Agus an fuilibiliú faoin gcruinniú mullaigh idir Trump agus Putin agus an chuairt a thug ceannairí na hEorpa ar an Teach Bán le déanaí socraithe síos anois, is deacair a mheas ar baineadh aon rud amach ag na cruinnithe seo a mbeidh aon tionchar aige ar an gcogadh go luath.
Toradh amháin ar na cruinnithe, áfach, ná go bhfuil soiléireacht ann anois faoi dhearcadh na Meiriceánach agus na Rúiseach.
Dearcadh na Rúiseach
Chuaigh na Rúisigh isteach sa chruinniú mullaigh agus roinnt éileamh acu agus d’fhág siad leis na héilimh chéanna a bheag nó a mhór. Tá siad fós ag éileamh go n-aithneofaí cúig chúige de chuid na hÚcráine, lena n-áirítear an Chrimé atá faoi fhorghabháil ó bhí 2014 ann, mar chuid den Rúis. Tá siad fós ag éileamh go ngéillfeadh an Úcráin an chuid sin de Chúige Donetsk atá faoina seilbh. Tá siad fós go dubh i gcoinne na hÚcráine a bheith mar bhallstát de NATO.
Cé gur thug siad leid gur aithin siad go mbeadh barántais slándála riachtanach do na hÚcránaigh, laistigh de chúpla lá i ndiaidh an chruinnithe mhullaigh léirigh siad nach raibh siad dáiríre agus iad ag éileamh go mbeadh an ceart acu aon bharántas a d’fhéadfadh a bheith ann a chrosadh.
Ina theannta sin, cúpla lá tar éis do Trump a rá go gcruthófar barántas slándála de shaghas éigin mar thoradh ar an infheistíocht a dhéanfaidh comhlachtaí Meiriceánacha san Úcráin, rinne na Rúisigh ionsaí dróin ar mhonarcha Mheiriceánach in iarthar na hÚcráine.
Léirigh siad freisin go bhfuil siad den tuairim go bhfuil an lámh in uachtar go hiomlán acu sa chogadh. Níl amhras a bith ann go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta acu leis na dróin fhadraoin a sheolann siad i gcoinne na hÚcráine lá i ndiaidh lae agus go bhfuil na hÚcránaigh ag streachailt go mór leis an dúshlán seo.
Ach níl cúrsaí chomh soiléir sin ar an talamh. Cinnte, tá talamh á ghabháil acu beagán ar bheagán agus tá dul chun cinn déanta acu ar ráta níos tapa ná roimhe seo. Meastar gur ghlac siad seilbh ar 1% de thalamh na hÚcráine, thart ar 6,000 ciliméadar cearnach, ó mhí na Samhna 2022.
Tá na Rúisigh den tuairim go mbeidh siad in ann seilbh a ghlacadh ar an gcuid eile de chúige Donetsk, thart ar 6,000 ciliméadar cearnach eile, roimh dheireadh na bliana. Cé go bhfuil seans ann i gcónaí go ndéanfaidh siad briseadh tríd suntasach níl aon chomhartha ann go bhfuil sé seo ar tí tarlú.
Is deacair a shamhlú go mbainfidh siad an sprioc sin amach agus iad fós chun a n-aghaidh a thabhairt ar chathracha daingne an chúige, Kramatorsk agus Sloviansk.
Dheimhnigh siad nach n-éireoidh siad as a gcuid spriocanna agus go leanfaidh leis an ionradh beag beann ar iarrachtaí na Meiriceánach.
Dearcadh na Meiriceánach
Díreach roimh an gcruinniú mullaigh bhí an chuma ar chúrsaí go raibh na Meiriceánaigh ag éirí beagán mífhoighneach le cur chuige na Rúiseach agus iad ag bagairt go gcuirfí smachtbhannaí breise i bhfeidhm mura nglacfadh siadsan le sos cogaidh ar dtús. Tháinig malairt intinne orthu faoin gceist seo ag an gcruinniú agus iad ag rá gur chóir teacht ar chomhaontú sula gcuirfí sos cogaidh i bhfeidhm. Thaobhaigh siad go hiomlán leis na Rúisigh faoin ábhar seo.
Roimh an toghchán anuraidh mhaígh Trump gur chóir don Úcráin an Chrimé a ghéilleadh agus nach mbeadh sé sásta í a ghlacadh mar bhallstát de NATO.
D’eisigh sé na ráitis chéanna tar éis dó glaoch gutháin a chur ar Putin go gairid i ndiaidh an tsearmanais insealbhaithe. Ní haon ionadh gur dheimhnigh sé arís iad tar éis an chruinnithe mhullaigh.
Cé gur idirghabhálaithe iad na Meiriceánaigh, dheimhnigh siad nach bhfuil fonn orthu a gcuid míreanna margántaíochta a úsáid a thuilleadh chun brú a chur ar na Rúisigh cé go bhfuil seans ann i gcónaí go mbeidh siad sásta brú a chur ar na hÚcránaigh am ar bith.
Tar éis na tréimhse ina raibh an chuma ar chúrsaí go raibh siad mífhoighneach leis na Rúisigh tá siad tar éis filleadh ar an dearcadh a bhí acu ó thús uachtarántacht Trump.
Na hÚcránaigh
Tá na hÚcránaigh tar éis a admháil le thart ar sé mhí anuas nach mbeidh siad in ann na críocha gafa a athghabháil agus go bhfuil sos cogaidh á lorg acu. Ach ní chiallaíonn sé seo go bhfuil siad chun níos mó talún a ghéilleadh gan cosaint dhiongbháilte a dhéanamh.
Tuigeann siad go mbeidh siad in ann fanacht sa troid mar gheall ar chúnamh míleata agus eacnamaíochta ó thíortha na hEorpa ach ní bheidh siad in ann dul chun cinn a dhéanamh gan an cúnamh céanna ó na Meiriceánaigh, cúnamh nach mbeidh ar fáil a thuilleadh. Tá siad tar éis teacht ar an tuiscint freisin gur orthu féin a bheidh siad ag brath níos mó ná am ar bith roimhe seo.
Tá comharthaí beaga le feiceáil sa Rúis le déanaí go bhfuil tionchar á imirt ag na hionsaithe dróin ar scaglanna ola, ní hamháin ar gheilleagar na tíre ach ar a muintir chomh maith. Níl na comharthaí chomh láidir sin go dtabharfaidís le fios go bhfuil rud éigin ar tí athrú maidir le dearcadh na Rúiseach ar an ionradh, ach tá na comharthaí ann agus tá siad á dtuairisciú sna meáin shóisialta.
Anuas air seo tá níos mó scéalta sna meáin maidir le deacrachtaí eacnamaíochta a cruthaíodh mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin.
Feictear do na hÚcránaigh go bhfuil deis ann ar féidir leo í a thapú gan cead a iarraidh ó na Meiriceánaigh. Rinne siad fógra le déanaí faoi dhiúracáin chúrsála agus dróin fhadraoin nua a bheith acu agus tá an chuma air go bhfuil feachtas nua i gcoinne acmhainní scagtha ola na Rúise ar intinn acu. Feachtas ina mbeidh siad ag iarraidh cur leis na deacrachtaí eacnamaíochta thuasluaite.
Ach is ríshoiléir go dtí seo acmhainneacht agus teacht aniar gheilleagar na Rúise.
Sinéad de Róiste
Deir Máirtín go n-aithníonn na hÚcránaigh nach mbeidh sé ar a gcumas na críocha ‘gafa’ a athghabháil. Cén fath mar sin nach bhfuil siad sásta djul i bun idirbheartaiocht dáirire ag iarraidh comhghéilleadh de shaghas éigin a fháil a shábhálfaidh beatha a gcuid saighdiúirí (1.7 milliún, deritear, básaithe, gortaithe nó ar iarraidh) in ionad a bheith ag cipiléireacht faoi sos sealadach cogaidh a thabharfadh seans doibh atharmáil a dhéanamh, agus athnuachan ar a gcuid trúpaí. Gan sin, caillfidh siad nios mo talúna agus nios mó daoine óga a gheobhaidh bás sna trinsí.