Tá sé in am Oireachtas na Samhna a laghdú lena chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip

Caithfear a rá arís agus arís eile gurb í an Ghaeilge bunchloch an Oireachtais agus labhairt na Gaeilge a choinneáil slán ann

Tá sé in am Oireachtas na Samhna a laghdú lena chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip

Dhá lá a bhí muid ag Oireachtas na Samhna. Bhain muid sult as ach má bhain féin chuir sé beagán imní ormsa. Feictear dhom go bhfuil sé thar am díospóireacht dhomhain a thosú faoin treo a bhfuil an tOireachtas ag dul.

Tá an chontúirt ann gurb é múnla Mhod na hAlban a bheas againn sa deireadh agus go mbeidh an Ghaeilge fágtha in áit na leathghine.

Cloigne in áit Gaeilge atá ó lucht an Oireachtais, a dúirt cara liom. Síleann siad, a dúirt sé, má bhíonn líon na ndaoine a dhéanann freastal air ag méadú ó bhliain go bliain gur cruthú é sin go bhfuil ag éirí go breá leis an bhféile.

Ní dóichí go bhfuil siad chomh dallintinneach sin ach tá cuid den fhírinne ann.

In áit a bheith ag iarraidh an tOireachtas a mhéadú b’fhéidir gurbh amhlaidh ab fhearr é a laghdú agus an Ghaeilge a bheith i dtús agus i ndeireadh gach véarsa, mar deir an t-amhrán.

Is deacair labhairt na Gaeilge a choinneáil slán nuair atá slua callánach Béarlóirí ag fálróid ar fud na háite ag fanacht leis na comórtais damhsa ar an sean-nós.

Is breá an chaoi ar tháinig an damhsa ar an sean-nós chun cinn ar ndóigh. Bhí 200 damhsóir, idir óg agus aosta, istigh ar na comórtais i mbliana. B’éigean a líon a laghdú go dtí 60 iomaitheoir leis na réamhbhabhtaí.

Is cumasach an craoladh a dhéanann TG4 ar Steip ach tá na comórtais seo chomh foirfe anois gur cheart iad a dhealú ón mbun-Oireachtas agus a stáitse féin a thabhairt dóibh i mbaile eicínt eile.

D’fhéadfaí iad a thabhairt ar láimh do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, cuir i gcás. Ba cheart an tráchtaireacht nádúrtha a dhéanann Joe Ó Dónaill a choinneáil agus an craoladh a bheith ar TG4 mar a bhíonn faoi láthair.

Caithfear a rá arís agus arís eile gurb í an Ghaeilge bunchloch an Oireachtais. Ba cheart béim a choinneáil i gcónaí ar na comórtais atá i nGaeilge. Is maith a thuig Ceannaire TG4, Alan Esslemont, é sin nuair a d’ordaigh sé an clár Lár Stáitse a chur ar an scáileán.

Nach iontach an spreagadh do dhaoine óga iad féin a fheiceáil ar an teilifís. Cé mhéad duine óg de Bhéarlóirí na tíre a fuair an deis sin riamh?

Maidir leis an amhránaíocht ar an sean-nós trua Mhuire a bheadh ann dá n-imeodh an tseoid sin in éag. Ach dá fheabhas í mar ealaín caithfear a choinneáil i gcuimhne i gcónaí nach ar an gcineál sin amhránaíochta is mó atá tóir ag muintir na Gaeltachta. ‘Country and Western’ a rogha siúd.

B’fhearr le go leor acu cúpla stéibh ó Mhick Flavin ná ar casadh d’amhráin ar an sean-nós ar fad i gCill Airne i gcaitheamh na seachtaine.

Ar ndóigh is féidir amhráin den chineál sin a chur i nGaeilge freisin agus a chumadh as an nua go deimhin. Céard faoi na hamhráin a chasann John Beag na nAncairí agus amhránaithe eile nach é? Nár cheart comórtas faoi leith a bheith ann nach mbeadh cead a chasadh ach amhráin a cumadh ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta?

D’fhéadfadh Raidió na Gaeltachta urraíocht a dhéanamh air.

Tráthnóna Dé Sathairn i gCill Airne a léiríodh dúinne a riachtanaí is atá sé áit na Gaeilge a choinneáil d’fheacht agus go háirid san Oireachtas. Chuaigh mé féin agus mo bhean chéile chuig an gcomórtas damhsa ar an sean-nós ach b’éigean dúinn é a fhágáil tar éis tamaill.

Theastaigh uaithise a dhul chuig dráma Johnny Chóil Mhaidhc An Mhéar Fhada agus níor mhian liomsa an Mórsheoladh Leabhar a bhí ag an Leabhar Breac a chailleadh.

Ag an trí a chlog a bhí an dá imeacht Ghaelacha sin ar bun. B’fhiú go mór a bheith ag an seoladh leabhar. Mura mbeadh ann ach an léamh a rinne Feargal Ó Béarra ar shliocht as an gcóiriú a chuir sé ar scéal a scríobhadh sa gceathrú haois déag, ‘Tromdhámh Ghuaire’, b’fhiú a bheith ann.

Dúirt Alan Esslemont ina dhiaidh gur cheart é a thaifeadadh agus a chraoladh.

Tháinig an bhean chéile ar ais agus í thar a bheith moltach ar gach a bhfaca sí agus ar chuala sí ag an dráma.

Nach iontach an slacht a chuir an dá ócáid sin ar an nGaeilge? Ach bhí siad ag teacht salach ar a chéile ag a trí a chlog tráthnóna fad agus a bhí na Béarlóirí ag baint aithinníocha as an stáitse sa gcomórtas damhsa ag an am céanna.

Fág freagra ar 'Tá sé in am Oireachtas na Samhna a laghdú lena chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip'

  • Cluain Sceach

    An ceart ar fad agat, a Sheosaimh.

  • Máire Treanor

    Tá sé in am Oireachtas na Samhna a laghdú lena chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip.

  • Eoinín

    Aontaím go hiomlán leat, a Joe. Tá an nádúr Gaelach ag imeacht as Oireachtas na Gaeilge de réir a chéile

  • Mairéad

    Tá an rabharta Bhéarla ó lucht Steip ag milleadh an taon fhéile náisiúnta atá ann do Ghaeilgeoirí agus ag tabhairt drochshampla d’óige na Gaeltachta agus ag cur lagmhisneach ar thuismitheoirí na Gaeltachta atá ar a míle dícheall ag iarraidh a bpáistí a thógaint le Gaeilge. Thacaigh muintir na Gaeltachta i gcónaí leis an Oireachtas ach is gearr eile a mhairfeas an tacaíocht sin.
    Aontaím leis an smaoineamh “Steip” a thabhairt don Cheoltas. Mura ndéanfar é sin is í an chéad chéim eile ná “tourist attraction” do Bhéarlóirí a bheith san Oireachtas.

  • Fear Oireachtais

    An ceart ar fad agat, a Sheosaimh. Is breá liom féin an tOireachtas ach tá sé in am athrú (de bheagán ar aon chaoi) a dhéanamh air. Chuala mé i bhfad níos mó Béarla ann i mbliana ná mar a chuala mé blianta eile. Tá níos mó ná lucht Steip i gceist. Is maith ann na mic léinn má tá said sásta Gaeilge a labhairt ach chuala mé go leor Béarla uathu. Is líonmhaire iad chuile bhliain mar tá an cháil atá ar chraic an Oireachtais ag méadú. Ar ndóigh, nil aon locht agam ar aon duine a théann ann don spraoi agus don spórt a fhad is gur Gaeilge a labhraíonn siad. Is beag ócáid (mhór ar aon nós) a bhíonn ann ina mbíonn an Ghaeilge go hiomlán in uachtar. Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá tá an baol ann go mbeidh Oireachtas na Gaeilge ar aon dul le Comórtas Peile na Gaeltachta sul i bhfad, áit nach gcloistear ach Béarla den chuid is mó…

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Tá an fhírínne á labhairt agat a Sheósamh!

  • Jackie Mac Donncha

    Tá mé a’ rá leat nach mbíonn Seosamh i bhfad ón marc lena chuid tuairimí. An píosa a scríobh sé faoí Ghaillimh 2020 san áireamh.
    Agus cá mbeadh muid gan Tuairisc.ie? Plúchta ag an mbéarlachas céanna atá i gceist ag Seosamh.

  • Cailín óg

    Aontaím leat, ach freisin caithfear féachaint ar an slua mór micléinn a thagann ar an aoine, i gcóir ‘piss up’ nó ‘rave gaeilge’. Ní bhíonn cliú dhá laghad acu céard a bhíonn ar siúl i rith an lae, agus fíor bheagán meas acu ar an ngaeilge (den chuid is mó). Níor chuala an chuid is mó acu amhrán sean-nóis riamh ina saol, agus ní thuigeann siad fiú céard is agglamh beirte nó lúibín ann. Is iontach an rud daoine óga a fheiceál ag an oireachtas, ach muna bhfuil meas acu ar an gcultúr ná ar an teanga, cén mhaith ann iad?

  • Magaoidh

    Ollphéist tráchtála atá san Oireachtas anois. Cultúr lucht comhdhála atá taobh thiar den fhéíle leis na hóstáín neamhphearsanta, an t-atmasféar saorga agus an ráiteas misin “Bums on seats”.

    Féíle na Gealaí i Ráth Chairn an áit le bheith!!

  • SM

    Bunaíodh an tOireachtas le ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus ar an litríocht dhúchasach idir litríocht bhéil agus scríofa. Nach bhfuil ár ndóthain den chuntraí & western againn ar TG4 agus ar RnaG? Bhfuil aon bhlas chomh leadránach le fear meánaosta ag bréagchaoineachán lena chúpla córda giotair, ag casadh an dá fhonn céanna chaon oíche agus ag uallfairt go maoithneach ina ghléas imleacáin féin?

  • Seanlaid

    Seo è aríst è. Mura bhfuil sè briste bris é. Hup

  • AnRógaire

    An bhfuil Liam ag éisteacht?

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Bhí mé ann ar feadh dhá lá agus bhaineas mórthaitneamh as.Ach bíonn na háiteanna ró-ghallda.Bhí mé san dá óstán agus ní raibh focal Gaeilge ag lucht na n-Ostán,Cén fáth?Táim cinnte gur imigh siad go léir ar scoil agus bhí an Ghaeilge ar an gclár oibre.Nílim ag súil le liofacht ach céard faoi cúpla beannacht agus cúpla nath cainte.Náireach

  • Oisín

    Tagaim leat, a chailín óig ach murach an tOireachtas seans maith nach mbeadh deireadh le haineol na mac léinn i dtaobh amhránaíocht ar an sean-nós, lúibíní srl. Is mar gheall ar an Oireachtas a chuireann siad eolas ar na nithe thuas.

  • Cóilí Foinn

    An ceart uileag ag Seosamh – tá sé san am an Steip seo a bhaint go chlár an Oireachtais agus an tonn Béarla a leanann é. Bhí cuid mhór Béarla san óstan oíche Shathairn agus é ró-phlódaithe agus daoine óga dallta go maith.
    Is cosúil gur le RnaG agus TG4 An tOireachtas anois agus gur tabhachtaií le lucht an Oireachtais na sluaite bheith ann seachas aon rud eile a shílfeá.
    Ach is diol spéise an Ghaeilge bhreá a bhí ag na daoine óga a bhí ar stáitse go na comórtais ardáin. Fairplay dóibh.
    Thug me faoi deara nach raibh roinnt mhaith go sean fhundúirí an Oireachtais thart ar an Satharn ar aon chuí….

  • Iar-iomaitheoir

    Sách ráite a Joe! Sos á thógáil agam de bharr na sluaite, an ragairne fiáin & ionradh an Bhéarla. Mothaím go bhfuil salachar éigin orm & mé timpeallaithe ag an mBéarlachas ann. Tá sé in am Steip a bhogadh & an t-aon fhéile do na Gaeil a choinneáil slán

  • Tradbéib

    Tá rud amháin faoin gceoltóir Country & Western, ní sheinnfidh siad ach san áit a n-íocfar iad. Chomh luath is a íoctar iad, buailfidh siad bóthar, ní hionann agus an ceoltóir traidisiúnta nó an ceoltóir jazz.

  • Stilla

    Cheapfainn dá gcuirfí comórtas ar bun le linn an Oireachtais do amhráin Ghaeilge nua-chumtha ar aon dul leis an bhFéile Pan-Cheilteach go n-éireodh go maith leis.

  • Seán Mac Bhriain

    An chaint seo a chuir deireadh le damhsaí seit agus rince aonair ag an Oireachtas sna naochaidí. Ceist chasta; ach má thosaítear ag díbirt daoine nach trua an teist sin orainn!