‘Tá súil agam gurb í Mam an bhean dheireanach a chaithfear an bóthar amach’ – tuilleadh altraí ag teastáil in ospidéal Gaeltachta

Chuaigh scéal chlann Uí Bheaglaoi i gCorca Dhuibhne i bhfeidhm ar mhórán an tseachtain seo nuair cur síos déanta ar an mbriseadh croí a bhain lena máthair, atá 96 bliain d’aois, a bhogadh amach as ionad ina bhfuil leapacha folmha ann

‘Tá súil agam gurb í Mam an bhean dheireanach a chaithfear an bóthar amach’ – tuilleadh altraí ag teastáil in ospidéal Gaeltachta

Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne

Tá sé in am ag polaiteoirí “a stocaí a tharraingt in airde” chun an fhadhb maidir le heaspa foirne in Ospidéal Pobail an Daingin a réiteach. 

B’in mar a labhair Diarmuid Ó Beaglaoi an tseachtain seo agus é ag cur síos ar chás a mháthar, a raibh uirthi aistriú ón ospidéal sa Daingean go dtí Cill Airne, breis is 70km ó bhaile, toisc nach raibh leaba ar fáil di san ionad sa Daingean. 

Cé gur ceapadh nuar a osclaíodh an t-ospidéal ar dtús in 2010 go mbeadh suas le 70 leaba ar fad ann, chinn an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) ina dtuarascáil níos luaithe i mbliana gur spás do 54 cónaitheoir atá ann. Tá breis is dosaen de na leapacha sin féin folamh, áfach, ceal foirne. 

Chuaigh cás mhuintir Uí Bheaglaoi i bhfeidhm ar mhórán an tseachtain seo tar éis do Dhiarmuid cur síos a dhéanamh ar Nuacht TG4 agus ar An Saol ó Dheas ar RnaG ar an mbriseadh croí a bhain lena mháthair Mary, atá 96 bliain d’aois, a bhogadh amach as ospidéal ina ceantar féin sa Ghaeltacht, áit a raibh cairde aici, agus í a bhogadh amach go Cill Airne. 

Dúirt Diarmuid gurb í “an uair an chloig is tufáltha i mo shaol” nuair a bhí air a mháthair a thógáil amach as an ionad sa Daingean. 

“Bhí sí istigh ansiúd, mo Mham, le bean eile a bhfuil cairdeas déanta aici léi, beirt acu ag breith láimhe ar a chéile agus ar deireadh, go gcaithfí iad a tharrac óna chéile. Mura gcuirfeadh sé sin isteach ort, bheadh rud éigin mór mícheart leat,” a deir Diarmuid agus é faoi agallamh ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. 

Dúirt sé gur tháinig “a thuilleadh blianta” ar a mháthair nuair a dúradh léi go mbeadh uirthi Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne a fhágáil agus é ar nós go “lascálfá an bóthar amach í,” a dúirt Diarmuid. 

Ghabh sé buíochas leis an bhfoireann uile san ospidéal, a bhí, dar leis, chomh croí briste leis an gclann Mary a fheiceáil ag imeacht. 

Dúirt Diarmuid go raibh sé in am ag polaiteoirí na tíre an fhadhb seo, nach i gCorca Dhuibhne amháin atá sé ag tarlú, a réiteach. 

“Tá rud éigin mícheart leis an gcóras atá againn. Tá sé in am acu sa Dáil iad féin a chruachtaint agus a stocaí a tharraingt in airde, b’fhéidir, agus rud éigin a dhéanamh ar an méid a chonaiceadar i mbaile an Daingin [an tseachtain seo].” 

Dúirt Diarmuid gur ghlaoigh an Teachta Dála ó Chiarraí Brendan Griffin air tar éis dó an tuairisc ar TG4 a fheiceáil agus d’iarr sé ar an pholaiteoir gníomh a dhéanamh dá mháthair. “Is fútsa atá sé, mo Mham a thabhairt abhaile”, a dúirt Diarmuid leis. 

“Ní theastaíonn uaimse fear nó bean a fheiscint ag fágaint bhaile an Daingin, bóthar Bhaile an tSagairt amach. Ní theastaíonn sé uaim go gcífidh mé go deo arís é.  

“Tá súil agam gurb í Mam an bhean dheireanach a chaithfear an bóthar amach agus tá súil agam go ndéanfar rud éigin di agus gur isteach an bóthar go mbeidh Mam ag teacht níos túisce ná mar is dócha.” 

Agus é ag labhairt ar an gclár céanna, dúirt dochtúir teaghlaigh áitiúil, an Dr Conchúir Ó Brosnacháin nach raibh sé sásúil “in aon chor” go bhfuil daoine á gcur soir go dtí Cill Airne agus áiteanna eile agus leapacha folmha in ospidéal an Daingin. 

Suas le naonúr banaltraí a bheadh ag teastáil chun barda atá dúnta san ospidéal a oscailt arís agus dúirt an Dr Ó Brosnacháin gur cheart an t-airgead a chur ar fáil a mheallfadh banaltraí chun na folúntais a líonadh. 

“Cheisteoinn an meon atá ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ar cheart go mbeadh pacáiste ar fáil chun banaltraí a mhealladh go dtí na háiteanna seo? 

“Níl a fhios agam na cúiseanna nach bhfuilid ag tógáint na jabanna ach tá na jabanna ann.” 

Dúirt an dochtúir go gcaithfí dul i mbun feachtais chun an t-ospidéal a shábháil mar dá gcaillfí tuilleadh foirne ansin go mbeadh sé i mbaol. 

“Má chailleann an t-ospidéal, cur i gcás beirt bhanaltraí eile, beidh ceist an-mhór ann. Beidh HIQA ag ceistiú, ‘An bhfuil sé seo sábháilte’?” 

Fág freagra ar '‘Tá súil agam gurb í Mam an bhean dheireanach a chaithfear an bóthar amach’ – tuilleadh altraí ag teastáil in ospidéal Gaeltachta'