Tá Protastúnaigh ann atá ar son athaontú na tíre… Éistear leo…

Tá duine de bhunaitheoirí an DUP níos sásta labhairt faoi athaontú na hÉireann ná Tánaiste na tíre

Tá Protastúnaigh ann atá ar son athaontú na tíre… Éistear leo…

Nach ait go bhfuil Wallace Thompson, duine de bhunaitheoirí an DUP, agus comhghleacaí dílis de chuid Ian Paisley, níos sásta labhairt faoi athaontú na hÉireann ná Tánaiste na tíre is ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin?

Ní duine nach bhfuil tábhacht ag baint leis é Thompson, is tá an-mheas air i measc aontachtaithe.  Bhí ról mór aige i mbunú an DUP agus sa socrú feidhmeannais ar ghlac Ian Paisley leis i gCill Rímhinn in 2006.

In agallamh san Belfast Telegraph, dúirt Thompson go raibh Éire Nua de chineál éigin dosheachanta anois, agus gur gá d’aontachtaithe é sin a phlé lena gcomharsana náisiúnacha, agus le dreamanna ar nós Todhchaí Éireann.

Dúirt sé go raibh sé airdeallach faoi fhocail mheala, ach nach bhféadfadh aontachtaithe leanúint ar aghaidh agus a súile dúnta.

An tábhacht, measaim, a bhaineann leis an gcaint seo ná go léiríonn sí go bhfuil dream beag daoine ann ón taobh aontachtach a thuigeann go gcaithfidh siad páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoi Éirinn Nua, nó beidh Protastúnaigh an Tuaiscirt thíos leis sa deireadh.

Níor mhínigh Thompson na pointí atá tábhachtach, dar leis, do leas na bProtastúnach, ach thug Claire Mitchell, an t-údar a scríobhann faoi oidhreacht Phrotastúnach 1798, cuid den fhreagra.

Bhí Mitchell ar na daoine a labhair ag cruinniú le linn Fhéile an Phobail i mBéal Feirste le déanaí faoi dhearcadh na bProtastúnach i leith athaontú na hÉireann, in éineacht le Linda Ervine agus an t-Urramach Karen Sethuraman. Thaitin sé léi, a dúirt sí, go raibh an lucht éisteachta fiosrach i ndáiríre faoi céard a bhí tábhachtach don phobal Protastúnach.

In agallamh san Irish News, labhair Mitchell faoi oidhreacht dhaonlathach an chur chuige a bhíonn go minic taobh istigh d’eaglaisí Protastúnacha ó thuaidh, gan trácht ar an oidhreacht pholaitiúil a bhain le 1798.

Luaigh sí ocras le haghaidh daonlathais in imeachtaí ar nós na Chartists nó an Tenants’ Rights League. Má tá ciall ar bith leis an gcaint faoi athaontú na tíre, a dúirt sí, ní mór go mbeadh an bhéim ar chumhacht a thabhairt don phobal agus ar dhaonlathas an phobail.

Labhair sí freisin faoina cúlra Albanach is Sasanach. Tháinig a sinsear isteach sa tír aimsir na Plandála, ach Éireannach go smior í mar ní bhaineann sí le tír ar bith eile.

Níor bhraith sí riamh, a dúirt sí, go raibh gá le fuil fhíor-Ghaelach go dtuigfeadh sí féin gur Éireannach í.

Bhí an pointe céanna sin ag Wallace Thompson freisin. “Is Éireannaigh muid,” a dúirt sé, “agus is seafóid a rá nach ea.”

Is fiú a thabhairt faoi deara nár luaigh ceachtar den bheirt seo an Briotanachas.  Cinnte, teastaíonn uathu – agus an ceart ar fad acu – go mbeadh áit lárnach aitheanta ag an bpobal Protastúnach ó thuaidh san Éirinn atá amach romhainn.

Ach sin díospóireacht eile. Díospóireacht nach bhfuil teoranta ag bratach nó amhrán náisiúnta nó seafóid faoin gComhlathas Briotanach.

Ar an taobh eile, cé go bhfuil daoine i bhFianna Fáil, ar nós Jim O’Callaghan, TD, nó ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Dáithí de Róiste, sásta – is ag iarraidh – páirt a ghlacadh sa díospóireacht, níl ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, sásta labhairt le Todhchaí Éireann mar atá Wallace Thompson.

Tá a fhios againn go bhfuil a lán daoine ón bpobal Protastúnach ó thuaidh – an DAP mar a thugann Máirín Hurndall orthu – atá oscailte don díospóireacht, cé go bhfuil siad fós airdeallach faoin toradh. Agus tá faitíos ar a lán go dtiocfaidís faoi ionsaí – bíodh an t-ionsaí sin i gcruth focal nó i gcruth gnímh.

Tá iarracht de chineál éigin ar siúl ag Sinn Féin, ach ní fheicim go bhfuil siad i ndáiríre ag dul i ngleic leis na pointí is tábhachtaí. Is é sin, go gcreideann Sinn Féin go dtugann Breatimeacht deis dóibh athaontú na tíre a chur chun cinn ar an ábhar gurb é sin an bealach is fearr le fanacht san Aontas Eorpach.

Mar gheall air sin, níl iarracht dá laghad á déanamh acu dul i ngleic leis an gceist seo: cén fáth nach dteastaíonn ó mhóramh an phobail Phrotastúnaigh a bheith san Aontas sin?  An iarsma den seandearcadh impireachta é, nó an dtagann sé trasna ar an tuiscint sin faoi dhaonlathas agus cumhacht a thabhairt don phobal a luaigh Claire Mitchell?

Tá siad ag iarraidh labhairt leis na Protastúnaigh faoi athaontú na hÉireann ach ar a gcuid téarmaí féin amháin.

Ní leor sin, ní dóigh liom.

An focal scoir: más ait go bhfuil leithéidí Wallace Thompson sásta labhairt le Todhchaí Éireann faoi chruth athaontú na hÉireann, nach ait freisin nár luaigh RTÉ beag ná mór é? Ina thost a d’fhan Joe Duffy.

Fág freagra ar 'Tá Protastúnaigh ann atá ar son athaontú na tíre… Éistear leo…'

  • Eoin Ó Murchú

    Ní dóigh liom go bhfuil Wallace Thompson “ar son athaontú na hÉireann”. Tá sé sásta glacadh leis ar choinníollacha áirithe …

  • Sibéal

    Ró-luath do bheith ag caint faoi aontú, fiú “ar a gcuid téarmaí fhéin”. Ró-luath nuair atá scoileanna an deiscirt fós faoi smacht daingin dleathach ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach gan trácht ar ospidéil. Ba chóir náire do bheith ag na Cultural Catholics 26 contae faoi seo.