‘Tá rún agam, ach nílim chun é a insint, mar is rún é’ – Alan Titley

Sa tsraith seo, caitheann Tuairisc.ie. súil chun cinn ar 2020 i dteannta roinnt Gael aitheanta. An geábh seo, an scríbhneoir Alan Titley atá linn

‘Tá rún agam, ach nílim chun é a insint, mar is rún é’ – Alan Titley

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2020?

Tá, ach nílim chun é a insint, mar is rún é!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Deireadh na bliana.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2020?

FG-FF i gcumhacht arís.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Na cluichí Oilimpeacha agus go mbuafadh Corcaigh craobh na hÉireann.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2020?

Scannal éigin ar féidir linn sult a bhaint as.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2020?

An rún sin thuas nach bhfuil mé chun a insint duit!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2020, céard a d’athrófá?

Go bhfillfí ar 50idí na haoise seo caite nuair a bhí tithe á dtógáil ag bardais agus ag comhairlí contae ionas go bhféadfadh an gnáthdhuine le gnáth-thuarastal lonnú iontu ar chíos réasúnta.

Fág freagra ar '‘Tá rún agam, ach nílim chun é a insint, mar is rún é’ – Alan Titley'