Tá cluichí spéisiúla ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCorcaigh agus cuirfear spéis chomh maith i gcur chuige na réiteoirí

Tá cluichí spéisiúla ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCorcaigh agus cuirfear spéis chomh maith i gcur chuige na réiteoirí

Tá cluichí spéisiúla ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCorcaigh agus cuirfear spéis chomh maith i gcur chuige na réiteoirí

Robbie O’Flynn. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Anseo i gCorcaigh táimid tagtha chuig na cluichí leathcheannais. Tá seaimpíní 2021, Mainistir na Corann, cloíte agus bhuail an Charraig Dhubh ar Uí Mac Coille a bhí ina seaimpíní i dtrí chraobh i ndiaidh a chéile i gcluiche ceathrú ceannais a bhí thar a bheith drámatúil coicís ó shin. Sa choimhlint eipiciúil sin, bhí am breise agus pionóis ag teastáil agus bhí imreoirí na cathrach níos fearr ós na pocanna pionóis sin agus a gcúl báire Gavin Connolly níos fearr chomh maith.

Amárach rachaidh siadsan chun páirce i gcoinne Rogha Éireann, club Robbie O’Flynn (atá ar an ghearrliosta do ghradam All Star i mbliana), agus iad mar rogha na n-údar. Ach ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne sa chluiche seo. B’údar spéise domsa a fheiscint sa chluiche deireanach a bhí acu an fhisiciúlacht a bhain le himirt leads na Carraige Duibhe.

Bhí sé suimiúil freisin féachaint ar an mbeirt réiteoirí a bhí i bhfeighil ar an Domhnach sin agus na tslí ar láimhseáladh an dá cluiche. Níor tugadh mórán pocanna saora agus na cinn a tugadh bhí siad tuillte go maith. Bhíos ag cuimhneamh go raibh foláireamh tugtha do na réiteoirí sa chontae gan a bheith róghnóthach leis an bhfeadóg.

Le tamall de bhlianta anseo cois Laoi (agus áiteanna eile freisin ceapaim), tá an tuairim ann go bhfuil imreoirí an chontae pas beag bog agus cuid den locht á cur ar réiteoirí agus iad ag séideadh rómhinic ar fad, rud nach dtarlaíonn i gcluiche idirchontae na linne seo. An Domhnach céanna níor chuala mórán den fheadóg agus mé ag féachaint ar craobh Phort Láirge idir Baile Gunnair agus Cnoc Síon. Theastódh misneach ó imreoir le himirt sa chluiche sin.

Dar ndóigh tá an spotsolas ar an bhfisiciúlacht faoi láthair mar tá foirne den tuairim go bhfuil an neart ag teastáil chun seaimpíní na tíre, Luimneach, a chur de dhroim seoil. I bPáirc Uí Chaoimh amárach beadsa ag coimeád súil ar thaispeántas na réiteoirí sa dá chluiche.

Sa chluiche eile beidh Cumann Barra agus Baile Nua Sheandroma in adharca a chéile. Sular buaileadh aon sliotar sa chomórtas is beag a cheap go mbeadh an dá chlub seo sna cluichí leathcheannais. Ní dóigh liom go bhfuil mórán idir na foirne. Tá meascán maith den taithí agus corr-imreoir óg ag Baile Nua Sheandroma agus tá an t-iar-imreoir contae, Cathal Naughton, ar ais ag imirt. Bhí an-tionchar aige ar an gcluiche deireanach mar a bhfuair sé ceithre chúilín ón imirt. Is fada an lá óna chéad cluiche craoibhe le Corcaigh in 2006 nuair a tugadh isteach é mar ionadaí leathshlí tríd an dara leath de chluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Phort Láirge, cluiche inar scóráil sé cúl agus cúilín thar a bheith tábhachtach. Amárach beidh sé féin agus a chomhghleacaithe i gcoinne foireann óg atá sciliúil, aclaí. Tá caint faoin ‘double’ ag na Barrs mar go bhfuil na peileadóirí sa chluiche leathcheannais chomh maith. Tá sé luath don chineál sin cainte fós ach bunaithe ar an méid atá feicthe againn sa dá chluiche dheireanacha tá gach seans acu amárach.

Beidh a lán iománaíochta ar siúl ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine. Ar RTÉ amárach beidh cluiche ceathrú ceannais Thiobraid Árann idir An Drom-Inse agus Luachma-Caisleán Laighnigh le feiscint. Ar an Domhnach is é cluiche ceathrú ceannais an Chláir a bheidh againn ar TG4 idir Eidhneach-Cill na Móna agus Éire Óg. Agus mar a tharlaíonn gach deireadh seachtaine le tamall anois beidh cluichí á sruthú timpeall na tíre. Mar sin níl aon easpa siamsaíochta ar an té atá á lorg.

Fág freagra ar 'Tá cluichí spéisiúla ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCorcaigh agus cuirfear spéis chomh maith i gcur chuige na réiteoirí'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní mór an Ghaeilge a bhíonn ar fáil sna cláir (€3) a sholáthraíonn CLG don lucht leanúna ag na cluichí, faraoir. Chaithfí a rá, áfach, go bhfuil contaetha áirithe níos fearr agus níos díograisí i gcur chun cinn ár dteanga náisiúnta. An méidín beag a bhíonn iontu go minic bíonn sí tuaipliseach, sleamchúiseach. An bhfuil sé ró-dheacair ainmneacha na gClubanna féin a litriú i gceart fiú? Agus sínte fada a chur isteach nuair is gá? Gan trácht ar litriú ainmneacha nó fuaimniú ainmneacha na n-imreoirí? Cén fáth nach ndeimhníonn an Club, lena mbaineann, leagan ceart na n-ainmneacha SULA gcuirtear ar aghaidh iad? Bhfuil daoine ann a bheadh inniúil ar an saghas sin oibre? Múinteoirí a thug a saol ag plé le hainmneacha? An bhfuil an t-eolas íogair sin orthu níos mó? Nach múinteoirí nó iar-mhúinteoirí iad an-chuid de bhaill CLG? Cén fáth nach bhfágtar an cúram tábhachtach seo acu siúd? Cúis náire an boighreán Gaeilge a chuirtear ar fáil dúinn sna cláir sin go ró-mhinic, rud ab fhuirist a leigheas ach cur chuige. É sin nó éirigh as ar fad agus cuir amach sa tSacs-Bhéarla go huile is go hiomlán iad. Agus, ina theannta san, íslítear bratach na hÉireann ag cluichí CLG amach anseo ach a bhfaigheann duine de chlann ríoga Shasana bás. Fán fada ar an sillí-seaillí seo ar fad! Thug mé faoi deara ag cluiche iomána tamall ó shin go raibh sé de mhisneach ag athair amháin ‘Séadna’ (le ‘d’) a bhaisteadh ar a iománaí mic. Dá gcloisfeadh an t-Athair Peadar an cocstí a deineadh den bhfuaimniú sin nuair a bhí na foirne á thabhairt amach (‘Seán’/’Shadna’ srl) bheadh sé ag iomrothlú ina uaigh. “Sinne laochra Fáil atá fé gheall ag Éirinn…”