‘Tá fadhb leis an gcóras’ – 14 oifigeach pleanála teanga éirithe as a bpoist luath

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go léiríonn ‘an líon mór’ oifigeach pleanála teanga a d’fhág a bpoist go bhfuil fadhbanna acmhainní agus eile ag baint leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht

‘Tá fadhb leis an gcóras’ – 14 oifigeach pleanála teanga éirithe as a bpoist luath

D’éirigh 14 Oifigeach Pleanála Teanga sa Ghaeltacht as a bpoist ó ceapadh an chéad duine sa chúram sin ceithre bliana ó shin.

Is iad na hoifigigh pleanála teanga atá freagrach as cur i bhfeidhm na bpleananna don Ghaeilge atá á réiteach faoin gcóras pleanála teanga a tugadh isteach in Acht na Gaeltachta 2012.

Deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil, go léiríonn “an líon mór” oifigeach pleanála teanga a d’éirigh as roimh dheireadh a dtéarma go bhfuil “fadhb” leis an gcóras.

“Más gá don líon sin fágáil chun post níos fearr a aimsiú, is cosúil nach bhfuil na tacaíochtaí nó an pá ceart curtha ar fáil d’oifigigh pleanála teanga.

“Post dúshlánach atá ann a bheith ag taisteal timpeall do cheantair ag eagrú agus ag reáchtáil rudaí éagsúla chun an pobal a nascadh le chéile agus plean teanga iomlán a chur i bhfeidhm tú féin. Cad a tharlaíonn do na pleananna teanga nuair a éiríonn oifigeach as?”

Tá tús curtha le feidhmiú na bpleananna teanga i 24 den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a leagadh amach sa reachtaíocht. Tá pleananna á gcur i bhfeidhm chomh maith in dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

25 oifigeach pleanála teanga agus ceathrar oifigeach cúnta pleanála teanga atá fostaithe sa Ghaeltacht faoi láthair.

Bhain an 14 oifigeach a d’éirigh as le 10 gceantar.

I gceantair áirithe tá níos mó ná oifigeach pleanála teanga amháin éirithe as le roinnt blianta anuas. Beirt atá éirithe as i gCloch Cheann Fhaola agus Múscraí agus triúr a d’éirigh as i nGaeltacht Phort Láirge.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh “cúiseanna éagsúla” le cinneadh an 14 oifigeach pleanála teanga éirí as.

Ar na cúiseanna sin, luaigh sé “deiseanna” ar phost “buan nó níos sinsearaí”, daoine a bheith ag aistriú ó cheantar amháin go ceantar eile nó daoine a bheith ag iarraidh filleadh ar an bpost a bhí acu roimhe sin.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil “beagnach” gach duine a bhí fostaithe mar oifigeach pleanála teanga fós fostaithe “in earnáil na Gaeilge”.

Deir Aengus Ó Snodaigh gur maith an rud é nár fhág go leor de na hoifigigh pleanála teanga obair na Gaeilge ina ndiaidh ar fad ach gur údar imní líon na ndaoine a bhíonn ag fágáil an chórais pleanála teanga.

“Nílimid ag rá nár chóir do na hoifigigh poist agus deiseanna níos fearr a fháil, ach táimid buartha faoin gcur chuige atá ag an Roinn má tá na pleananna teanga ag brath ar oifigeach amháin.

“Tá sé ráite ag pleanálaithe teanga linn nach mbíonn mórán tacaíochta faighte acu ón Roinn agus go mothaíonn siad ar nós go bhfuil siad fágtha astu féin san obair. Níl sé sin maith go leor.”

Rinne iar-oifigeach pleanála teanga na Ceathrún Rua i gConamara cur síos cúpla mí ó shin ar chuid de na dúshláin a bhaineann le hobair na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Majella Ní Chríocháin, a d’éirigh as a cúram ar an gCeathrú Rua le tabhairt faoi phost nua leis an bhféile litríochta IMRAM, gur obair í an phleanáil teanga a d’fhéadfadh a bheith “uaigneach”.

Dúirt sí go mbíonn tú leat féin go minic mar oifigeach agus tú go minic “báite nó sáite” sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an obair agus gan a fhios agat an bhfuil ag éirí leat.

Údar imní di ab ea an líon oifigeach pleanála teanga a bhí “ag éirí as” an obair sin. “Daoine maithe freisin,” a dúirt sí. Níorbh eol dise cén t-údar a bhí leis sin ach b’fhacthas di nach mbíonn an t-imeacht céanna ar oifigigh sna limistéir ina bhfuil beirt fostaithe.

Ráineodh, a dúirt sí, go bhfuil an obair “ródhúshlánach” nó go bhfuil daoine “dóite amach” ag na réimsí ilghnéitheacha éagsúla a bhíonn faoina gcúram.

Dúirt sí gur mithid do dhream éigin an scéal a fhiosrú agus ó tharla gur ar Údarás na Gaeltachta atá cúram na pleanála teanga, gur leosan imirt.

Bhain conspóid leis an gcóras pleanála teanga ó thús mar gheall gur chreid saineolaithe áirithe go raibh ualach róthrom á leagan ar an bpobal féin, go raibh easpa acmhainní ar fáil agus go raibh doiléire i gceist maidir leis an saghas oibre a bhí le déanamh. Imní a léirítear coitianta sa bpobal go bhfuil cúraimí a rinneadh go deonach sa bpobal roimhe sin á leagan anois ar na hoifigigh pleanála teanga – féilte, imeachtaí agus maoiniú – seachas pleanáil chórasach fhadtéarmach.

Deir Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil siad an-sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an gcóras pleanála teanga.

Tá plean teanga ceadaithe do gach ceann de na 26 Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

D’fhógair an tAire Stáit mí Mheán Fómhair seo caite go raibh athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an gcóras pleanála teanga.

Roimhe sin bhí sé i gceist gurb í an Rannóg Pleanála Teanga i Roinn na Gaeltachta a bheadh ag tabhairt faoin obair athbhreithnithe.

Bhí lucht na pleanála teanga féin ag iarraidh go mbeadh pé athbhreithniú a dhéanfaí ar a gcuid oibre neamhspleách ar na húdaráis atá i gceannas an chórais.

Seacht mbliana atá ag na coistí leis na pleananna teanga a ceadaíodh a chur i bhfeidhm. Beidh athbhreithniú eile le déanamh ar gach plean teanga i mbliain a sé, de réir threoirlínte na Roinne.

Fág freagra ar '‘Tá fadhb leis an gcóras’ – 14 oifigeach pleanála teanga éirithe as a bpoist luath'