Tá VIP ag teacht ar cuairt, an té is mó a bhfuil ómós dó sa rang…

Tá ríméad ar an gCailín Mór Beag le cúpla lá anuas agus ‘Sammy’ ag teacht ar cuairt

Tá VIP ag teacht ar cuairt, an té is mó a bhfuil ómós dó sa rang…

Tugadh le fios dom inné go bhfuil cuairteoir an-tábhachtach, VIP más maith leat, ag teacht go dtí an teach ar cuairt an deireadh seachtaine seo.

Sammy an t-ainm atá air agus, de réir mar a chloisim, is é an té is mó a bhfuil meas air agus ómós dó sa rang ina bhfuil an Cailín Mór Beag. Teidí atá ann, nó, más tuairisc chruinn amach is amach atá uait, sioráf bog stuáilte.

Ní fhaca mé fós é, ach de réir na dtuairiscí atá ag teacht chugam ón gCailín Mór Beag le míonna beaga anuas, is boc mór le rá atá ann agus má tá fúinn é a shásamh agus é ar cuairt chugainn níorbh fholáir dúinn sceideal maith imeachtaí a chur ar bun.

Chuile sheachtain sa seomra ranga tarraingítear ainm amach as hata, nó, “Ní hata atá ann a Mhamaí, is mála atá ann,” mar a mhínigh an Cailín Mór Beag dom go cabhrach.

Tá ainm gach duine sa rang istigh sa mhála agus tá faire mór á dhéanamh ar an mála céanna ó thosaigh an scoil i mí Mheán Fómhair. “Ní bhfuair mé Sammy an tseachtain seo,” a dúirt an Cailín Mór Beag liom go minic, “b’fhéidir an tseachtain seo chugainn.”

Má tharraingítear d’ainm amach as an mála, bíonn cead agat Sammy an Sioráf a thabhairt abhaile ar cuairt. Tá ríméad ar an gCailín Mór Beag le cúpla lá anuas ó tharraing duine de na leadsaí sa rang a hainm amach as an mála agus tá mé a cheapadh go bhfuil cara buan gnóthaithe aige sa saol seo as an méid sin a dhéanamh.

Is iondúil go bhfaigheann tú Sammy ar feadh an deireadh seachtaine. Tharla, áfach, go mbeidh an scoil dúnta an tseachtain seo chugainn agus beidh Sammy againn ar feadh deich lá.

Bhí mé ag tabhairt an-mholadh dom féin le dhá lá agus cúram leanaí socraithe agam don tseachtain saoire. Níor thuig mé ag an am go raibh cúram sioráif le socrú freisin.

Is maith an lá, mar sin, go bhfuil chuile ní maidir le cúram sioráif ar eolas ag an gCailín Mór Beag.

“Céard a bhíonn sé a ithe?” a d’fhiafraigh an Babaí di, agus d’fhan mé ar bior nó go gcloisfinn cén freagra a thabharfadh an Cailín Mór Beag ar a cheist. “Nár lige Dia go mbeidh orm dul amach ag seilg duilleog speisialta a fheileann do ghoile an tsioráif,” an ghuí chiúin a rinne mé i mo chroí.

“Ó, an bia is fearr leis ná uachtar reoite,” a d’fhreagair sí agus a saineolas ar réim bia an tsioráif uasail á roinnt go fial aici linn.

“Mamaí, caithfidh muid uachtar reoite a thabhairt do Sammy Dé Sathairn, agus tá sé ag iarraidh breathnú ar Trolls freisin,” a dúirt sí liom ansin agus í ag teacht isteach go maith ar a cuid dualgas nua mar phleanálaí imeachtaí.

“Tiocfaidh sé ag snámh linn maidin Dé Sathairn ar dtús, Mamaí,” a dúirt sí agus an chuid eile den chlár imeachtaí á fhógairt aici. “Bhuel, níl a fhios a’m an bhfuil cead isteach sa linn snámha aige,” a dúirt mé go cúramach.

“Tá’s a’m é sin, Mamaí,” a dúirt sí liom agus ba léir go raibh iontas uirthi a laghad eolais a bhí agam faoi chúrsaí a bhaineann le cúram na sioráf.

“Ach beidh sé in ann a bheith ag breathnú orainne ag snámh,” a mhínigh sí.

“Ó,” a dúirt mé.

Fág freagra ar 'Tá VIP ag teacht ar cuairt, an té is mó a bhfuil ómós dó sa rang…'