‘Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin – b’fhiú don Rialtas an Straitéis 20 Bliain a léamh arís’

Deir Eamon Ó Cuív nach bhfuil dóthain infheistíochta á dhéanamh sa Ghaeilge agus sa ghaeloideachas agus go bhfuil níos mó i gceist leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ‘ná grúpaí deonacha ag plé le pleanáil teanga’

‘Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin – b’fhiú don Rialtas an Straitéis 20 Bliain a léamh arís’

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gurbh fhiú don Rialtas an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “a léamh arís” i bhfianaise “a laghad atá á dhéanamh” acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

“Tá caint i gcónaí ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, amhail is nach raibh ann ach go mbeadh grúpaí deonacha ag plé le pleanáil teanga. Tá i bhfad níos mó ann agus b’fhiú don Rialtas é a léamh arís,” a dúirt Ó Cuív, a bhí ina aire Gaeltachta nuair a tugadh faoin straitéis a fhorbairt.

Ag labhairt dó sa Dáil inné, agus ráitis á ndéanamh do Sheachtain na Gaeilge, mhaígh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil nach raibh dóthain infheistíochta á dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, agus sa ghaeloideachas go háirithe

“Ba cheart dúinn bheith macánta faoi – bhí an t-am ann nuair a chasfá le múinteoirí bunscoile agus d’fhéadfá comhrá a dhéanamh le chuile dhuine acu trí Ghaeilge.

Ní hamhlaidh atá sé anois. Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin.

“Bhí moltaí sonracha le déileáil leis an gceist sin sa Straitéis 20 bliain – 

tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht – ach céard atá déanta ag an Rialtas? Táthar tar éis táillí a ghearradh ar na hábhair oidí atá ag dul chun na Gaeltachta, in ionad na dtáillí a íoc agus a rá leis na hábhair oidí tréimhsí fada a chaitheamh ann agus an teanga a thabhairt leo.”

Dúirt sé nach raibh aon pholasaí ceart ann ach oiread do bhunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí.

“Ba cheart go mbeadh fáil ag gach saoránach sa Stát ar Ghaelscoil ina cheantar féin,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ina ráiteas féin faoin nGaeilge nach bhféadfaí “dáiríreacht” an Rialtais i leith na teanga “a cheistiú”.

“Mar shampla, tá muid anois i mBliain na Gaeilge 2018, ar togra de chuid an Rialtais í. Ní fhéadfaí dáiríreacht an Rialtais ar an ábhar seo a cheistiú i bhfianaise na dtagairtí sonracha don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa Chreat Náisiúnta Pleanála agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, a foilsíodh le gairid.

“Faoin bplean seo, tá sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh €178 milliún in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann deich mbliana. Is é sin €78 milliún in airgead nua anuas ar an tsuim de níos mó ná €10 milliún atá á caitheamh ar na nithe céanna in 2018,” a dúirt Joe McHugh.

Luaigh an tAire Stáit chomh maith go bhfuil an próiseas pleanála teanga tosaithe i ngach aon cheann de na 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta agus dúirt sé go bhfuil “obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus leis na líonraí Gaeilge”.

Dúirt McHugh go raibh “cúram á dhéanamh i gcaitheamh an ama” d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain” agus go bhfoilseofaí an plean gnímh cúig bliana don Straitéis sna seachtainí amach romhainn.

Maidir leis an maoiniú breise atá geallta ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta bhí amhras ar Éamon Ó Cuív an údar “gaisce” a bhí ansin.

“Sin meánchaiteachas de €17 milliún in aghaidh na bliana am eicínt amach anseo. Tá €10 milliún i gceist ó thaobh caiteachas caipitil i mbliana. Tá an caiteachas céanna ag an Stát i mbliana ó thaobh caiteachas vótáilte agus a bhí ann sa mbliain 2008. An bhliain sin caitheadh €71 milliún ar chúrsaí caipitil a bhain leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Fág freagra ar '‘Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin – b’fhiú don Rialtas an Straitéis 20 Bliain a léamh arís’'

  • Mánus

    A Theachta Uí Cuív, an é polasaí Fhianna Fáil anois ” go mbeadh fáil ag gach saoránach ar Ghaelscoil (agus Gaelcholáiste?) ina cheantair féin”. Más ea tá job mór romhaibh. Tá 25% den phobail ag iarraidh oideachais tré mheán na Gaeilge. Cad as a dtiocfaidh na múinteoirí, na pátrúnachtaí idirchreidmheacha/ iolcreidmheacha agus na foirgnimh? Is togra mór náisiúnta a bheadh i gceist an cheathrú cuid de scoileanna na tíre a thiontú ina nGaelscoileanna / Gaelcholáistí.
    Níl plean coincréideach maidir leis an Ghaeloideachas le feiceáil in áit ar bith ar shuíomh idirlín Fhianna Fáil. Cén uair a fhoillseofar an plean nua seo?