Tá sé in am a gceart a thabhairt do Dheoraithe Dhónaill Mhic Amhlaigh

Is fiú go mór Deoraithe a léamh, bíodh sin i mBéarla nó i nGaeilge, más spéis agat saol atá imithe uainn le fada ach a d’fhág a lorg ar an tír

Tá sé in am a gceart a thabhairt do Dheoraithe Dhónaill Mhic Amhlaigh

Ag caint faoi na blianta fada a chaith sé ar an mbildeáil i Sasana a bhí an fear  ar an traein as Gaillimh tráthnóna amháin cúpla bliain ó shin. Fear a bhí ag tarraingt ar na ceithre scór as Eachréidh na Gaillimhe ba ea é. Rinne sé go maith i Sasana agus bhí sé féin agus a bhean fillte ar an bhfód dúchais le tamall. 

Nuair a bhí sé ag freastal ar an Scoil Náisiúnta siar sna 1950idí, dúirt an múinteoir lena athair  nach ndéanfadh sé aon mhaith go deo, ach mhúin an t-athair an tsiúinéireacht dó agus ba leis an gceird sin a bhain sé a shlí bheatha amach i Londain agus in áiteanna eile thar toinn.

Tráth agus é sa mbaile ar saoire, chas sé leis an múinteoir sa teach tábhairne.

Bhí dúil mhór ag an múinteoir san ól agus d’iarr sé iasacht airgid ar a iarscoláire le deoch a cheannach. An t-am úd, ní raibh tada sa tír seo, a dúirt an fear.

An bhliain 1950 atá ann agus is ar an traein as Gaillimh go Baile Átha Cliath atá na trí phríomhcharachtar san úrscéal Deoraithe le Dónall Mac Amhlaigh nuair a chuireann muid aithne  ar dtús orthu. Tá an leabhar aistrithe go Béarla ag an bhfile Mícheál Ó hAodha faoin teideal Exiles agus é foilsithe ag Parthian sa mBreatain Bheag.

Nano Ní Chatháin, bean óg as an Spidéal a bhfuil obair mar chúntóir banaltrachta faighte aici in ospidéal i mbaile beag i ndeisceart Shasana, duine den triúr ar an traein. Tá an tuiscint ann go bhfillfidh sí abhaile amach anseo chun an fear a bhfuil sí mór leis a phósadh, ach i láthair na huaire níl siad ábalta sin a dhéanamh toisc go bhfuil máthair an fhir fós beo agus níl an dara bean uaithi sa teach.  

Scéal eile ar fad atá ag Trevor Ó Nia, fear as Conamara a bhfuil roinnt blianta caite aige ag obair mar naibhí i Londain, agus atá ag filleadh ar an gcathair sin i ndiaidh dó mí fhada (dar leis) a chaitheamh sa mbaile lena bhean agus a mbeirt ghasúr. Tá Trevor sásta leis an saol atá aige i gCathair na gCeo agus deamhan fonn atá air filleadh abhaile riamh. Tá neart oibre ar fáil agus níl aon drogall air roimh an obair.

Ar an traein freisin tá Niall O’Connell, a bhfuil seal caite aige sa Chéad Chath ar an Rinn Mhór i nGaillimh agus atá anois réidh leis an arm agus é ag dul ar ais chuig a chathair dhúchais Cill Chainnigh, áit a bhfuil súil aige gnó beag a bhunú le cara leis.

Leanann muid saol an triúir sin an cúpla mí as sin go Nollaig agus ní gá a rá nach mar a shíltear ná mar a shíl an léitheoir a bhí.

Sa mbliain 1986 a d’fhoilsigh an Clóchomhar Deoraithe den chéad uair agus athfhoilsíodh é in 2009. Ba é sin an leabhar deiridh a scríobh Dónall Mac Amhlaigh, a rugadh i gCnoc na Cathrach ar imeall chathair na Gaillimhe i 1926. 

Tá aitheantas agus meas tuillte aige dá shaothar – Saol Saighdiúra, na húrscéalta Sweeney agus Schnitzer Ó Sé, chomh maith leis an sárchuntas sin ar shaol na nÉireannach i Sasana Dialann Deoraí. Scríobh sé ailt go leor do Scéala Éireann, don Irish Times agus don Irish Post, ailt ina mbíodh cás na n-imirceach i Sasana faoi chaibidil aige.

Ba i Sasana a chaith sé go leor dá shaol agus ba ann a bhásaigh sé sa mbliain 1989 agus gan é ach 62 bliain d’aois. I Northampton atá Dónall curtha.

Spéisiúil go leor, de réir agallaimh a foilsíodh i 1989 ní raibh Mac Amhlaigh sásta go hiomlán leis an méid a bhain sé amach le Dialann Deoraí. Dar leis, níor thapaigh sé an deis mar ba cheart sa leabhar scéal na n-imirceach a chur i láthair an léitheora agus bhí súil aige go raibh an locht sin curtha ina cheart aige in Deoraithe. Faraor, seachas léirmheas san iris Comhar, is beag aird a tugadh ar Deoraithe i nuachtáin agus irisí na tíre seo nuair a foilsíodh é ar dtús.

Ní hamháin go dtugann Deoraithe/Exiles tuiscint dúinn ar shaol na n-imirceach i Sasana ach tá tuiscint le fáil freisin ann ar an gcaoi a raibh cúrsaí sa tír seo 70 bliain ó shin. Tá an léargas sin ar fáil, ach go háirithe, sna caibidlí a bhaineann le Niall agus é ina chónaí lena mháthair agus a bheirt deartháireacha i dteach beag ar bheagán caoi i gCill Chainnigh.

Cuirtear in aithne dúinn fir óga, agus cuid acu nach bhfuil óg ar chor ar bith, ag baint lá amach agus iad ag fálróid thart ar thaobh na sráide ag súil le corrthamall oibre nó le corrphingin nó ag caitheamh cibé airgid atá acu sna tithe tábhairne. 

Ach tá dul amú ar an léitheoir a cheapann gur easpa oibre agus easpa airgid amháin a bhí mar smál ar shaol na ndaoine an tráth úd. Lá fómhair agus áilleacht na gcrann ar bhruach na Feoire á feiceáil ag Niall, meabhraítear dhó gurbh í “áilleacht an bháis í ar nós luisne ar ghruanna mná óige a bheadh á goid as ag an eitinn”, mar a scríobhann Mac Amhlaigh. Beagnach 10,000 duine a bhásaigh de bharr na haicíde sin sa tír idir na blianta 1950 agus 1960.  

[[Ag druidim le deireadh an leabhair, casann Niall ar bhean óg as Dún na nGall atá ag obair mar chailín aimsire i gceann de na tithe móra sa chathair. Bean ghealgháireach í, ach le linn dóibh bheith ag comhrá insíonn sí dó go mbíonn bean an tí de shíor ag tabhairt drochíde béil di agus ag caitheamh anuas uirthi.]]

Stíl shimplí scríbhneoireachta a bhí ag Dónall Mac Amhlaigh, ach bhí Gaeilge shaibhir Chonamara aige. Níl sé éasca i gcónaí Béarla a chur ar an nGaeilge sin, ach éiríonn le Mícheál Ó hAodha sin a dhéanamh den chuid is mó, go háirithe i gcás chaint na gcarachtar.

Tá cáil tuillte ag na filí a d’inis scéal na n-imirceach, idir olc is mhaith, sna hamhráin a cumadh le blianta beaga anuas, leithéidí ‘Amhrán Leeds’, ‘Pócaí Folamh agus Cloigeann Tinn’ agus ‘Amhrán na hImirce’. D’inis Dónall Mac Amhlaigh an scéal sin in chuid próis, scéal a bhí feicthe aige féin agus é ag sluaisteáil moirtéil i Sasana.

Is iontach go mbeidh teacht ag tuilleadh léitheoirí ar a shaothar leis an leagn Béarla Exiles, atá foilsithe mar chuid den tsraith Carnival of Voices ina gcuirtear leabhair a scríobhadh i dteangacha éagsúla na Eorpa – an Bhascais, an Turcais agus an tSlóvaicis ina measc – ar fáil i mBéarla.

Is fiú go mór é a léamh, bíodh sin i mBéarla nó i nGaeilge, más spéis agat saol atá imithe uainn le fada ach a d’fhág a lorg ar an tír. 

Fág freagra ar 'Tá sé in am a gceart a thabhairt do Dheoraithe Dhónaill Mhic Amhlaigh'

  • alan titley

    An ceart ar fad agat. An leabhar is fearr ar fad ag trácht ar shaol oibre na n-imirceach Éireannach i Sasana, cuma Gaeilge nó Béarla.

  • margarita anne nohilly

    …….those great gangs of workmen on the spot. They are representatives of an essentially modern occupation,—the Navvy Class : those who are building, excavating,
    or constructing, in order to form permanent works intended to
    facilitate ordinary business, and not to be consumable
    qqqhttp://www.tara.tcd.ie/bitstream/handle/2262/5957/jssisiVolX128_135.pdf
    Scríobhadh an píosa sin in 1895/6. Tugann Mac Amhlaigh ‘céadbhlaiseadh de shaol an náibhí’ sna caogaidí i Sasana. Bhiodh na naibhíthe: ‘ag déanamh ar an gcrosbhóthar mar a gcruinníodh na fir oibre ina mbaiclí gach maidhin ag fuirtheach leis na leoraithe ……..’i Dialann Deorai (1960) agus i Deoraithe (1986) (Ni Dhonnchadha & Nic Eoin 2014: 205-207)

  • Dirk Brevoord

    Is mór an trua gur theip ar aisling Uí Chonghaile agus gur ghoid meán- agus uasaicme na hÉireann toradh chogadh na saoirse. Ach d’óladarsan nimh an chóilíneachais fadó roimhe sin agus dheineadar a chuid féin den chóras smaointeoirachta laistiar den chóilíneachas san.

    An fhaid is beo don chaipitleachas, baintear dúshaothar as gnáthdhaoine nó as an gcosmhuintir mar a tugtar orthu go díspeagúil. An fhaid a mhairfidh an caipitleachas, ní mór do dhaoine i dtíortha bochta dul ar an imirce chun éalú ón mbochtanas.

    In ainneoin nimh an athbhreithniúchais staire: ní neart go cur le chéile, mar sin sclábhaithe an domhain cad tá le cailliúint agaibh? Téigidh siar ar leabhair chlasaiceacha ghluaiseacht na n-oibrithe agus léigidh iad! Agus bainfear preab asaibh a nua-aimsearacht atáid siad… :-)