‘Tá Éire go hálainn, síochánta, tá na daoine lách agus tá an saol go maith anseo’

Comhrá a bhí aici le beirt a tháinig chun cónaithe in Éirinn a spreag an cheist, an bhfuil muid sách buíoch as a bheith inár gcónaí sa tír seo?

‘Tá Éire go hálainn, síochánta, tá na daoine lách agus tá an saol go maith anseo’

Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

‘Cloisim daoine óga go minic ag caint faoi dhul ar imirce – ní fhéadfaidh siad fanacht go mbeidh deis acu an tír seo a fhágáil. Ní thuigim ar chor ar bith iad.’

Bhí an méid sin le rá ag fear as an Iaráin a casadh orm le deireanas. Thug sé cuairt ar a thír dhúchais sé mhí ó shin, agus cé go bhfuil daoine muinteartha leis fós ina gcónaí ann, ní bheidh sé ag filleadh ar an mbaile, deir sé.

Tá post aige anseo a thugann deis dó bheith ag caint le daoine óga go minic. Ní thuigeann sé ar chor ar bith an dúil seo san imirce. Ceapann sé nach bhfuil tír ar domhan atá inchurtha leis an tír seo.

‘Tá Éire go hálainn,’ a deir sé. ‘Tá sí síochánta, tá daoine lách, cineálta anseo agus tá an saol go maith anseo.’ Tá sé ina chónaí in Éirinn le os cionn fiche bliain anois agus é socraithe síos go maith.

Casadh fear eile orm i rith an deireadh seachtaine freisin, a tháinig anseo ó thír i bhfad i gcéin, an Phacastáin. Níl seisean i bhfad anseo ach is léir nach bhfuil fonn airsean dul abhaile ach an oiread.

Rinne an bheirt acu an-chur síos dom ar an leagan amach polaitiúil sa mbaile sa dá thír agus ba léir go raibh súil ghéar á coinneáil acu ar imeachtaí ansin. Tugaim faoi deara agus daoine ag caint ar ‘theifigh’ agus ar an dream a bhíonn ag iarraidh ‘tearmainn’ gur minice ná a chéile gur ag caitheamh anuas orthu a bhíonn siad. Bíonn sé éasca an smaoineamh a chur sa timpeall gur ag iarraidh déirce agus cearta nach bhfuil dlite dóibh a bhíonn siad.

‘Bhí mé cúig bliana i m’iarrthóir tearmainn,’ a dúirt fear na hIaráine liom. ‘Ach fuair mé an stádas ansin agus tá mé ag obair ó shin – 15 bliain ar fad.’ Rinne sé cur síos dom ar na jabanna éagsúla a bhí aige i rith an achair sin – freastalaí tábhairne, cócaire i mbialann, fear tacsaí agus an post atá aige faoi láthair.

Ba sa teach tábhairne i mBarra an Teampaill a casadh a bhean chéile air. Thug sé sin cúis ghearáin do na hoifigigh a cheistigh é nuair a d’fhill sé ar an Iaráin an uair dheireanach.
‘Cén fáth ar phós tú bean as an bPolainn?’ d’fhiafraigh siad ag Aerfort Teheran. ‘Cén fáth nár phós tú bean as do thír féin?’ Sé uair a’ chloig a choinnigh siad é sular scaoil siad leis. Chuireadar an oiread sin faitís air gur chinn sé nach bhfillfeadh sé ar an mbaile arís.

‘Bíonn daoine i gcónaí ag faire ort,’ dúirt sé.
Agus ar ndóigh ag faire ar na mná go háirithe. Cheap an domhan mór go mbeadh athrú réimis sa tír tar éis na léirsithe ar fad a rinne na mná anuraidh. Ach cuireadh deireadh fuilteach leis an agóid. Agus níl ann ach cúpla lá ó chonaic mé mná óga san Iaráin, ar an idirlíon, agus iad stoptha ag fir ar an tsráid, toisc nach raibh a ngruaig clúdaithe acu.

Bhí na fir i mbun tuairisc a chur chuig na ‘póilíní moráltachta’ ar a bhfón póca sa bhfíseán gearr a chonaic mé. Níor mhaith leat a shamhlú cén deireadh a bhí leis an eachtra sin.

‘Chuireadar an agóid mhór sin anuraidh faoi chois le láimh láidir,’ a d’inis mo chara dom. ‘Tá formhór an phobail i gcoinne an rialtais, ach is ag an rialtas atá an chumhacht agus tá na fórsaí armtha ag tacú leo.’

Ní cheapann sé go bhfuil aon bhaint ag an lámh láidir a úsáidtear ar an bpobal, le cúrsaí creidimh. ‘Ní féidir creideamh a thabhairt air sin,’ dúirt sé.

Bhí eolas aige ar na laethanta san Iaráin sular tháinig an Ayatollah i gcumhacht. Bhí réimeas ann – faoi cheannas ‘Shah’ na hIaráine a bhí tuata. Bhí saoirse ag an bpobal, bhí saoirse ag mná, agus chomh fada agus a bhain leis-sean, bhí saol i bhfad níb fhearr ag an bpobal.

Bhí fear na Pacastáine i bhfad níb óige agus bhí clann aigesean sa mbaile freisin. Agus ní raibh aon dúil aige filleadh abhaile ach an oiread. Bhí suim ollmhór aige i gcúrsaí polaitíochta ann, áfach. Agus bhí dílseacht aigesean d’fhear atá curtha faoi chois agus sa bpríosún, fear nach cúrsaí creidimh a thuill cáil dó.

Ba é an t-iarimreoir cruicéid Imran Khan a bhí ina Phríomh-Aire ar Phacastáin ó 2018 go dtí 2022, agus atá anois faoi choinneáil, a bhí i gceist aige. Is cuimhneach liom féin nuair a bhí sé pósta le Jemima Goldsmith agus ba chara mór í sin leis an mbanphrionsa Diana.

I mí Aibreán na bliana seo a cuireadh sa bpríosún é agus é fós ag fanacht ar chinneadh ón gcúirt. Ní raibh mo chara an-dóchasach.

`Tá Imran Khan á choinneáil i gcillín beag cúng,’ dúirt sé, ‘agus iallach air luí ar an urlár fuar. San oíche nuair a thiteann an dorchadas, bíonn sé ciaptha ag feithidí. D’fhéadfadh sé iarraidh ar chairde mór le rá, ar nós Prionsa na hAraibe Sádaí, teacht i gcabhair air ach ní dhearna sé é sin. Toisc gur fear spóirt a bhí ann, is maith leis coinneáil aclaí agus d’iarr sé tuilleadh spáis chun go bhféadfadh sé cleachtadh aclaíochta a dhéanamh. B’in an méid a d’iarr sé.’

Ba léir go raibh sé in ísle brí agus é ag cuimhneamh ar staid na tíre. Labhair mé leis faoi stair na Pacastáine agus a mhuintir féin.

D’inis sé dom gur as an Punjab é – ‘tá dhá Phunjab ann’ a dúirt sé liom. Nuair a bhí an tír á roinnt ina dhá cuid – idir an India agus an Phacastáin – cuireadh a sheanathair agus a chlann siar go dtí an Punjab Thiar. Talamh an-torthúil atá ann, is cosúil.

‘Ciallaíonn Punjab ‘Tír na gCúig Abhainn,’ d’inis sé dhom. ‘Fásann chuile shórt ann – torthaí, glasraí, féar, cruithneacht – gach rud.’

Bhí an t-ádh ar a sheanathair agus a chlann gur tháinig siad slán as an tréimhse fhuilteach a lean roinnt na hIndia. Níl cuntas ar na milliúin a maraíodh an t-am sin. Bhí an Tiarna Mountbatten, a feallmharaíodh i Sligeach i 1979, ar an bhFear Ionaid deireanach a bhí ag Sasana an uair sin.

‘Roinneadh an tír de réir chreideamh na ndaoine,’ a dúirt sé. ‘Ach is é an rud nach bhfuil a fhios ag go leor daoine anois, ná go bhfuil níos mó Moslamach in India anois ná mar atá sa Phacastáin.’ Ach mhaígh sé go raibh Rialtas Modi ag déanamh cos ar bolg ar gach mionlach in India anois – ní hiad na Moslamaigh amháin atá brúite síos.

Agus mé ag smaoineamh siar ar an dá chomhrá, bhí mé ag fiafraí díom féin, an bhfuil muid sách buíoch as a bheith inár gcónaí sa tír seo? Cén chúis ghearáin atá againn i ndáiríre? Tá na hinimircigh ar labhair mise leo thar a bheith sásta ar chuma ar bith.

Fág freagra ar '‘Tá Éire go hálainn, síochánta, tá na daoine lách agus tá an saol go maith anseo’'

  • WTF

    “Tá na daoine lách, cineálta anseo…”
    Ach amháin nuair nach mbíonn.