Tá mo shaol as alt agus mé croíbhriste ó stop mo chara ag caint liom

Bímid croíbhriste nuair a thagann deireadh le caidreamh grá. Ach seans gur measa an briseadh croí nuair a thagann deireadh le dlúthchairdeas, a scríobhann ár gcolúnaí

Tá mo shaol as alt agus mé croíbhriste ó stop mo chara ag caint liom

Bímid croíbhriste nuair a thagann deireadh le caidreamh grá, ach ar a laghad bíonn clabhsúr éigin ann. Troid mhór nó comhrá ciúin, cuirtear an lánstad ag deireadh an dráma agus is féidir linn aghaidh a thabhairt ar an gcuid eile dár saol.

Ní hamhlaidh an scéal i gcónaí nuair a thagann deireadh le dlúthchairdeas, agus bíonn an briseadh croí níos measa dá bharr.

Tá aithne agam ar Simone*, Marjolijn* agus Dagmar* ó bhí muid ceithre bliana déag d’aois. Dlúthchairde muid ó chuir muid aithne ar a chéile ar an meánscoil i mbaile mór faoi scáth chathair Amsterdam, san Ísiltír. 

Tar éis na hardteiste chuaigh gach duine againn a bhealach féin, ach d’éirigh an cairdeas eadrainn níos dlúithe, fiú nuair a chuaigh duine againn – mise – ar imirce, go hÉirinn ar dtús agus ansin go dtí an Bhrasaíl. 

Tá pictiúr ar an mballa agam i m’árasán ina bhfuil an ceathrar againn inár suí ar chlaí i gCloch na Rón, grianghraf a tógadh tráth a raibh cónaí orm in Éirinn. 

D’imigh na blianta ach mhair an cairdeas eadrainn. B’iomaí duine a deireadh liom go raibh an t-ádh orm go raibh cairde agam ar fhás mé aníos leo: níl teagmháil ag mo dheartháireacha agus ag mo dheirfiúr le haon duine a raibh siad mór leo ina n-óige. Agus is léir go raibh an t-ádh orainn dáiríre. De réir taighde a rinne an socheolaí Gerard Mollenhorst ó Ollscoil Utrecht, déanann an duine athnuachan ar leath dá chiorcal cairde thar thréimhse seacht mbliana agus ní choinníonn sé ach 30 faoin gcéad dá dhlúthchairde thar an tréimhse chéanna.

Bliain go leith ó shin – tar éis ocht mbliana is fiche – stop Simone ag caint le Marjolijn, le Dagmar, agus liom féin. Thar oíche, stop sí ag freagairt an fhóin. Ní fhreagródh sí teachtaireachtaí téacs ná ríomhphoist, cártaí poist ná litreacha. Níor tugadh cúis ná míniú.

Thosaigh muid ár gcéasadh féin. An orainne a bhí an locht? Céard a bhí déanta as bealach againn? Bhí muid buailte ag an mbrón. Ansin tháinig fearg orainn. Nuair a mhaolaigh sin ach nuair a lean an tost aontaobhach, tháinig an imní.

I mo chás féin, leath an imní sin trí mo shaol ar fad. Dá mb’ionann mo shaol agus teach, bhí an bhunsraith tar éis tabhairt uaithi faoi mo chosa agus mhothaigh mé go raibh an baol ann go sleamhnódh an chuid eile isteach sa pholl a fágadh. Mura bhféadfainn brath ar dhuine a bhí mar chrann taca agam ar feadh ocht mbliana is fiche, an bhféadfainn brath ar rud ar bith?

Ar chúiseanna éagsúla – bród, meas ar an bpríobháideachas, faitíos faoin radharc nó faoin bhfáilte a d’fhéadfadh a bheith rompu – ní dheachaigh Marjolijn ná Dagmar chomh fada le hárasán Simone. Ach nuair a bhí mise san Ísiltír arís, nach mór bliain tar éis do Simone stopadh ag caint linn, bhrúigh mé cloigín an dorais. Tar éis comhrá fada lena fear céile, d’éirigh liom í a mhealladh anuas.

Bhí comhrá trí huaire an chloig agam féin agus ag Simone i mbialann Mharacach.

Ní orainne a bhí an locht, a dúirt sí.

Bhí an saol tar éis oiread buillí troma a bhualadh uirthi (agus bhí, dáiríre) nach raibh an fuinneamh aici a thuilleadh don teagmháil shóisialta.

Ní linne amháin a bhí sí stoptha ag caint. Ní raibh teagmháil aici le duine ar bith ach amháin lena fear céile agus lena deirfiúr.

Ba léir don dall go raibh cúnamh proifisiúnta ag teastáil, agus d’impigh mé uirthi a leithéid de chabhair a lorg, ach dúirt sí nach raibh sí réidh. Bean fhásta í, agus ní féidir liomsa ná le duine ar bith eile ach amháin an dochtúir teaghlaigh brú a chur uirthi dul chuig síciatraí in aghaidh a tola.

Tá trí ráithe eile imithe agus níor chuala mise, Marjolijn ná Dagmar scéal ó Simone ó shin. Leanann an saol ar aghaidh, ach níor cuireadh lánstad fós ag deireadh an scéil áirithe seo. Gach lá meabhraíonn an pictiúr sin ar an mballa – an ceann úd a tógadh i gCloch na Rón – dom go bhfuil mo shaol as cothrom. Bíonn an diabhal rud i gcónaí ar leathmhaing,

agus tá neamhord dúghafach ag teacht orm á chrochadh i gceart arís.

* Úsáideadh ainmneacha bréige d’fhonn príobháideachas na ndaoine a ndéantar tagairt dóibh a chosaint.

Fág freagra ar 'Tá mo shaol as alt agus mé croíbhriste ó stop mo chara ag caint liom'

  • Máiread

    C’est la vie.