Tá mé ag obair le blianta fada mar ghníomhaire rúnda ag Coinín na Cásca

Tá tuairim mhaith ag ár gcolúnaí go bhfuil sí ina Manchurian Candidate ag Coinín na Cásca

Tá mé ag obair le blianta fada mar ghníomhaire rúnda ag Coinín na Cásca

‘Ar cuimhin leat anuraidh Mamaí nuair a chuir an Coinín uibheacha seacláide i bhfolach ar fud an tí?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom an tráthnóna cheana gan aon choinne agus aniar aduaidh agus go tobann orm.

Ní raibh aon chuimhne agam air. Aon chuimhne beo agam air. Chuir sé seo faitíos orm caithfidh mé a rá leat, chuir sé cnap faitís orm mar a bheadh cloch mhór a hiompar i m’ucht agam.

Cén fáth? A deir tú. Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil a fhios agat é seo, agus tá sé faoi rún, ach inseoidh mé duitse é agus coinnigh faoi do hata é. Le blianta fada anois tá mé ag obair mar ghníomhaire rúnda ag Coinín na Cásca. Is é an imní a bhí orm nuair a dúradh liom gur chuir ‘An Coinín’ uibheacha Cásca i bhfolach ar fud an tí ná gur dóigh go raibh baint lárnach agam leis an bhfolachán sin (tá a leithéid d’fhocail ann, sheiceáil mé). Is dóigh gur mé féin a chuir na huibheacha sin i bhfolach, ar threoir ón gCoinín mór é fhéin.

Is é an rud a chuir faitíos orm ná nach bhfuil aon chuimhne agam go raibh uibheacha curtha i bhfolach ná go deimhin ar an gCáisc féin anuraidh. Rinne mé mo dhícheall cuimhneamh siar air. ‘Nach cuimhin leat Mamaí,’ a deir an Bheainín, ‘bhí uibheacha curtha i bhfolach sa mbosca tae aige agus fuair muid iad.’ Seans gur dom féin a bhí na huibheacha sin curtha i bhfolach a chuimhnigh mé, is dóigh ag súil nach ngabhfaidís i ngar don bhosca tae.

‘Bhí slám eile i bhfolach aige i bpóca do chóta,’ a deir sí agus í ag gáire. ‘Hmmm,’ a chuimhnigh mé, an é go raibh uibheacha curtha i bhfolach nó an é gur tháinig siad ar mo ‘steais’ pearsanta féin?

An bhfaca tú an scannán The Manchurian Candidate riamh? Rinneadh é den chéad uair i 1962 agus rinneadh leagan nua de in 2004 agus Denzel Washington sa bpríomhpháirt. Scéinséir polaitiúil atá ann ina bhfuil gníomhaire rúnda traenáilte ach nach bhfuil aon chuimhne acu féin air.

Go dtí go gcloisfidh siad cód speisialta a mhúsclóidh an traenáil agus gabhfaidh siad ag déanamh raic in aghaidh a dtola. Sa scannán bhí an gníomhaire rúnda ina fheallmharfóir in aghaidh a thola agus athmhúnlú inchinne déanta air.

Anois, cén bhaint atá aige sin le Coinín na Cásca? Bhuel, tá sé róluath a bheith cinnte de, ach tá tuairim mhaith agam go bhfuilim i mo Mhanchurian Candidate ag Coinín na Cásca. Sílim, is tá fianaise agam, go ndearnadh athmhúnlú ar m’inchinn i ngan fhios dom féin.

Creidim gurb éard a tharlaíonn ná nuair a chloisim cód speisialta, focail a bhaineann le seacláid agus uibheacha Cásca seans, go gcuirtear an smacht intinne i bhfeidhm orm agus go mbím ag déanamh obair an Choinín i ngan fhios dom féin.

Seans gurb é sin an fáth nach mbíonn aon chuimhne agam ar an gCáisc nó céard a tharla ó bhliain go bliain. B’fhéidir nach mé an t-aon duine. Cuir ceist ort féin, an bhfuil aon chuimhne agat ar an gCáisc anuraidh? B’fhéidir go bhfuil tusa tú féin ina Mhanchurian Coinín.

Tá sé in am againn briseadh amach as na srianta Cásca atá leagtha síos ag an gCoiníneach dúinn. Ach cén chaoi go ndéanfaidh muid é?
B’fhéidir nach bhfuil le déanamh ach an focal ‘Creme Egg’ a chloisteáil ráite os ard is go mbeidh sé rómhall. Beidh an dochar déanta. Trí lá eile caite ag cur uibheacha seacláide i bhfolach ar fud an tí, is gan aon chuimhne againn céard a tharla.

Fág freagra ar 'Tá mé ag obair le blianta fada mar ghníomhaire rúnda ag Coinín na Cásca'