‘Tá muid céim níos cóngaraí do liúntas a chur ar ais i bpócaí gach múinteoir sa Ghaeltacht’

Faoin chomhaontú nua pá atá déanta ag Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) leis an rialtas, beidh ciste €33 milliún ar fáil le caitheamh ar liúntais, arb ionann é agus 1% de chostas phárolla na múinteoirí

‘Tá muid céim níos cóngaraí do liúntas a chur ar ais i bpócaí gach múinteoir sa Ghaeltacht’

D’fhéadfadh sé go mbeadh liúntas ar fiú €3,500 sa bhliain é “ar ais i bpócaí gach múinteoir” sa Ghaeltacht ag tús mhí Mheán Fómhair 2025.

Faoin chomhaontú nua pá atá déanta ag Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) leis an rialtas, beidh ciste €33 milliún ar fáil le caitheamh ar liúntais, airgead arb ionann é agus 1% de chostas párolla na múinteoirí.

Deir John Boyle, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, go bhfuil siad “céim níos cóngaraí” don liúntas Gaeltachta a fháil ar ais.

“Is cinnte go bhfuil muid níos cóngaraí. Tá an ciste €33 milliún ar fáil ón chéad lá de mhí Mheán Fómhair 2025, rud a fhágann go bhféadfadh sé go mbeadh an liúntas ar ais i bpócaí múinteoirí an uair sin.

“Cé go bhfuil comhaontú déanta ag na ceardchumainn leis an rialtas, caithfidh na baill vótáil ar son an mhargaidh seo, agus caithfidh mórchuid de na ceardchumainn glacadh leis le go mbeidh sé ina mhargadh”, a dúirt Boyle.

Dúirt Boyle go mbeidh Lárchoiste Feidhmiúcháin an INTO ag moladh dá gcuid ball vótáil ar son an mhargaidh.

“Is polasaí de chuid an cheardchumainn seo go bhfuil muid ag iarraidh na liúntais Ghaeltachta a fháil ar ais. Ní hamháin sin, ní chosnódh sin mórán airgid. Tá i bhfad níos mó airgid ar fáil dúinn ná mar a chosnódh na liúntais a fháil ar ais.

“Ní chosnódh sé milliún fiú an liúntas Gaeltachta agus oileánda a íoc le múinteoirí, mar sin tá súil agam go mbeidh baill s’againne sásta an t-airgead a chaitheamh ar na liúntais.”

Faoin chomhaontú nua, tá 2% den chaiteachas, arb ionann é agus €67 milliún, geallta faoin chomhaontú pá a thiocfaidh i bhfeidhm i ndiaidh 2026.

Beidh an 385,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ag vótáil ar son glacadh leis an chomhaontú pá nua nó diúltú dó idir seo agus an 25 Márta.

Beidh an 45,000 ball den INTO ag vótáil idir an 4-14 Márta.

Dúirt Boyle go raibh an-dóchas air go n-éireodh an uair seo leis an éileamh chun an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais mar gheall ar Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann [INMO] a bheith ag tacú lena n-éileamh.

“Tá an meon céanna ag Phil Ní Sheaghdha agus an IMNO. Tá an t-airgead acu le caitheamh air agus caithfidh na baill aontú ar an airgead a chaitheamh.

“An uair dheireanach bhí airgead againn le caitheamh ar na liúntas Gaeltachta agus oileánda ach bhí bac orainn mar gheall ar an chlásal a deir go bhfuil ar na ceardchumainn aontú air. Tá an INMO i bhfad níos toilteanaí faoin cheist agus táthar ag iarraidh go dtabharfaí ar ais é.

“Tá an méid sin airgid ar fáil do na ceardchumainn uilig mar sin tá an-seans ann go n-éireoidh leis,” a dúirt Boyle.

Roimh 2012 d’íoctaí liúntas €3,455 le múinteoirí sa Ghaeltacht. Ní bhfuair aon mhúinteoir nua a fostaíodh i ndiaidh 2012 an liúntas Gaeltachta ach íocadh é le hoibrithe a raibh an liúntas acu roimhe sin.

I gcás na ndochtúirí agus na n-altraí sa Ghaeltacht, b’ionann an liúntas agus 8% de thuarastal an oibrí.

Rinne an INTO agus INMO comhéileamh den chéad uair go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta sna cainteanna a bhí ag lucht ceardchumainn agus an rialtas faoi chomhaontú pá nua d’oibrithe na hearnála poiblí.

Dúirt Phil Ní Sheaghdha, Ard-Rúnaí an IMNO, le Tuairisc, go raibh sé “riachtanach” go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta d’oibrithe sa tseirbhís sláinte atá ag obair sa Ghaeltacht le breis daoine a mhealladh.

Fág freagra ar '‘Tá muid céim níos cóngaraí do liúntas a chur ar ais i bpócaí gach múinteoir sa Ghaeltacht’'

  • Sibéal

    An mbeidh cáilíócht iontaofa faoi leith sa Ghaeilge ag teastáil? Mar shampla faoi láthair níl ach TEG Meánleibhéal 2 (B2) ar a laghad nó Ardleibhéal 1 (C1) Teastas Eorpach na Gaeilge a chruthódh go bhfuil Gaeilge líofa agus chruinn ag na múinteoirí seo?

    An mbeidh cáilíocht M.Ed nó teastas iarchéime ar leith ag teastáil ó meánmhúinteoirí a chruthódh go bhfuil siad ábalta ábhar/ábhair a theagasc trí mheán Gaeilge?

    Cén “modus operandi” a bheidh in úsáid chun an liúntas a cheadú do mhúinteirí?

    An leanfar cur chuige “laissez faire” beag beann ar an teanga atá in uachtar sa seomra fóirne, sna seomraí rangai agus i gclós na scoile mar a bhíodh?

    An mbronnfar an lúntas ar na múinteoirí ar fad ins an Ghaeltacht Oifigiúil, idir breac agus lánBhéarla?

  • G

    Ceisteanna maithe, a Shibéil. D’oibrigh mise mar mhúinteoir in Iarbhunscoil Ghaeltachta le múinteoirí nach labhródh focal Gaeilge le duine ar bith ar feadh na mblianta agus a raibh an liúntas Gaeltachta a fháil acu. Scannalach!

  • Colette

    Is scannal é sin gan dabht a G go bhfuil múinteoirí nach bhfuil sásta Gaeilge a labhairt ag fáil an liúntas Gaeltachta fós.
    Tá sé náireach nár deineadh plé ar bith ar na meáin maidir leis na ceisteanna thábhactacha a d’ardaigh tú a Shibéil i do thráchtaireacht thuas.
    Ceist dos na múinteoirí Gaeltachta.
    An “free lunch” gan coinníol atá á cuartú ag bhur gceardchumainn?
    Más an sean córas a oibríónn fós sa Ghaeltacht Oifigiúil (ar bhonn tíreolaích amháin) a chuirfear if bhfeidhm is “free lunch” a bheidh ann agus beidh go leor spraoi ag na tabloids.