghabh Príomh-Aire na Danmhairge, Mette Frederiksen, le fíordhéanaí, leithscéal oifigiúil le mná na Graonlainne as an leatrom a deineadh orthu le linn an fheachtais frithghiniúna.
‘Thar ceann na Danmhairge ba mhaith liom a rá go bhfuil brón orm agus go nglacaim leis gur fhulaing cailíní is mná óga go fisiciúil is go síceolaíoch.’
Ní raibh aon dul siar ar an éagóir, a dúirt an Príomh-Aire, ní fhéadfadh Rialtas na Danmhairge ach freagracht a ghlacadh as an méid a tharla.
Más mall is mithid, mar a deir an seanrá.
An bhfaighidh siad cúiteamh de dheasca na héagóra? Sin ceist eile.
Agus níl deireadh fós leis an leatrom, a déarfadh daoine eile.
Maítear go bhfuil údaráis na Danmhairge sa lá atá inniu ann ag cur tástálacha inniúlachta ar mháithreacha de shliocht Ionúiteach agus go bhfuil na critéir atá á gcur i bhfeidhm ag déanamh leithcheal orthu ar bhonn ciníoch is cultúir.
De réir tuairisc in 2022, sa Danmhairg baintear leanaí de thuismitheoir de dhúchas Graonlannach 5.6% den am, i gcomparáid le 1% den ndaonra Danmhargach.
Tá stair chasta ag an dá thír, ní gá dhúinn a rá.
Coilíneach ab ea an Ghraonlainn suas go dtí 1953 agus ní raibh rialtas dúchais acu dtí 1979. Bhí an Danmhairg fós i mbun maoirseachta ar a gcóras sláinte go dtí 1992.
Éinne a cheapann, mé féin ina measc, gur tír shaibhir shofaisticiúil í an Danmhairg, chuirfeadh na scéalta seo ag ‘cuimhneamh arís’ iad.
Ni hé Seán Buí béal dorais againne amháin a dhein leatrom leanúnach ar a chomharsana.
Ach is dócha dá gcaithfimis súil siar ar stair ár dtíre níorbh aon naoimh iad na Danair ná na Dubhghaill nuair a thángadar i dtír againn, gan cuireadh gan iarraidh.
Mo ghraidhin go dealbh iad na hIonúitigh bhochta, ní mór an suaimhneas atá i ndán dóibh sa tsaol seo anois go bhfuil an Trúmpaire santach meáite theacht i dtír orthu aon lá anois.
Fág freagra ar 'An Danmhairg agus an leatrom leanúnach ar a comharsana'