Tá i bhfad níos mó ná ceol agus steipeadaíl in La La Land…

Scannán maoithneach, cumhachtach, ceolmhar é ‘La La Land’, fiú d’aineolaí cosúil lenár léirmheastóir

Tá i bhfad níos mó ná ceol agus steipeadaíl in La La Land…

La La Land
Stiúrthóir:
Damien Chazelle
Cliar: Ryan Gosling, Emma Stone. J.K Simmons.

Caithfidh mé a admháil nach é iomaire na scannán ceoil an t-iomaire is ansa liom. Dar liom go gcuireann an seó bóthair an drámaíocht dá buille; ní féidir é a bheith ina ghruth is ina mheadhg agat. Aithním go mb’fhéidir go mbréagnódh an súp a bhaineas as Chicago (2002) agus Moulin Rouge (2001)  an dearcadh cúngaigeanta sin.

Ach ní rabhas ag súil an oiread sin leis an táirge seo, in ainneoin an bús ar fad a bhí faoi.

Mise á rá leat go rabhas ag gnúsachtach isteach im chuid M&Ms tar éis an chéad radhairc. Tranglam tráchta ar mhótarbhealach LA. Gan choinne bhí dreas amhrán againn, tiománaithe éirithe amach as a gcairteacha le hamhrán a ghabháil agus beagán steipeadaíola a dhéanamh.

An chéad rud eile osclaíodh doras cúil leoraí mar a raibh banna ceoil faoi lán seoil. Dia idir sinn agus an t-olc.

Bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist leis an scannán seo, áfach. Shúigh sé isteach mé, dheineas dearmad ar an amhránaíocht agus an rince a bheith ag brú isteach ar an gcaint. Go deimhin faoi cheann scríbe, bhí an dá rud de dhlúth agus d’inneach an tsaothair.

Cuireadh an scannán seo i dtoll a chéile le macalla a bhaint as ré órga na scannán ceoil idir na tríochaidí agus caogaidí, tráth a raibh Fred Astaire, Gene Kelly, Ginger Rogers agus a thuilleadh eile nach iad i mbarr a réime.

Fear é Sebastian (Gosling) a bhaineann leis an ré úd, rud a léirítear, ní hamháin lena dhúil mhíchuibheasach sa snagcheol ach lena sheanmhótar (le téipdheic), na bróga dubh agus bán úd a shamhlaíonn tú leis na caogaidí agus a sheanBhéarla; é ag trácht ar éagóir mar ‘shanghaied’.

É ag tuilleamh a chrústa ar éigean agus é ag iarraidh fanacht dílis do thraidisiún an cheoil a bhfuil sé gafa leis. Éan corr atá idéalach agus stobarnáilte in éineacht. Oíche chinniúnach amháin bhuail sé le haisteoir Emma Stone, duine eile a bhí ag maireachtaint ón lámh go dtí an mbéal.

I gcúpla radharc iontach tugadh léiriú ar an bhfrustrachas agus lagmhisneach a bhaineann le héisteachtaí. D’eascair caidreamh grá eatarthu go nádúrtha, ceolmhar, greannmhar. Bhí splanc thar na bearta idir an bheirt seo a bhí i mbun comhghuaillíochta roimhe seo in Crazy, Stupid, Love (2011) agus Gangster Squad (2013). D’éirigh leo a gcarachtair a chur ina steillbheatha os ár gcomhair agus bhí bá thar na bearta againn leo.

Deineadh a ngaol a chíoradh le himeacht na séasúr agus imíodh ó idéalachas na laethanta tosaigh go dtí na laethanta gur thosaigh an uaillmhian agus an phraiticiúlacht ag brú ar an ngaol. Níor fágadh an greann in áit na leathphingine agus bhí caint dheisbhéalach againn i gcaitheamh an scannáin.

‘Fáilte ar ais,’ a deir comhghleacaí le Sebastian. ‘Tá bealach deas len é sin a rá,’ a deir sé thar n-ais léi go searbhasach.

Fé mar a luas thuas níor bhraitheas gur scannán ceoil é seo faoi dheireadh, cé go bhfuil an ceol fós lárnach. Tháinig an chríoch chorraitheach aniar aduaidh orm ábhairín, agus ní ar shlí mhaith. Cé go raibh a mhaitheasaí ag baint leis, bhain sé ábhairín ón scéal/ó na carachtair a bhí múnlaithe chomh cáiréiseach sin dúinn.

Scannán maoithneach, cumhachtach, ceolmhar, fiú d’aineolaí cosúil liom féin.

Fág freagra ar 'Tá i bhfad níos mó ná ceol agus steipeadaíl in La La Land…'