Cé nach raibh an bua ag an eite chlé i dtoghchán pharlaimint na Fraince, tá an chuma ar an scéal go raibh bua de shaghas ar deireadh acu toisc gur éirigh leo teacht slán as leaba an bháis is athchruthú a dhéanamh uirthi féin mar fhórsa láidir atá lárnach i bpolaitíocht na Fraince.
In éineacht leis sin, cuireadh stop nach mór le máirseáil Macron agus lena chuid pleananna dul ar aghaidh leis an bhfiontar Eorpach – stát feidearálach a dhéanamh aisti, lena harm féin agus lena cuid aidhmeanna idirnáisiúnta féin.
Is é aontas na heite clé is cúis leis an toradh seo. Sa toghchán uachtaránachta, sheas na codanna éagsúla den eite chlé astu féin agus níor éirigh le Jean Luc Mélenchon, ceannaire na heite clé anois, cáiliú don dara babhta vótála, cé nach raibh ach beagán vótaí idir é féin agus Marine Le Pen ar an eite dheis i bhfad amach.
Tá moladh tuillte ag na cumannaigh, na sóisialaigh, na glasaigh is na codanna eile den eite chlé gur chuir siad na rudaí a n-easaontaíonn siad fúthu ar leataobh ar mhaithe le teacht le chéile chun dúshlán ceart a thabhairt do Emmanuel Macron agus do pholaitíocht an rachmais na Fraince.
Tá cead a chinn fós ag Macron i gcúrsaí gnóthaí eachtracha, agus faoin Aontas Eorpach, ach beidh air idirbheartaíocht a dhéanamh le páirtithe eile má tá sé ag iarraidh aon reachtaíocht a thabhairt isteach.
Beidh sé ag breathnú ar ndóigh ar Les Republicains, páirtí oidhreachta de Gaulle, ach tá an páirtí sin scoilte idir iadsan a thaobhaíonn le Le Pen, iadsan atá amhrasach faoi ról na Meiriceánach i polasaithe na Fraince, agus iad siúd atá buartha go bhfuil an Fhrainc á bá taobh istigh den Aontas Eorpach.
Tá an eite chlé amhrasach faoin AE freisin, go háirithe mar gheall ar an bhforáil sna conarthaí go bhfuil iachall ar gach stát tús áite a thabhairt don saormhargadh maidir le polasaí eacnamaíochta.
Tá Macron féin ag iarraidh polasaí lárnaithe a bhrú ar an AE agus leas á bhaint aige as imeacht na Breataine le gach ballstát a chur faoi smacht an Aontais. Ar ndóigh ceapann sé go mbeidh an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil ag imirt na bpáirteanna is tábhachtaí san Eoraip chéanna.
Tá fís Macron faoi léigear i láthair na huaire, mar tá greim Mheiriceá ar an Eoraip treisithe ag cogadh na hÚcráine, go háirithe ag na smachtbhannaí atá ag scriosadh geilleagair na mór-roinne (agus fíorbheagán dochair á dhéanamh don Rúis mar chúiteamh).
Ach cé go bhfuil polaiteoirí sna trí thír thuas ag caint go príobháideach faoin dochar atá á bhagairt orthu, níl an misneach acu faoi láthair aon bhriseadh ceart a dhéanamh le Meiriceá atá ag iarraidh go leanfar leis an gcogadh ar mhaithe, a deir siad, leis an Rúis a fháisceadh agus an Eoraip a lagú.
Is í fís Macron ná lámh impiriúil a bheith ag an Eoraip mar a bhíodh tráth ag impirí na Fraince, na hIodáile, na hÍsiltíre agus na Gearmáine.
Ach mura bhfuil sé céad faoin gcéad i gceannas ar an bhFrainc féin beidh Macron lagaithe go mór maidir leis an gcuid eile dá fhís.
Ní hamháin sin, ach tá seans ann go gcuirfear stop le meath na heite clé san Eoraip ar fad. Cé go bhfuil bóthar fada le siúl fós tarlóidh sin má leanann eite chlé na Fraince uirthi ag teacht chuici féin – sé sin mar aontas atá bunaithe ar leas na haicme oibre a chur chun cinn agus droim láimhe a thabhairt leis an mór-rachmas dúchasach agus domhanda.
Chuige sin ar ndóigh, is den riachtanas é go bhfillfeadh an eite chlé ar na seanluachanna aicme, agus iachall orthu mar chuid de sin fíor-nádúr an Aontais Eorpaigh a aithint agus a aithint mar namhaid.
Ar ndóigh beidh deacrachtaí ar an mbóthar seo, mar tá cuid mhaith de shean-cheannaireacht an Pháirtí Shóisialaigh – ina measc iar-uachtarán na Fraince François Hollande agus méara Pháras Anne Hidalgo – fós ag iarraidh stop a chur le rannpháirtíocht an Pháirtí Shóisialaigh sa gcomhaontú ar an eite chlé.
Tá an cur i gcoinne seo bunaithe go háirithe ar naimhdeas na comhghuaillíochta nua don Aontas Eorpach.
Mar sin, tá Macron lagaithe ar an stáitse Eorpach agus is mar a chéile é ag a phlean brú ar aghaidh le stát feidearálach. Agus tá sé lagaithe ar an stáitse náisiúnta toisc go bhfuil freasúra láidir aontaithe ar an eite chlé.
Ábhar dóchais an méad seo, measaim, don Eoraip ar fad.
Feargal Mac Amhlaoibh
Nach bhfuil Putin mar chuid don eite chlé i ndearcadh Eoin Uí Mhurchú chomh maith? Agus é i measc lucht an rachmais ag an am céanna i dteannta a leithéidí san eite dheis – Trump, Johnson, et al; daonlathas v. uathlathas is baolach atá ann go forleathan, bíodh siad ar an eite chlé nó dheas.
Donncha Ó hÉallaithe
Níl an comhghuaillíocht den eite clé a cuireadh le chéile do na toghcháin parlaiminte sa bhFrainc ar aon fhocal beag ná mór le Mélanchon faoin Aontas Eorpach a chur ó mhaith. Go leor den bhrioglóidíocht san alt seo ó Eoin, atá bunaithe níos mó ar a dhúil fanaiticiúil féin i scrios an AE ná ar anailís fuarchúiseach.
Dónall Mac Billings
Is dóigh liom nach rachaidh An Eite Clé i ngleic leis na Rúisigh i dtaobh a n-ionsaí frith-shoisialach ar an Úcráin, do bharúíl ???
Dónall Mac na Réabhlóide Mac Billings
Is dóigh liom nach rachaidh An Eite Clé i ngleic leis na Rúisigh i dtaobh a n-ionsaí frith-shoisialach ar an Úcráin, do bharúíl ???
Rinne mé dearmad ar mo lá breithe ar an 25/06/2022. Shroich mé an aois mar an Phoblachtach is sine i bpríosún Phort Laoise . An gcreidfeá é mise ag aois 72 bliain agus ag dúíl cúpla bliain eile ‘faoi ghlas ag Gallaibh’ ( go mo leith scéal, ba chóra domh a rá ‘faoi ghlas ag lucht an tSaorStáit’. Seo 100 bliain in ndiaidh an Chonraidh agus na Sé Chontae ina chíorthuathail go fóil beag eile.
An Phoblacht Nua Abú.