Tá géarchéim san earnáil tríú leibhéal agus beidh stailceanna eile ann go luath

Ag an tríú leibhéal is léir do chách go bhfuil seirbhísí do mhic léinn ag dul in olcas toisc nach bhfuil dóthain foirne ná léachtóirí agus lucht teagaisc á chur ar fáil

university-105709_1280Agus olltoghchán ar na bacáin, tá cuid mhór cainte na laethanta seo faoin ‘spás fioscach’ cibé rud é. Is léir go gcloisfear an béal binn á fhógairt go laethúil ag polaiteoirí agus lucht stocaireachta ar na doirse. 

Ar ndóigh tá raidhse spás ann –an spás folamh nó an folús ina measc. Réimse amháin atá folamh le tamall de bhlianta anuas ach atá anois ar an bpointe briste ná an rannóg tríú leibhéal.

Tháinig folús nó ‘spás; eile i seirbhísí na tíre chun solais an tseachtain seo caite nuair a chuaigh 4,000 léachtóir agus taighdeoir in institiúidí teicneolaíochta  na tíre ar stailc aon lae, iad ag cur in aghaidh na gciorruithe gan staonadh sa réimse sin le blianta beaga anuas.

 Deir lucht teagaisc san earnáil chéanna gur tháinig méadú de 22,000 ar líon na mac léinn sna hinstitiúidí teicneolaíochta ó 2008 ar aghaidh fiú agus líon na bpost léachtóireachta ag laghdú sa tréimhse chéanna; cailleadh 550 post léachtóireachta sa réimse úd le blianta beaga anuas. Ní hamháin go bhfuil líon na dteagascóirí ag titim de shíor ach san am céanna bhí ar lucht riaracháin na n-institiúidí treabhadh leo agus laghduithe de €190 milliún curtha i bhfeidhm ar an gcóras trí chéile.

 Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) an ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar lucht teagaisc na n-institiúidí teicneolaíochta, an dream céanna a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí dara leibhéal na tíre. Vótáil os cionn 90% de na baill dul i muinín na gníomhaíochta tionsclaíche an Nollaig seo caite. 

Tá Aontas Múinteoirí Éireann tar éis foláireamh a thabhairt go mbeidh tuilleadh stailceanna sna hinstitiúidí teicneolaíochta agus mura dtéann an rialtas i mbun idirbheartaíochta go tapa i leith an easpa buaine ó thaobh oibre de (conrachas nó “contractism”),  pá íseal, easpa leanúnachais agus na giorruithe siar atá mar shaintréithe ar oideachas dara agus tríú leibhéal na tíre.

Ag an tríú leibhéal is léir do chách go bhfuil seirbhísí do mhic léinn ag dul in olcas toisc nach bhfuil dóthain foirne ná léachtóirí agus lucht teagaisc á chur ar fáil ar bhonn leanúnach le blianta beaga anuas de dheasca easpa maoinithe stáit.

Ina theannta sin, amhail mar atá sna h-ollscoilleanna go léir, tá go leor daoine ag teagasc ar bhonn páirtaimseartha, a bhformhór acu ar chonraí nó gan conradh ar bith.

 Creid é nó ná creid, tá cúrsaí chomh héiginnte faoin am seo gur  minic nach mbíonn a fhios ag na fostaithe céanna an mbeidh post acu go dtí cúpla seachtain roimh thús na scoilbhliana nua.

Ba sna 1960í a moladh go mbunófaí na h-institiúidí teicneolaíochta in Éirinn ach ba sna luath-1970í a d’oscail siad a ndoirse i gcéaduair. Tugadh ‘coláistí teicniúla réigiúnacha’ ar na coláistí sin ar dtús agus ba sna 1990í a baisteadh  ‘institiúidí teicneolaíochta’ orthu. Institiúidí a bunaíodh go hiomlán as an nua ab ea formhór na ITanna sin cé go mba eisceacht í IT Bhaile Átha Cliath, a bunaíodh i 1978, nuair a deineadh cónascadh ar chúpla coláiste a bhí ann ó na 1880í.

Cúis mhór imní d’fhoireann teagaisc na ITanna go bhfuil sé i gceist ag an rialtas go ndéanfar líon na n-institiúidí a laghdú agus institiúidí teicneolaíochta áirithe a chónascadh go luath, nó go dtabharfaí ‘Ollscoileanna Teicneolaíochta’ orthu amach anseo. Tá na beartais chónasctha seo cuimsithe sa Bhille um Ollscoileanna Teicneolaíochta a d’fhoilsigh an rialtas tá cúpla seachtain ó shin.

Faoin mBille sin, mar shampla, tá sé i gceist IT Thamhlachta a chónascadh le IT Bhaile Bhlainséir agus le DIT mar a bheas an lipéad ollscoil teicneolaíochta uirthi as sin amach.

Drochscéal a bheas ann do na hinstitiúidí teicneolaíochta amuigh faoin dtír má thagann an plean cónasctha seo chun críche nó beidh laghdú ar líon na gcúrsaí a bheas ar fáil, go háirithe sna hinstitiúidí beaga atá lonnaithe lasmuigh den ardchathair nó i gceantair tuaithe.

Léirigh lucht iompair agus tiománaithe bus is traenach a gcuid míshástachta ní fada ó shin trí dhul ar stailc agus b’amhlaidh d’oibrithe san earnáil sláinte is cúinsí oibre ag dul in olcas. Tá géarchéim san earnáil tríú leibhéal agus beidh stailceanna eile ann go luath mura dtéann na húdaráis i ngleic leis na fadhbanna tromchúiseacha sa réimse sin go luath. Pé rialtas a thoghfar i gceann coicíse, is léir  go mbeidh dúshláin ollmhóra rompu.

Fág freagra ar 'Tá géarchéim san earnáil tríú leibhéal agus beidh stailceanna eile ann go luath'