‘Tá níos mó cearta teanga ag cainteoirí Gearmáinise i dtuaisceart na hIodáile ná ag muintir na Gaeltachta’

Ritear an stát mar stát aonteangach agus an meon atá ann i leith na Gaeilge ná ‘Carry on Regardless’  a deir údar an leabhair ‘An Ghaeilge sa Dlí’

‘Tá níos mó cearta teanga ag cainteoirí Gearmáinise i dtuaisceart na hIodáile ná ag muintir na Gaeltachta’

Dar leis an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh, údar An Ghaeilge sa Dlí, go bhfuil go leor le foghlaim ag an stát seo i dtaobh cúrsaí teanga ó Cheanada, an Bhreatain Bheag, an tAontas Eorpach, agus, sea, fiú an Tioróil Theas i dtuaisceart na hIodáile.

Teanga ar bith, braitheann sí ar na deiseanna atá ag cainteoirí í a úsáid agus níl mórán deiseanna ag lucht na Gaeilge, a deir sé.

“Ar an gcéad dul síos is mionlach sinn, ach is mionlach sinn mar gheall ar an easpa stádais atá ag an teanga, mar gheall gurb é an Béarla an teanga inmheánach oibre atá ag an Stát i nach mór gach áit seachas Roinn na Gaeltachta agus cúpla áit anseo is ansiúd.”

Cad faoi stádas na Gaeilge sa Bhunreacht?

“Deir Airteagal 8 gurb í an Ghaelainn an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil agus deir sé chomh maith go nglactar leis an mBéarla mar theanga oifigiúil eile. Shílfeá ón bhfoclaíocht sin go bhfuil tosaíocht ag an nGaelainn.

“Ach tá sé níos casta ná sin, mar tugtar cead chomh maith leis sin, an dlí a reáchtáil amhail is nach mbeadh ach teanga amháin ann, Gaeilge nó Béarla, mar theanga aonarach oifigiúil, in áit ar bith sa tír nó i réimse ar bith oibre sa tír,” a deir sé.

Cuireann dearcadh na státseirbhíse ó thaobh na Gaeilge de, ceann de na scannáin Carry On i gcuimhne do Mhac Cárthaigh.

“Ba chuma Bunreacht 1922 nó Bunreacht 1937, an dearcadh a bhí acu ná gurb é an Béarla an teanga oifigiúil agus, Carry on Regardless. Agus go dtí go gcuirtear iachall ar an státseirbhís, ní dhéanfaidh siad tada.”

Tá ceart ag duine an Ghaeilge a labhairt sa chúirt agus mura dtuigeann an breitheamh thú, caithfidh siad breitheamh a chur ar fáil a thuigeann an Ghaeilge, ceart a deimhníodh i gcás Uí Chadhla san Ard-Chúirt in 2019. Ach níl aon cheart agat chun giúiré le Gaeilge cé go bhfuil an ceart sin i gcás na Fraincise i gCeanada agus áiteanna eile.

“Déanann siad a leithéid [giúiré] in British Columbia, agus ar fud Ceanada. Ní hamháin in Québec, áit a bhfuil móramh daoine ina bhFrainciseoirí, ach chomh maith leis sin in áiteanna nach bhfuil móramh Frainciseoirí. Bíonn liosta ar leith acu chun giúiré le Fraincis a chur le chéile.”

Mura bhfuil Gaeilge ag an ngiúiré, ní féidir a rá go bhfuil do chás á reáchtáil trí Ghaeilge, a deir Mac Cárthaigh. Beidh daoine “i do choinne” mar go bhfuil Gaeilge á labhairt agat, a deir sé. “Beidh sé claonta i do choinne ón gcéad lá riamh.”

Tá go leor reachtaíochta agus go leor rialachán nach bhfuil ar fáil as Gaeilge ach oiread, constaic eile roimh an nGaeilge sa chóras.

“Is saghas magadh don phríomhtheanga oifigiúil é sin, mura bhfuil dlíthe na tíre ar fáil inti go hiomlán. Sin ceist atá le freagairt.”

Tá daoine in áiteanna eile níos fearr as ó thaobh cearta teanga ná mar atá in Éirinn, dar le Mac Cárthaigh.

“Dá mbeifeá sa Tioróil Theas i dtuaisceart na hIodáile, áit a labhraíonn siad Gearmáinis agus má stopann na gardaí tú agus má labhraíonn tú Gearmáinis leo caithfidh na gardaí plé leat as Gearmáinis, caithfidh na cúirteanna plé leat as Gearmáinis, gheobhaidh tú breitheamh le Gearmáinis,  ionchúiseamh, agus mar sin de.

“Tá níos mó cearta ag cainteoirí Gearmáinise – is cuma cad as dóibh – i dtuaisceart na hIodáile ná mar atá ag na cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.”

Ní sa chóras dlí amháin a cheiltear cearta teanga ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Ritear an Stát mar stát aonteangach. Ba chóir comparáid a dhéanamh idir an stádas atá ag an nGaelainn san Aontas Eorpach agus an stádas atá aici in Éirinn.

“Tá rialacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar fáil i nGaelainn. Níl rialacha na gcúirteanna in Éirinn ar fáil go fóill.

“Beidh, ó thús na bliana seo chugainn, na dlíthe ar fad san Aontas Eorpach ar fáil i nGaelainn.”

Tugadh breithiúnas le déanaí sa chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis.

“Níl gá go ndéanfaí é sin in Éirinn. Baineann sé sin le ‘ná déan nós, ná bris nós’; leanfar leis an mBéarla mar an phríomhtheanga oifigiúil de facto agus beidh an Ghaelainn mar ornáid agus má tá duine éigin trioblóideach ag iarraidh í a úsáid, sure, déanaimid spás éigin dó agus déanfaimid a laghad agus is féidir, chomh fada agus is féidir’.”

Dar leis an abhcóide go bhfuil go leor dochair déanta chomh maith ag an meon gur “ornáid” í an Ghaeilge.

“Ach chomh maith leis sin, an claonadh a bhí ag daoine plé leis an nGaelainn mar ornáid seachas mar uirlis, mar uirlis a d’fhéadfadh féinmhuinín a chothú ionainn mar thír agus mar dhaoine – agus leagan níos fearr dínn féin a chur ar fáil, mar dhaoine dátheangacha seachas daoine aonteangacha.”

Deir Mac Cárthaigh gur amaidí ar fad atá ann a bheith ag caint ar bhuntáiste an Bhéarla i ré an Bhreatimeachta agus ag am a bhfuil Béarla ag aon duine a bhfuil oideachas  air san Aontas Eorpach.

“Tá sé náireach i ndáiríre go gcreideann daoine gur cás speisialta sinn, mar gheall go bhfuil Béarla againn.

“Is cuimhin liom féachaint ar an Late Late Show fadó agus daoine a’ rá, agus ní déarfá é seo ar an teilifís sa lá atá inniu ann, ‘ó, is iontach an rud é go dtéann muid go Meiriceá mar is maith leo na hÉireannaigh mar tá muid bán agus labhraíonn muid Béarla!’

“Seans gur bhain sé sin lena rá, ‘ó táimid chomh maith leis an dream a bhíodh ar dhroim capaill a’ rá linn an geata a oscailt…bhuel sin dul chun cinn, a bheith cosúil leis an duine a bhí i gceannas orainn!”

– Bhí an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh faoi agallamh ag údar an ailt seo ar Blas na Cathrach ar Raidió na LIfe 106.4fm. Tá  ‘An Ghaeilge sa Dlí’ foilsithe ag Leabhar Breac agus é ar fáil anseo

Fág freagra ar '‘Tá níos mó cearta teanga ag cainteoirí Gearmáinise i dtuaisceart na hIodáile ná ag muintir na Gaeltachta’'

  • Dónall

    Tá go deimhin mar gheall ar Eagrais Ghaeilge atá ag fáil na milliún ón Stáit agus gan aon ní ar siúl acu don Ghaeltacht. Náireach. Tá barraíocht acu ann san Ardchathair, cúpla cruinniú anseo & ansiúd ag plé cúrsaí Gaeltachta mar chuid dá gcur i gcéill…táfar ar a gcás anois. Déantar comhnascadh orthu agus sábháilfidh sé na milliún don Stáit. Treise leat a Dháithí.

  • Liam O

    Thug Dáithí léargas iontach dúinn agus gach seans gurbh fhearr dúinn mar chainteoirí Gaeilge fáil réidh le stádás bréagach Airteagal 8 den bhunreacht. Rith sé liom in Éire aontaithe arís go mbeadh an deis ann chun stádás reigiùnach speisialta a bhronnadh ar nós an Tìoróil Theas san Iodáil, ar cheantair Gaeltachta agus Gaelphobal, bíodh Ros Muc nó Carn Tóchair i gceist, a chinnteoidh seirbhísí stáìt trí Ghaeilge, a dtugadh cumhacht do chomhairle áitiúil le haghaidh cead pleanála, títhíocht do chomhairle, postanna inmharthanach a chruthú, cúram deisiúcháin na mbóithre a bheith san áireamh chomh maith le plean timpeallachta.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ní mholfainn riamh ísliú stádais don teanga. Murach Airteagal 8, bheadh cúrsaí i bhfad Éireann níos measa. Is féidir agus is fiú cur leis an stádas cinnte.

  • Seán Ó hAodha

    Tá 77.000 cainteoir Gearmáinise in OstBelgien sa mBeilg ar theorann na Gearmáine agus a rialtas fhéin acu. Bíonn seirbhísí poiblí tré mheán na Gearmáinise ar fáil go hauthoibritheach in OstBelgien tré chéile agus i roinnt mhaith ceantracha /municipalités eile sa mBeilg.

  • Seán Ó hAodha

    Tá cearta teanga ar fáil go huathoibritheach ag lucht labhartha na Gearmáinise (77,000 acu) in OstBelgien sa mBeilg agus i municipalités éagsula i Wallonie agus i Vlaanderen.

  • S. Mac Muirí

    Ba léir faoi na 1960í nár oibir an ‘Sacsa séad darb ainm Éire’. Is cinnte nach n-oibreodh ‘Sacsa séad’ eile darb ainm ‘Éire Aontaithe’ ach an oiread leis na breallstáit bhéarla a tháinig roimhe.
    Beidh an Ghaeilg riachtanach le hÉirinn a aontú 7 a shlánú mar aonad a mbeidh meas ag a mhuintir air 7 urraim dá chéile ann. Tá eadar 150 agus 200 teanga sa tír faoi láthair (chomh maith leis an droch-Fhraincis .i. an béarla) 7 ár sáith againn sa méid sin le céimithe tráchtála, innealtóireachta, eolaíochta srl. a oiliúint 7 a chur i mbun gnó le tíortha thar lear. Is í teanga an cheannaitheora an urlabhra a chaithfear labhairt le do tháirge a dhíol.
    Is iad béarlóirí (go nGaeilg nó dá huireasa) an dris chosáin is mó sa scéal tharla nach dtuigeann siad an tír thuaidh ná theas. Is cuimhin le cuid againn:
    Anois tá Éire thuaidh 7 theas
    de dheasca cluain 7 cleas,
    ach an fhaid a bheas sí amhlaidh
    ní bheidh sí thuaidh ná theas.