‘Tá buaite againn,’ a d’fhógair sé, sular thit sé mín marbh ar an talamh spíonta

As iarracht a thug Rí na Peirse ionsaí a dhéanamh ar an nGréig sa mbliain 490RC a d’fhás an chéad mharatón a bhfuil trácht air sna hannála

‘Tá buaite againn,’ a d’fhógair sé, sular thit sé mín marbh ar an talamh spíonta

Má bhí tú i measc an 20,000 duine a bhí páirteach i Maratón na Cathrach i mBaile Átha Cliath inniu agus má chaith tú an cúpla céad méadar deireanach ag puthaíl, tá sé láncheadaithe duit an milleán a bhualadh thall ar rítheaghlach Shasana.

Tá sin amhlaidh mar gurbh iadsan ba cúis leis an bhfad a cuireadh le rás an mharatóin i 1908.

Níl aon ghá duit a bheith ag déanamh an iomarca trua duit féin. Ní tú amháin a bhí síos leis an athrú. Séanadh bonn óir Oilimpeach ar fhear dá bharr freisin an bhliain chéanna sin.

As iarracht a thug Rí na Peirse ionsaí a dhéanamh ar an nGréig sa mbliain 490RC a d’fhás an chéad mharatón a bhfuil trácht air sna hannála. Bhí a chabhlach agus a chuid saighdiúirí ag iarraidh a theacht i dtír in áit a bhfuil Marathon mar ainm air agus atá i bhfoisceacht 40 ciliméadar de chathair na hAithne.

Bhí muintir na háite agus muintir na cathrach sin ag fáil an ceann is fearr ar na hionsaitheoirí nuair a thug Gréagach darbh ainm Pheidippides faoi deara go raibh ceann de shoithí na bPeirseach ag athrú cúrsa agus ag tabhairt a aghaidh anois ó thuaidh ar an Aithin féin.

Ar fhaitíos nach raibh aon súil ansiúd rompu, nó go mbeidís ag maíomh leis an mbeagán a bhí fanta ag cosaint na cathrach sin go raibh sé chomh maith dóibh géilleadh mar go raibh Cath Mharathon caillte acu ar aon nós, thug Pheidippides faoi na boinn é gur rith sé an 40 ciliméadar a thug chomh fada le hIonad an Tionóil é.

“Tá buaite againn,” a d’fhógair sé, sular thit sé mín marbh ar an talamh spíonta, traochta ag an aistear.

Faraor ní bhfuair sé an deis a chloisteáil nach é amháin go raibh a thír sábháilte aige, ach freisin go raibh rás nua a mhairfeadh na mílte bliain cruthaithe aige agus a churiarracht dhomhanda aige féin anois, ainneoin nach raibh san iomaíocht ach é féin!

Beagnach 2,500 bliain dár gcionn, ní mba bás ach bonn óir a bhí i ndán do Ghréagach eile darbh ainm Spyridon Louis nuair a thug seisean an cúrsa ceanna céanna air féin ar athbhunú na gCluichí Oilimpeacha in 1896 – an babhta seo an bua faighte aige sa maratón. Ó shin i leith is é an nós gurb é an rás sin a fhógraíonn deireadh na gCluichí.

40km freisin a bhí i gceist don mharatón sna Cluichí a bhí i bPáras ceithre bliana ina dhiaidh sin agus arís i St. Louis i 1904.

Ní raibh sé beartaithe go mbeadh aon athrú faoin am a dtáinig Cluichí Londain i 1908 – tús le cur leis an maratón ag geataí árais an rítheaghlaigh i gCaisleáin Windsor agus a dheireadh sa staid i White City 40 ciliméadar (25 míle) ó bhaile.

Bíodh sé fíor nó bréagach, bíodh gur in ómós don rítheaghlach a tharla sé nó ar iarratas uathu, shocraigh Coiste Oilimpeach na Breataine tús an rása a bhogadh siar níos gaire don chaisleán féin sa gcaoi go mbeadh garchlann an Rí Éadbhard in ann breathnú ar a thús amach trí na fuinneoga.

Chuir sin le fad an mharatóin agus go mbeadh an leagan seo de, 42.195km (26 míle 385 slat) ina fhad. Sin an t-achar caighdeánach atá leis an rás ó shin i leith.

Bhí an rás céanna sin i 1908 ar cheann de na cinn ba chonspóidí a ritheadh sna Cluichí Oilimpeacha riamh. 84 reathaí a bhí ann nuair a cuireadh tús leis ar an 24 Iúil agus d’fhág brothall an lae gur loic dhá dtrian díobh faoi bhealach.

Agus gan fanta ach míle bealaigh ba faoi thriúr a bhí an rás – báicéir as an Iodáil darbh ainm Dorando Petri, oibrí tógála as Nua-Eabhrac a raibh Johnny Hayes mar ainm air (ba as Aonach Urmhumhan i Tiobraid Árann a athair agus a mháthair) agus Charles Heffron as an Afraic Theas a bhí 3 nóiméad chun cinn orthu ar fad agus 32km (20) míle rite.

Thug an tIodálach a raibh ann agus d’éirigh leis Heffron a bhailiú amach agus gan fágtha ach míle. Ach d’fhág an iarracht to raibh sé tugtha traochta agus thit sé ar an talamh agus é ag déanamh an bhealaigh isteach sa staid.

Le cabhair ó lucht leighis cuireadh ar a chosa arís é, ach ceithre huaire eile idir sin agus an deireadh thit sé in athuair. Más le cúnamh féin é, d’éirigh ina sheasamh chuile uair acu agus thrasnaigh an líne agus lucht cúraim go leor ina thimpeall.

30 soicind ina dhiaidh thrasnaigh Hayes an líne dá stuaim féin.

Níorbh fhada gur fhógair na maoir go mba dhósan a bhí an bonn óir dlite agus rinne siad dícháiliú ar Pietri. Dúradar go raibh siad den bharúil nach n-éireodh leis siúd an rás a chríochnú murach go bhfuair sé cabhair agus cúnamh ó dhaoine a mba dhona leo a chás.

Lá arna mhárach bhronn an Bhanríon Alexandra corn faoi leith as Pietri as a chrógacht.

Níorbh in deireadh leis an iomaíocht idir é féin agus Hayes. Bhain chaon duine acu slí bheatha as an reathaíocht ina dhiaidh sin agus ní mba taobh le aon uair amháin a thógadar miosúr a chéile i maratóin sna Stáit Aontaithe.

Áirítear ceann Londan i 1908 a bheith ar cheann de mhór-rásaí cos ár linne agus nádúrtha go leor tugadh ómós thar na bearta do Dorando Pietri ina thír dhúchais féin áit ar scríobhadh leabhar agus ar deineadh scannán darbh ainm Il sogno del maratoneta (Aisling Reathaí an Mharatóin) inar deineadh cur síos ar a ghaiscí.

Tá dealbh in ómós do Johnny Hayes taobh amuigh de Theach na Cúirte in Aonach Urmhumhan, é taobh le cinn do bheirt eile as an mbaile sin a thug boinn óir abhaile as na Cluichí Oilimpeacha – Matt McGrath (1912) agus Bob Tisdall (1932).

https://www.facebook.com/61563440234086/posts/on-a-scorching-july-day-in-london-in-1908-a-young-italian-with-a-bakers-backgrou/122158733792448007/

https://www.hiddenhistory.ie/on-this-day-in-tipperary/july-24

Fág freagra ar '‘Tá buaite againn,’ a d’fhógair sé, sular thit sé mín marbh ar an talamh spíonta'