‘Tá an t-úrscéal sin ar fheabhas, ach ba chóir é a athscríobh san aimsir chaite…’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Le tamall anuas tá ár gcolúnaí ag réiteach do chomhrá casta a shamhlaíonn sé a bheidh aige le foilsitheoir lá éigin amach anseo

‘Tá an t-úrscéal sin ar fheabhas, ach ba chóir é a athscríobh san aimsir chaite…’

Caithfidh sé go raibh cúis leis, nuair a chuaigh mé i mbun pinn den chéad uair ar an úrscéal atá idir lámha agam, gur san aimsir láithreach a thosaigh mé ag scríobh.

Mar a luaigh mé sa cholún seo bliain go leith ó shin, níor chóir d’úrscéalaí cinneadh a dhéanamh faoi am na hinste gan a mhachnamh a dhéanamh faoi i gceart.

Ach anois, ag tarraingt ar chúig bliana níos déanaí, ní cuimhin liom cén chúis a bhí leis gur roghnaigh mé an aimsir láithreach, agus le tamall anuas seo ceann de na tromluithe a thagann idir mé agus codladh na hoíche: go ndéarfaidh foilsitheoir liom, lá breá éigin amach anseo: ‘tá an t-úrscéal sin ar fheabhas, ach ba chóir duit é a athscríobh san aimsir chaite’.

Ó am na bpluaiseanna i leith, is san aimsir chaite a insítear scéalta. Cinnte, tháinig scríbhneoirí na Sean-Róimhe aníos leis an praesens historicum: úsáid na haimsire láithrí d’fhonn beocht bhreise a thabhairt d’eachtraí a tharla san aimsir chaite. Is í an fhadhb a bhaineann leis an aimsir láithreach, áfach (agus sin é an fáth go mbíonn drogall ar fhoilsitheoirí áirithe roimpi inniu) ná go mbíonn an baol ann go dtabharfaidh sí an iomarca beochta don insint agus go mothóidh an léitheoir, tar éis dó úrscéal 200 leathanach a léamh inti, go bhfuil sé tar éis 200 cupán espresso a shlogadh siar.

Agus an méid sin ar fad ar m’aigne, táim ag réiteach, le tamall de bhlianta anuas, do chomhrá casta a shamhlaím a bheidh orm a bheith agam le foilsitheoir lá éigin amach anseo agus ina mbeidh orm úsáid na haimsire láithrí i m’úrscéal a chosaint.

Aréir (a bhuíochas le seaneagrán de chuid The New Yorker Fiction Podcast, podchraoladh arb ionann é, dar liom, agus Máistreacht sa scríbhneoireacht chruthaitheach) tháinig mé ar argóint chríochnaitheach.

Tá deireadh oscailte ar an úrscéal atá idir lámha agam: fágaim faoin léitheoir é a thátal féin a bhaint as. Ach is féidir úrscéal a mbeadh deireadh oscailte aige a scríobh san aimsir chaite (go deimhin ba é sin a rinne mé san úrscéal deireanach agam, An Tearmann.) Nuair a scríobhann tú scéal san aimsir chaite, áfach, tuigtear don léitheoir go bhfuil an té a insíonn an scéal ag breathnú siar ar imeachtaí a tharla roimhe sin – agus, dá bharr sin, go raibh am ag an údarás inste sin a mhachnamh a dhéanamh faoi na himeachtaí céanna. Machnamh faoin gcaoi is fearr chun a leagan féin den fhírinne a chur ina luí ar an léitheoir lena chois.

Tá beirt fhear inste san úrscéal atá idir lámha agamsa agus tá a dhearcadh féin ar imeachtaí an scéil ag gach duine acu. Dá gcuirfinn ag caint san aimsir chaite iad, bheadh cuma an cháis chúirte ar an scéal gan mhoill: ‘fianaise’ á cur os comhair ‘breithimh’ (an léitheoir) ag an mbeirt phríomhcharachtar. Ach toisc go bhfuil an scéal á insint san aimsir láithreach acu, ní bhíonn an t-am ag ceachtar acu ‘cás’ a réiteach agus dá bharr sin ní bhíonn an chuma shuarach orthu gur ag iarraidh trua nó comhbhá an léitheora a mhealladh a bhíonn siad.

Scéal casta, agus barraíocht teoirice do mhaidin Dé Sathairn, seans. Seo an ceacht a bhain mé féin as: cinnte, ní mór do scríbhneoir a mhachnamh a dhéanamh i gceart faoi am na hinste sula dtéann sé i mbun pinn ar shaothar nua. Ach seans nach dtuigfidh sé féin cuid de na cúiseanna a bhí le pé cinneadh a thógfaidh sé go dtí i bhfad i ndiaidh dó an cinneadh céanna a thógáil. Níor chóir go gcuirfeadh sin ionadh orm, ar ndóigh. San fho-chomhfhios, agus ní san intinn loighciúil, a dhéantar cuid mhaith de na cinntí sa phróiseas scríbhneoireachta.

Fág freagra ar '‘Tá an t-úrscéal sin ar fheabhas, ach ba chóir é a athscríobh san aimsir chaite…’'

  • Brendan Keane

    Ba an t-údar ann a bhain feidhm as an aimsir láithreach nuair ag déanamh tuairisc chun rudaí ráite idir uaschamóga san claoninsint. Bheadh an aimsir láithreach san scéalaíocht ach teoiric mar gheall chuille rud atá ag rith reatha níos scupaí ná is féidir a bheiriú air, cé is móite nuair ag athathrís sliocht luaite. Is riamh-láithreach an aimsir chaite.